Bhunaigh Emmanuel Macron gluaiseacht pholaitíochta nuálach in 2016, Renaissance (RE) - “ní ar dheis ná ar chlé”. Bhris sé le hainmniúcháin thraidisiúnta na bpáirtithe móra. Toghadh é ina uachtarán in 2017 agus ba chúis mhuiníne é ag daoine go raibh a chroí ar chlé agus a cheann ar dheis. Atoghadh é in 2022 ach is ar éigean go n-aithnítear RE a thuilleadh. In 2017 bhuaigh sé tromlach sa pharlaimint. In 2022 cailleadh sin agus 100 suíochán. Bhí drochthoradh ar na toghcháin Eorpacha in 2024, scor sé an rialtas agus cailleadh tuilleadh suíochán. Ó 2017 i leith bhí sé phríomh-aire agus naoi rialtas sa Fhrainc.
Tríocha iarrthóir atá fógartha do thoghchán 2027. Is í Marine Le Pen iarrthóir deimhnithe Le Rassemblement National (RN): páirtí ar an bhfíordheas, frith-inimirceach, rogha na coitiantachta. Roghnaíodh í in áit a hiar-ionadaí Jordan Bardella. Daoradh Le Pen as mí-úsáid chistí an Aontais Eorpaigh agus fuair sí pianbhreith neamh-incháilitheachta 45 mhí, 30 mí acu sin ar fionraí agus 15 mhí curtha isteach aici cheana féin. Ar a bharr sin téarma príosúnachta trí bliana, bliain faoi bhráisléad leictreonach a gheal sí nach ndéanfadh sí stocaireacht agus é á chaitheamh aici: tá an chuid sin den phianbhreith curtha ar fionraí chomh maith ó rinneadh achomhairc sa Chúirt Uachtarach, rud ar gheall sí nach ndéanfaí.
Is eol do Kylian Mbappé ‘na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ar mo thír dá dtiocfadh RN i gcumhacht’.
Tá sí i bpoll luiche dlí agus ag maíomh go bhfuil sí neamhchiontach. Ní fios cathain a thiocfaidh an bhreith dheiridh. Má thoghtar í roimh ré beidh díolúine uachtaránachta aici. Mhol sí Bardella do phost an Taoisigh, é ar bheagán taithí agus saineolais agus faoi imscrúdú as mí-úsáid chistí an Aontais chomh maith.
I measc na n-iarrthóirí eile tá Bruno Retailleau, Les Républicains (LR) iar-aire Gnóthaí Baile, ar dheis; Édouard Philippe, Horizons, an chéad phríomh-aire ag Macron, méara Le Havre, lárdheas; Gabriel Attal, RE, iar-phríomh-aire sa lár; Jean-Luc Mélenchon, La France Insoumise (LFI nó na ‘Reibiliúnaigh’), fíorchlé; Marine Tondelier, Na Glasaigh, ar chlé; Raphaël Glucksmann, Place Publique, Feisire Eorpach, ar chlé; Bernard Cazenave, aturnae, ar chlé, iar-bhall den PS, iar-phríomh-aire François Hollande agus roghnófar iarrthóir an Parti Socialiste (PS) san fhómhar. Tá Christine Lagarde, Banc na hEorpa, ar faire.
RM Block
D’fhéadfadh an eite dheas agus an eite chlé bac a chur ar RN atá chun tosaigh i gcónaí d’ainneoin na breithe ach ní hé an nós teacht le chéile. Muna mbíonn ach RN agus LFI sa dara babhta, caillfidh LFI. Tá vótóirí Macron scaipthe ach tá Attal ag brath orthu ar mhaithe le spreagadh idir an eite dheas agus an eite chlé. Tá Philippe dírithe ar an lár agus an eite dheas réasúnta. An chuid eile antoisceach; tá an PS gan stiúir, ainneoin flúirse iarrthóirí, mar Glucksmann nó an t-iar-uachtarán Hollande, ach ní dhéanfar rogha roimh mí Dheireadh Fómhair gan LFI ná na Glasaigh, ar dhiúltaigh an PS dóibh cheana féin. Mélenchon ag cur brú ar fhuílleach na heite clé le feachtas frithchiníoch féinchúiseach, ‘Nouvelle France’: is i Maracó a rugadh é féin.
Tá 40 faoin gcéad den chéadrogha ag RN, páirtí seineafóbach cé go bhfuil inimircigh ag imeascadh leis na cianta. Tá teorainn ag an Fhrainc le seacht dtír, rian shliocht a sleachta agus na bpobal coilínithe le brath in aghaidheanna agus sloinnte na ndaoine. Díríonn RN ar fhéiniúlacht (identité) daoine daite agus ceannas (souveraineté) na ‘bhfíor-Francach’. “On est chez nous!” (“Is linne an tír seo!”), is fearr leo pobal “stairiúil dúchasach”, fuil “Fhrancach” sna cuislí acu, cibé cé hiad féin. Tá sinsear inimirceach ag Francach as gach triúr, 22 mhilliún duine. Is dénáisiúnaigh Fhrancacha 9 faoin gcéad d’imreoirí uile Chorn an Domhain, curiarracht: rugadh anseo 23 as 26 den phainéal reatha.
Tá cuimhne ar ghliondar na mbuaiteoirí “black blanc beur” (“gorm geal gall”) in 1998 agus an bhratach thrídhathach “bleu blanc rouge” a d’iompair an fhoireann in 2018. “Is Francaigh 100 faoin gcéad na dénáisiúnaigh agus 100 faoin gcéad óna dtír eile,” dúirt Macron, ag dearbhú na déshaoránachta. Bhí RN chun iad a dhíbirt, pionós an bháis a thabhairt ar ais agus an AE a fhágáil, chomh maith leis an euro.
Is úinéir-scairshealbhóir gnóthaí cumarsáide é Vincent Bolloré, ilmhilliúnaí Caitliceach Briotánach, ón eite fhíordheas.
Ag an gcoimisiúin parlaiminte faoin chraoltóireacht phoiblí mhol údar na tuairisce, ar son Bolloré, go ngearrfaí siar ar stáisiúin phoiblí.
Coimhlint leasa, ach bhí sé rómhall. Ghlac sé smacht ar Grasset, foilsitheoir úrscéalta agus aistriúchán, dhiúltaigh an t-eagarthóir leabhar a fhoilsiú le cara Caitliceach poileimiciúil leis. Briseadh é as a phost agus shiúil 200 údar amach mar agóid, ina measc Sorj Chalandon údar dhá úrscéal faoi Denis Donaldson, Mon traître, 2008 agus Retour à Killybegs, 2011. Ina nuachtán féin, Le Journal du dimanche, dúirt Bolloré “drong beagintinneach sotalach” a bhí i lucht a cháinte.
Tá muintir na Fraince agus an dúlra spíonta le tonnta teasa tromchúiseacha agus leis an teip i gCorn an Domhain. Tá Le Pen (pobalach, míchuibhiúil) á hiompar ina mairtíreach, ach tá an teannas ag méadú le Bardella (liobrálach, diomúch) maidir le pinsin, cánachas, an tAontas Eorpach.
Ar an iomlán tá LR mearaithe; Attal teasaí; PS i ndrochriocht; Na Glasaigh lag; Mélenchon ina Thadhg an dá thaobh; Philippe stuama, faoi imscrúdú maidir le fabhraíocht; Glucksmann, neamhghnách, d’obair sé ar son na Seoirsia; Cazenave sa rása, neamhspléach ón PS. Lagarde ar a coimhéad.
Déantar gearán sa Fhrainc faoi údarás, ceartas agus easpa foirfeachta seachas díomá, diúltú nó dólás. An mbeidh tionchar ag an bpraiseach a bhain le cás Lyhanna, 11 bhliain, a fuadaíodh, a éigníodh agus a maraíodh le déanaí? An nglacfaí le huachtarán a bhfuil taifead coiriúil aici as cúbláil airgid phoiblí, nós atá á chleachtadh i gcónaí ag RN? An dtarlódh tobstailc mar a tharla i mai 68? Is eol do Kylian Mbappé “na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ar mo thír dá dtiocfadh RN i gcumhacht”. Tá aiféala ar mhuintir na Fraince faoi aisling chaillte na Bleus, ach tá an toghchán i lámha na vótóirí seachas an dlí ná imreoirí peile.
Níor ghéill de Gaulle do naimhde seachtracha, bhain sé amach a aisling, chosain an Fhrainc, “dínit an duine, riail an dlí, saoirse bhunúsach” (mar a scríobhadh in Témoignage Chrétien faoin scannán La Bataille de Gaulle).
Tháinig misneach, muinín agus dóchas chuige as “la France éternelle”: Clovis, Charlemagne, Jeanne d’Arc, La République. Foghlaimíonn páistí scoile ceacht an fhabhalscéil La Fontaine: “Rien ne sert de courir il faut partir à point” (“Ní fiú a bheith ag deifriú, is gá imeacht in am”). Atosóidh an tonn teasa pholaitiúil tar éis shos an tsamhraidh. Fairimis, beidh an Fhrainc ar cipíní go dtí earrach 2027.
D’fhoilsigh Coiscéim leabhar leis an údar i mbliana - Cín Lae Fhrancach 2: Scéalta Dóláis agus Dóchais, 2021–2022.
Foclóir:
seineafóbach - xenophobic
ag imeascadh - assimilating/integrating
déshaoránacht - dual citizenship
coimhlint leasa - conflict of interest
poileimiciúil - polemical
mairtíreach - martyr
fabhalscéal - fable


















