Ní hí an phóirseáil trí fhoclóirí an caitheamh aimsire is ansa le formhór an phobail, seachas foclóir an Duinnínigh gan amhras. Mar sin féin, in ainneoin na bhfoclóirí breátha cuimsitheacha atá curtha ar fáil dúinn, aithneofar nach gceapann siad an Ghaeilge ar fad mar a ritheann. Ach an oiread le teanga ar bith eile, níl aon teorainn leis an nGaeilge, agus dá mhéid di a ghabhtar laistigh de chlúdach leabhair beidh tuilleadh agus breis fós amuigh ansin a thabharfaidh na cosa leis. Tá bailiúcháin focal againn ó cheantair Ghaeltachta éagsúla mar léiriú ar sin, agus ina fhochair sin cnuasaigh de théarmaí dúchais mar gheall ar ábhair ar leith.
Ní neach mór farraige mé féin cé gur dheineas mo chion féin d’útamáil rámhaíochta ar lochanna thall is abhus, ach b’fhearr liom coincréit faoi mo chosa agus tarramhacadam faoi mo throithe. Ach ar nós duine ar bith eile, is breá liom a bheith ag siúl ar chiumhais na farraige féachaint an bhfuil na Francaigh lena loingeas gléasta ag teacht thar sáile fós. Sa choisíocht sin dom ní foláir míle rud a thabhairt faoi deara, míle rud nach bhfuil focail ar bith agam orthu seachas éan agus luibh agus feamainn.
Is maith liom an gréasaí (monkfish) a ithe, ach nuair a chonaic mé a chosúlacht anseo, arrachtach guaireach gránna a thiocfadh chugat i dtromluí suain, b’fhéidir nach mbacfainn leis feasta.
Sin é an fáth gurbh oscailt súl agus fairsingiú meabhrach dom an leabhar álainn Fá Bhruach an Chladaigh: Taisce Téarmaíochta Farraige/ A Treasury of Maritime Terminology le Cormac Mac Giolla Easpaig (Éabhlóid). Ní amháin gur stór focal, cora cainte, nathanna agus téarmaíochta dúchais ó chósta Dhún na nGall atá ann, ach tá léaráidí agus líníocht agus pictiúir d’éanlaith agus d’éisc go háirithe tríd ar fad, fara léarscáileanna agus ealaín eile. Ní maise ar an leabhar iad, ach dlúthchuid riachtanach. Is minic a d’airíos an chuach, ach tuigim anois cén chuma atá ar an mbligeard beag. Is maith liom an gréasaí (monkfish) a ithe, ach nuair a chonaic mé a chosúlacht anseo, arrachtach guaireach gránna a thiocfadh chugat i dtromluí suain, b’fhéidir nach mbacfainn leis feasta.

Is ón gcaint bheo a tarraingíodh na samplaí anseo ó iascairí agus lucht mara ó Inis Eoghain ó thuaidh go dtí Teileann siar ó dheas. Léiriú iad ar chruthaitheacht na gnáthchainte agus an dóigh ar féidir an chaint is simplí a lúbadh chun an uile ní dá chastacht a chur in iúl. Tá míniúcháin Bhéarla le gach focal nó téarma chomh maith, fara sleachta cainte i nGaeilge a léiríonn a n-úsáid agus a bhfeidhm.
RM Block
Chuige sin, an té a mbeadh ‘capsize’ aige sa Bhéarla, is é ‘ag dul béal faoi’ atá sna foclóirí oifigiúla (agus tá anseo, leis), ach tá ‘bád a chur anonn’ anseo go léirshimplí. Tá ‘buacacht’ agus ‘snámhacht’ ar ‘buoyancy’ san fhoclóir, ach ‘coinneáil suas’ atá ag Séamus Ó Fearraigh ó Inis Bó Finne, óir tugtar ainmneacha na bhfaisnéiseoirí dúinn le gach iontráil.
Is cuma nó nath againn anois an oiread sin d’fhocail atá againn ar bháisteach, ar fhearthainn, ar cheathán ach tá ceithre leathanach sa leabhar seo tugtha suas don ghaoth, ar eagla go rabhamar chun dearmad a dhéanamh uirthi. ‘Gaoth taoibhe,’ ‘gaoth istigh,’ ‘gaoth fhabhtach,’, ‘gaoth droim eangachaí’ ‘gaoth pholl tóna’, breis agus dhá scór díobh ar fad.
Mar a chéile leis an bhfeamainn. Dúirt léirmheastóir tráth gur scéal breá ba ea ‘An Taoille Tuile’ leis an gCadhnach ach amháin go raibh an iomad feamainne ann. Is é gnó an leabhair seo feamainn nó feamnach a leathadh go tiubh, rud a dhéantar fara scéilíní nó samplaí mar sholaoid ar an úsáid: “Ba ghnáth linn na boilg ar an fheamnach bholgadánach a chaitheamh sa tine ar a’ scoil, le léim a bhaint as an mháistreás a bhíodh droim le tine ag iarraidh a goradh a dhéanamh. Réabadh siad le trup millteanach agus bhaintí geit aisti.” Níor athraigh daltaí scoile riamh!
Tá focail éagsúla siar síos atá fíorshuimiúil iontu féin, cuid acu a bhainfeadh preab asat. B’éigean dom an abairt “Tá tarr ag an tsagart ar thóin an bhean aige féin” a léamh cúpla uair, gur tuigeadh dom gurb ionann ‘bean’ sa chás seo agus ‘bád’. Saghas toinne is ea ‘barróg’ ach b’fhearr nach ndéanfadh ceann díobh tú a mhúchadh. Is maith liom ‘buailteog’ mar gha gréine, agus ‘oíche réabghealaí’ ar oíche ghlan ghlé agus an ghealach ina suí. Braithim ‘gré’ mar ‘ooze’ an Bhéarla cruinn ceart. Agus cé a chum ‘mada gaoithe’ ar ‘part of a rainbow on the horizon seldom signifying good weather’, cé go bhfuil a leithéid chéanna ag Ó Dónaill agus ag Ó Duinnín, tuairim is. Beidh a fhios agam an chéad uair eile a chím é.
Tá fairsinge focal anseo ar féidir brí mheafarach a shíneadh astu. Is féidir gur tubaist a bheadh ann don duine a thitfeadh ‘idir long is lamairne’ go háirithe mura mbeadh snámh aige, ach is féidir leis ‘left in the air’ a chiallú chomh maith, agus is mó brí eile a thig leat fáisceadh as sin ar rud éigin éiginnte, nó nach mbeadh bailchríoch air, nó eile.
Tá an leabhar álainn seo breac le léaráidí teicniúla a léiríonn páirteanna éagsúla ruda nó éisc. Tá lánleathanach de bhád a bhfuil na téarmaí ceangailte leis – crann tosaigh, bun an tseoil, stiúir, cluas, clumhais, béalbhach, réabán agus tuilleadh. Gliomach lena ruball, mhéar, bhlaosc, ordóg agus ladhar mhór, péire díobh seachas an bhlaosc. Aon cheann déag de shuímh ag an mbád faoi threo na gaoithe. Céad is a fiche cineálacha éagsúla éisc a bhfuil ainmneacha fileata ar chuid acu – liamhán gréine, cnagairlín, dallóg chaoch, pítseach ribeach, scian fhaobhair ach b’fhéidir nach mbeadh siad chomh blasta lena n-ainm. Tá cairt de na héisc agus de na héin i dtreo dheireadh an leabhair, gach aon cheann acu tarraingte go pictiúrtha le healaín ghreanta. Léarscáil d’iarthuaisceart Dhún na nGall ar a bhfuil na logainmneacha farraige agus na goib tíre go lom soiléir.
Cé nach ionann iad ina gcur chuige, cuireann an saothar speisialta seo ceann leithleach eile i gcuimhne dúinn, Cladaí Chonamara le Séamus Mac an Iomaire, a foilsíodh ar tús sa bhliain 1938, ach ar chuir an Gúm athchló air suim bhlianta ar ais, ach tá as cló arís. Is iontach an stór eolais agus gaoise a bhí agus atá ag daoine a chaitheann a saol ar an bhfarraige, beatha eile ar fad a bhfuil caslóirí mo dhálta féin dall air. Oscail an leabhar seo, agus gheobhaidh tú boladh úr na farraige i do pholláirí. Níl le déanamh ach an t-aer a shú isteach.
Foclóir:
póirseáil = rummaging/browsing
útamáil = fumbling/messing about
ciumhais = edge/border
faisnéiseoirí = informants
feamainn = seaweed
lamairne = jetty/quay
polláirí = nostrils















