Is deacair cur síos ar stíl Dubh Lee. Titeann a folt geal dearg thar sheaicéad seanré spóirt: chomh héitreach le rian rac. Duine lán codarsnachtaí í, agus is amhlaidh a ceol. Ainmníonn sí The Pogues, Lana del Rey agus Elliott Smith nuair a fhiafraím di maidir le foinsí inspioráide a dara EP, FUFO, ar a bhfuil réimse seánraí. Dar léi go mbaineann sé leis an gcaoi nach bhfuil cleachtas rialta scríbhneoireachta aici. Tagann codanna amhráin ina spadhair chuici, agus braitheann an seánra ar na mothúcháin ba mhian léi a chur in iúl.
“My Poor Boy… bhí mé ag éisteacht le Marvin Gaye, agus bhí mé i lár triantán grá - trína chéile - agus is cuimhin liom a rá ‘I wanna wail like Marvin Gaye!’” Scaití tugtar tús áite do scéal seachas seánra, mar a chloistear ar Sun Down Sad Clown: “ní raibh mé ag éisteacht le haon rud ar leith, bhí uaim cur síos ar aistear caidrimh. Is caidreamh Covid a bhí ann - caidreamh iontach - ach bhí tréimhsí uafásacha círéibeacha ann. Leanann an t-amhrán cruth an chaidrimh is dócha.” Briseann tonnta rac-cheoil i gcaitheamh an amhráin, a chríochnaíonn le míreanna cainte ón scannán Who’s Afraid of Virginia Woolfe? “Ní fhéadfainn a rá cén tionchar faoina raibh sé, ach dúirt duine éigin go raibh sé cosúil le Radiohead… rud atá ar fheabhas, mar gur focain breá liom Radiohead!”
Fiosraítear scéalta an tsaoil chomhaimseartha ar an EP, agus téamaí uilíocha a bhfuil tionchar acu orainn uilig, más maith nó olc sin. Coincheap an “chaidrimh Covid” go fiú, feiniméan ar mhaith linn dearmad a dhéanamh air is dócha, ach eispéireas eisceachtúil a bhí ag glúin áirithe. Is tábhachtach go bhfuil taifead ar a leithéid.

Tá greann ionraic sna liricí. Scaipeadh físeán an mhí seo dá lucht féachana ag Ruby Session sna tríthí ag chéad líne FUFO: “Why wait until your midlife? You can have a crisis now!” Is fada ó ghéarchéim anois í, áfach. Labhair muid beagán faoi shaoirse an lae inniu, agus an bhréag a insítear gur gá spriocanna a bhaint amach faoinár 30idí. “Nuair a chuimhním ar na healaíontóirí a thugann spreagadh dom, ar nós Leonard Cohen, níor thosaigh sé nó ní bhfuair sé aitheantas go dtí 30 ar aghaidh.”
RM Block
Ní thagann deiseanna gan bhrú áfach. Gealladh dúinn mar ghlúin, agus b’fhéidir mná go háirithe, go mbeadh an saol ar ár dtoil againn, gur féidir gach ról a chomhlíonadh, ach ag deireadh an lae, tá teorainn linn mar dhaoine. “Ó d’fhág mé an coláiste, bhí post lae agam agus ceol anuas air sin… ach is ar éigean go raibh mé ag codladh, bhí substaintí in úsáid le mé féin a choinneáil ag dul… faoi dheireadh na bliana seo caite, bhí gortú agam, b’éigean dom éirí as an gceol, as an obair. Bhí ag teip orm, an bhfuil a fhios agat?”
Nuair a eisíonn tú ceol, caithfidh tú an cluiche a imirt agus na focain r-phoist a dhéanamh. Bhí uaim <i>merch</i> a dhíol leis an EP ach táim sách frith-thomhaltach, éadaí dara láimhe 80% den stuif atá agam.
Ghlac sí cinneadh athruithe a dhéanamh. “D’fhág mé mo phost mí Lúnasa. Anois ar ndóigh go bhfuil níos mó ama agam don cheol, tá mo scileanna giotáir níos fearr, tá níos mó amhrán scríofa agam…. Is cinnte go bhfuil níos lú airgid agam, ach nílim ag caitheamh airgid ag iarraidh mé féin a dhéanamh sásta an t-am ar fad! Tá an t-ádh liom nach gá dom mé féin a íobairt mar sin a thuilleadh.”
Measaim gur léir nuair a leagann duine a gcos ar bhóthar a leasa agus go mbíonn sé soiléir go bhfuil a saol ag teacht lena mian. Is féidir sin a bhrath ó Dubh Lee, agus tagann gach gné dá branda agus ceol leis an rud ina gcreideann sí, fiú an merch a bheidh ar díol ar a camchuairt atá ar bun faoi láthair.

“Nuair a eisíonn tú ceol, caithfidh tú an cluiche a imirt agus na focain r-phoist a dhéanamh. Bhí uaim merch a dhíol leis an EP ach táim sách frith-thomhaltach, éadaí dara láimhe 80% den stuif atá agam. Mar sin chuaigh mé chuig siopaí carthanachta ag ceannach t-léinte bána, agus táim á bpriontáil sa mbaile. Ní a fhios agam conas priontáil cyanotype a dhéanamh fiú mar sin bhí an chéad chúpla ceann… níor bhreathnaigh siad rómhaith! Ach tá ag éirí liom anois. Beidh líon teoranta ann, ach tá sé níos inbhuanaithe agus níl sé.. fimíneach is dócha.”
Is deas freisin go n-admhaíonn sí go bhfuil a slí fós á haimsiú aici ar an mbóthar céanna, agus go bhfuil aistear foghlama roimpi leis. “Tá Dubh Lee fós á forbairt, is dócha.” Ach nach álainn go bhfuil an tsaoirse sin ann di, agus é tuillte aici.
Casfaidh Dubh Lee sa Cobblestone Déardaoin 28 Bealtaine le banna iomlán, ticéid ar fáil anois.
Foclóir:
Éitreach = ethereal, airy, otherworldly
codarsnachtaí = contrasts, contradictions
spadhair = sudden fit, impulse
círéibeach = tumultuous, riotous, turbulent
íobairt = sacrifice
inbhuanaithe = sustainable
fimíneach = hypocritical















