Rachaimid ag plé inniu le cuid de na bealaí ina bhforbraíonn bunfhocail le ciallanna breise a chruthú, agus leathnú a dhéanamh ar bhunbhrí focail do riachtanas na teanga, i dtimpeallachtaí nua sóisialta, a thagann chun cinn go rialta.
Shíl mé gurbh fhiú tús a chur leis an díospóireacht trí amharc ar an leathnú céille a tháinig ón fhocal ceap. Is é an bhunbhrí a bhí le ceap, bun nó bloc crainn a bhíonn fágtha i ndiaidh crann a ghearradh, nó a bhaint. Bíonn an bloc nó an áit a mbaintear an crann deas cothrom agus is minic gur in áit mar sin a ba ghnách garraí a dhéanamh. Ach cuireadh ainmneacha eile ar na garraithe beaga seo mar atá, ceapach, ceapán agus ceapóg. Tá siad le fáil go fairsing in áitainmneacha ar fud na tíre – Ceapach Choinn agus Ceapach mar shampla. Arís eile, is áit bheag chothrom a bhíos i gceist leis na garraithe seo, féadaim a rá i gcónaí. Is suimiúil gur cumadh an focal ceapaire níos deireanaí mar fhocal/théarma ar dhá phíosa aráin, nó a leithéid eile a chuirtear le chéile i dtithe itheacháin, nó in óstáin le riar ar chustaiméirí. Tabhair faoi deara an t-ainm áite Ard na gCeapairí i bparóiste Ghaoth Dobhair, a bhfuil a stair iontach féin ag baint leis. Ba ar an Ard seo a ghlacadh na daoine scíth fada ó shin, agus iad ag iompar na marbh go Tulacha Beigile, i bparóiste Chloich Chionnaola as Gaoth Dobhair agus as na Rosa.
Bhí ciall eile fosta leis an fhocal <i>ceap</i> mar atá rud éigin a dhéanamh nó a chruthú as adhmad nó as ábhar éigin eile.
Bhí nós nó gnás eile ann i measc na ndaoine a mbíodh caoirigh acu ag am bhreith na n-uan. In aice an chósta a bhíodh na caoirigh ar féarach, i bhfad ó na tithe cónaithe, agus is minic nach mbíodh ar chumas daoine aosta cuairt a thabhairt orthu san Earrach, nuair a bhíodh na huain ag teacht. Sa chás go dtabharfadh buachaill óg scéala chuig na seandaoine seo go raibh uan/uain ag caoirigh dá gcuid, is é an rud a déarfaí leis mar bhuíochas “tá do cheapaire tuillte anois agat”.
Tá úsáidí eile ag baint leis an fhocal ceap agus tá cuma air go mbaineann na ciallanna seo leis an bhunbhrí, bloc cothrom adhmaid, mar shampla ceap an dorais – píosa adhmaid a théann trasna ag bun dorais. Tugtar ceap fosta ar an bhloc mhór adhmaid a bhíonn mar shoc ar inneoin (‘base of an anvil’) a bhíonn in úsáid ag gabha sa cheárta. Soc na hinneonach ainm eile air.
RM Block
Ba mhór i gceist an frása ceap magaidh - ‘a laughing stock’ - sa Ghaeilge le fada an lá. Bhí nós ann, nach fada ó shin é go gcuirtí pionós ar an dóigh seo ar dhuine ar bith a mbíodh rud éigin déanta as bealach aige, agus ba chuma cén aois a bhíodh ag an duine sin. Chuirtí an duine bocht ina sheasamh ar bhloc mór adhmaid istigh i lár ciorcail, nó i lag íseal sa talamh, agus bhíodh cead ag gach duine eile a theacht ag amharc air nó uirthi agus amanna thar oíche, agus a bheith ag magadh faoi/fúithi. Is dóigh liom gurb é sin an bunús atá leis an leagan cainte seo.
Bhí ciall eile fosta leis an fhocal ceap mar atá rud éigin a dhéanamh nó a chruthú as adhmad nó as ábhar éigin eile. Seans gur as an úsáid seo a tháinig an chiall eile atá coitianta sa chaint in abairtí mar cad a cheapann tú? Tá síniú céille i gceist go cinnte ach tá sé inchreidte, dar liom. Smaoinigh fosta ar an fhocal ceapadóireacht a bhíonn i gceist i gcúrsaí oideachais. Bhí treoirleabhar ar leith ag Filí na mBard, a raibh An Leabhar Ceapadóireachta mar ainm air, áit a raibh cur síos mion ar na rialacha go léir ó thaobh gramadaí agus cumadóireachta de a bhíodh le foghlaim acu. Cuimhnigh air fosta go mbíodh an leabhrán seo in úsáid suas le 800 bliain ó shin. Is fada mar sin na hathruithe atá muid a phlé, ag déanamh a mbealaigh trí ghramadach na Gaeilge.
Tá úsáid ar leith den fhocal ceap le fáil i nGaeilge Uladh agus is é an chiall a bhaintear as ainmhí nó a leithéid a stopadh ó éalú nó ó imeacht agus go háirid iad a chasadh ar ais an bealach a dtáinig siad. Seo sampla: Ceap an bhó nó an chaora sin - ‘Stop that cow/Don’t let that sheep escape’. Tá macalla na húsáide seo le fáil i samplaí go leor eile sa Ghaeilge i gcoitinne - an uair a bhí ceaptha, ‘at the appointed time’; cheap an balla muid, ‘the wall barred our way’ agus ceap an liathróid, ’catch the ball’.
Ná dearmad an focal cipín - ‘a small stick’ - atá bunaithe ar an fhocal chéanna.
Agus ar ndóigh tá cipín solais - ‘a match stick’ - againn le fada. Bígí ar cipíní go gcluine sibh uaim arís!
FOCLÓIR
Ar cipíní = On tenterhooks
Cruthaigh = Create, to make
Féadaim a rá = I may say that
Forbair = Develop
Riachtanas = Necessity, need














