Cuireadh suim mhór i dtorthaí daonáirimh 1926 le déanaí agus conas mar a chomharthaigh sé athruithe móra na tíre (nó an stáit sa chás seo) le céad bliain anuas. Bhí líon na ndaoine fós ag titim mar a bhí ó aimsir an ghorta, ach cad leis a mbeifeá ag súil i dtír nach raibh bunús tionscail ann de cheal guail agus cruach, agus nár ceadaíodh fás ar iascach seachas a dtógfaí i gcuracha agus i naomhóga? Nuair a ghabhann an imirce faoin gcnámh is deacair a bhaint as go brách, nó ar a laghad laistigh de dhornán blianta.
Is mór idir na haimsirí, is léir, mar ba mhór idir sin agus céad bliain roimhe sin arís, gan trácht ar mar a bheidh céad bliain amach anseo. Aimsir an daonáirimh bhí níos lú ná trí mhilliún duine sa stát suas is anuas le tuairim is 5,548,222 go garbh anuraidh, ba ar an talamh a saothraíodh beatha na mórchoda, bunaíodh Fianna Fáil (páirtí atá linn fós, bíodh sin mar atá), léiríodh The Plough and the Stars in Amharclainn na Mainistreach nár thaitn le roinnt daoine agus níl sos dulta air ó shin, ba dhóbair do Violet Gibson bean as Baile Átha Cliath Mussolini a mharú sa Róimh rud a chuirfeadh stop leis na léinte gorm go grod, cuireadh tús leis an gcraoladh a ndéanfaí Raidió Éireann de ar ball, thug Corcaigh léasadh do Chill Chainnigh i gcluiche ceannais iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh, agus níos tábhachtaí ná rud ar bith eile, bunaíodh comhlacht uachtar reoite HB a chuir súlach le béal na gcéadta mílte ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin.
Ar éigean gurbh iad sin ba dhíol suime ag daoine a ghabh ag lorg a sinsir ar na foirmeacha snasta a cuireadh ar fáil dúinn. I mo chás féin de, ní raibh m’athair ná mo mháthair ar na taifid don bhliain 1911, ach bhíodar ina ndéagóirí óga ar an gceann seo. Bhí deirfiúracha ag mo mháthair ba shine ná í agus iad ina mbunóca in 1911, ach is iad atá imithe anois. An bád bán go Meiriceá, ach ní heol dom cén uair go díreach a d’imíodar. Deartháireacha lem athair ba shine ná é ina bprintísigh. Mo bheirt sheanmháithreacha ina mná tí. Mo bheirt sheanaithreacha díomhaoin, dífhostaithe, as obair. Leathacra talún ag muintir mo mháthar i gceantar Charraig Uí Leidhin i gcuan Chorcaí; bothán cúpla seomra ag muintir m’athar ar bhruacha na cathrach. B’in mar a bhí ag go leor.
Is féidir linn go leir ár méara a shíneadh amach agus teangmháil éigin a dhéanamh leo, dá laghad is go raibh aithne againn orthu, mar sheanmhuintir. Ach, faoi bhun gineaneolaí a fhostú agus na taifid a bheith ar fáil is deacair dul mórán níos sia siar ná sin. Ach is féidir linn, an chuid is mó againn, a bheith cinnte d’aon rud amháin. Is é sin nach bhfuil aon deoir den fhuil ríogúil ná den bhraon uasal ag baint linn. Is de na lábánaigh sinn, den táiraicme, den dream nach raibh riamh caisleán ná capall acu. Is é sin go mbainimid leis an aicme is mó de dhaoine a raibh riamh ann, na gnáthdhaoine, pé iad féin. Is é sin, pé dínit a bhaineann linn, má tá, is dínit dhuineata atá ann, seachas dínit airgid, aicme, ainme, fola, dúchais, sinsir, teaghlaigh.
RM Block
‘Cér díobh thú?’ a d’fhiafraítí, amhail is go raibh a fhios agat. Táimse deimhnitheach gur de scata bligeard mé féin, ropairí agus rifínigh a ghoid an meacan ó ghort an tiarna toisc go raibh ocras orthu, mná mírialta nach bhfaca an taobh dorcha de chlochar riamh, foghlaithe mara a sheol pé áit ar sheid an ghaoth…



















