Rámhaíocht trí Ghaeilge le Craobh na Coille

Thall is Abhus: Rámhaíocht trí Ghaeilge; Comhrá Liteartha i gCroílár Chorca Dhuibhne; Uachtar reoite Uí Mhurchú agus Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach - CUSHLA

Rámhaíocht trí Ghaeilge le Craobh na Coille: Tá an Tionscadal Coillearnaí Gaelaí ar an chéad charthanas comhshaoil sa tír le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bhunú.
Rámhaíocht trí Ghaeilge le Craobh na Coille: Tá an Tionscadal Coillearnaí Gaelaí ar an chéad charthanas comhshaoil sa tír le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bhunú.

Comhpháirtíocht cheannródaíoch idir an Tionscadal Coillearnaí Gaelaí agus Conradh na Gaeilge is ea Craobh na Coille, a chuireann “spás cuimsitheach, éagsúil agus fáiltiúil” ar fáil do dhaoine teacht le chéile faoin aer agus ócáidí agus turais a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá an Tionscadal Coillearnaí Gaelaí ar an chéad charthanas comhshaoil sa tír le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bhunú.

Beidh Craobh na Coille ag eagrú sraith imeachtaí i rith an tsamhraidh leis an nasc idir daoine agus an fharraige i mBaile Átha Cliath a chothú. Tabharfaidh siad deis do dhaoine teacht le chéile, ceangal a dhéanamh leis an dúlra, Gaeilge a labhairt agus tacú leis an sprioc níos leithne atá ag an Tionscadal, is é sin “€320,000 a bhailiú chun talamh athdhúlraithe a cheannach ar an Chabhán ionas go bhféadfar an talamh sin a thabhairt ar ais don dúlra go buan”.

Tugann Craobh na Coille cuireadh do dhaoine den phobal bualadh leo i gCluain Tarbh ag 10am an 19 Iúil don dara himeacht den samhradh – eachtra speisialta ar na curacha le Cumann Curach Átha Cliath. Roinnfidh siad eolas faoi stair agus faoi oidhreacht shaibhir na gcurach sula mbaineann siad triail astu ar an uisce faoi stiúir shaineolach an chlub. Chomh maith leis sin, beidh deis ag daoine a scíth a ligean agus sult a bhaint as sólaistí lena chéile ina dhiaidh.

Coinnigh súil ar @craobhnacoille ar Instagram le tuilleadh eolais a fháil faoin imeacht seo. Beidh líon teoranta spásanna ar fáil.

Éilís Ní Dhuibhne
Éilís Ní Dhuibhne

Comhrá Liteartha i gcroílár Chorca Dhuibhne

Beidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, Éilís Ní Dhuibhne, ag tarraingt ar Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin an 16 Iúil le himeacht dátheangach a reáchtáil mar chuid d’Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne.

Beirt Chiarraíoch a bheidh ina cuideachta ar an oíche ó 7:30pm ar aghaidh lena saothair féin a phlé – is iad sin Noel O’Regan as Trá Lí agus Pádraig Ó Cíobháin as Baile an Fheirtéaraigh. Díreofar sa chomhrá dátheangach ar a gcuid scríbhneoireachta agus ar leabhair a foilsíodh le déanaí, an chéad úrscéal le O’Regan Though the Bodies Fall (2023), agus cnuasach gearrscéalta Uí Chíobháin De Chion Focal (2015). Cuirfear clabhsúr ar an oíche le ceol beo ón amhránaí áitiúil agus craoltóir mór le rá de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Sláine Ní Chathalláin.

Imeacht amháin de shraith imeachtaí is ea an t-imeacht seo i nDún Chaoin, mar chuid de chlár Éilís Ní Dhuibhne ‘Oileán Samhlaíochta: Camchuairt Liteartha na hÉireann’. Tá an Laureate ar camchuairt liteartha ó thús na bliana seo agus í ag iarraidh aird a tharraingt ar an litríocht atá ag teacht chun cinn in achan chontae in Éirinn.

Beidh deis ag daoine nach bhfuil in ann a bheith i láthair ar an oíche éisteacht siar leis an chraic ar fad ar chainéal YouTube na Comhairle Ealaíon.

Tá an ócáid seo á reáchtáil i gcomhpháirtíocht le Féile Liteartha Chorca Dhuibhne agus le hIonad an Bhlascaoid. Beidh sé saor in aisce ach ní mór d’áit a chur in áirithe roimh ré ar shuíomh gréasáin na Féile Liteartha. Fáilte roimh chách.

Déantar uachtar reoite Uí Mhurchú i nGaeltacht Chorca Dhuibhne
Déantar uachtar reoite Uí Mhurchú i nGaeltacht Chorca Dhuibhne

Uachtar reoite Uí Mhurchú i mbarr a réime

Anois agus séasúr na turasóireachta faoi lán seoil fud fad na tíre, is cinnte go mbeidh na sluaite ag bualadh isteach chuig siopaí gorma Uí Mhurchú le cuid den uachtar reoite is blasta sa tír a fháil.

Déantar uachtar reoite Uí Mhurchú i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus tá an Ghaeilge i gcroílár an bhranda i gcónaí. Ná déan dearmad ar do chúpla focal má bhíonn an deis agat dul chuig ceann dá siopaí an samhradh seo, mar is féidir le custaiméirí lascaine 10% a fháil má ordaíonn siad i nGaeilge.

Is breá liom féin an t-uachtar reoite a dhéanann siad le salann sáile. Faigheann siad an salann ón fharraige ag Trá na Binne Báine sa Daingean – níl a shárú le fáil i ndáiríre!

Tá siopaí ag Murphy’s Ice Cream sa Daingean, i gCill Airne, i gCorcaigh, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath.

CUSHLA: Comharghrúpa ceoil ar leith
CUSHLA: Comharghrúpa ceoil ar leith

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – CUSHLA

Comharghrúpa ceoil ar leith is ea CUSHLA a chruthaíonn meascán mearaí de cheol na hÉireann agus Barcelona. Is iad an t-amhránaí sean-nóis Nell Ní Chróinín, an léiritheoir Catalónach Marc Fernandez agus an cumadóir Leo Pearson atá taobh thiar den ghrúpa, a dhíríonn ar eilimintí traidisiúnta a thabhairt isteach sa cheol leictreonach.

Níl dabht ar bith go bhfuil siad ag dul ó neart go neart ó eisíodh a gcéad albam Tech Duinn anuraidh, mar is ar CUSHLA a bronnadh Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí do Nuatheachtaí na Bliana ag Gradaim NÓS 2026. Beidh siad le feiceáil ar an ardán os comhair na mílte duine ag an fhéile All Together Now ag deireadh na míosa fosta.

Tá CUSHLA ar Instagram @cushlamochroi agus is féidir éisteacht leo ar Spotify, Apple Music nó cibé áit a bhfaigheann tú do chuid ceoil ar líne.