Croí na doircheachta

Is mór an easpa oideachais atá ar dhaoine i dtaca le tíortha na hAfraice, an Congó go háirithe

Ar éigean go mbeadh an Congó idir chamáin phléite in aon chor seachas go bhfuil an galar gránna tógálach Ebola tar éis a scaipthe ann. Grianghraf: Seros Muyisa/AFP/Getty Images
Ar éigean go mbeadh an Congó idir chamáin phléite in aon chor seachas go bhfuil an galar gránna tógálach Ebola tar éis a scaipthe ann. Grianghraf: Seros Muyisa/AFP/Getty Images

Bíonn áiteanna ann agus gan lua ar bith orthu ar feadh na mblianta fada, agus ansin gan choinne, bíonn siad i mbéala an tslua. Bhí cogadh fíochmhar barbartha ann ar thairseach na haoise seo agus isteach inti ina bhfuair tuairim is cúig mhilliún duine bás, ach is beag trácht a bhí air sa domhan compordach, gan amhras. Tugadh ‘cogadh domhanda na hAfraice’ air, óir bhí scata tíortha lánpháirteach ann, agus bhí sé ar cheann de na haighnis ba mharfaí ó 1945 i leith.

Is é fearann an Chongó atá i gceist agam, ar bheag í spéis mhuintir na hÉireann ann go dtí go ndeachaigh trúpaí na hÉireann ar dualgas síochána na Náisiún Aontaithe chuige den chéad uair sa bhliain 1960. Cor i stair an stáit ba ea é sin a rabhamar mórálach as go dtí gur tuigeadh dúinn a chontúirtí is a bhí nuair a maraíodh naonúr óglach dár gcuid ag luíochán Niemba an bhliain chéanna. B’é an náisiún Baluba a bhí ciontach sa sléacht sin, agus ar feadh i bhfad thugtaí ‘baluba’ mar ainm maslach do dhuine ar bith a bhí fiáin, garbh, gan trócaire, leithéid sladaire, creachadóir, ciapálaí nó clampróir ar bith nach raibh tú ag réiteach leis. Tháinig sé thar a bheith áiseach le linn comórtais spóirt: peileadóirí na Mí, mar shampla.

Bhí meatheolas, leis, ag daoine a raibh leabhair léite acu gur choinnigh Roger Casement agus Joseph Conrad le chéile ann, go raibh siad mór le cheile, gur thaistil siad cuid den tír le chéile agus go bhfuair an t-úrscéalaí cuid mhaith den fhaisnéis ar uafás barbartha na mBeilgeach ón duine seo againne, faisnéis ar bhain sé leas as ina leabhar cáiliúil Heart of Darkness.

Lasmuigh de sin, ar éigean go mbeadh an Congó idir chamáin phléite in aon chor seachas go bhfuil an galar gránna tógálach Ebola tar éis a scaipthe ann, gur maraíodh saoránach de chuid na háite Yves Sakila ar Shráid Anraí i mBaile Átha Cliath, agus gur luaigh iar-Thaoiseach nár cheart daoine “ón gCongó agus tíortha mar sin” a ligean isteach inár measc agus é i mbun vótaí a bhréagadh i bhfeachtas fotoghchánaíochta i lár na hardchathrach. B’fhéidir go raibh an focal ‘baluba’ féin ar bhéala Bhertie ach go raibh sé róbhéasach lena rá.

Is deacair a bheith caolchúiseach ar leac an dorais ach níor léir in aon chor cé acu den dá Chongó a bhí i gceist aige, mar sea, tá péire díobh ann! Ceann acu is ea Poblacht an Chongó, a bhfuil Brazzaville mar phríomhchathair aici, agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó lastoir di a bhfuil a rialtas in Kinshasa. Is mór atá eatarthu, agus is mór ar fad na difríochtaí atá laistigh iontu féin go dílis. Mar sin, sa chás is go mbeadh col ag duine le muintir na gCongónna, b’fhearr go mbeadh sé sásta cé acu na Sundi, Mboshi, Vili, Bembe, Ngala, Bonga, Doondo, Lunda nó Baluba féin, nó aon cheann eile den 200 éigin pobal éagsúil atá ann, a raibh an fhadhb aige leo.

Mar is í an daille atá ar go leor ná an ciseán ginearálta, go bhfuil siad go léir mar an gcéanna. Bhíodh nath a bhain leis na tíortha aineoil – “amuigh ansin tá dragain!” Tuigim go maith bunús na tuisceana sin, bhíodh coitianta ag muintir chathair Chorcaí maidir lena raibh laistiar de Mhaigh Chromtha, agus ag muintir Bhaile Átha Cliath i gcás baill ar bith lastuaidh de Bhaile Munna. Mar sin féin, tá sé beagán dian, ní áirím maol, nó go deimhin tiubh, agus ina theannta sin amaideach aon phróca mór de lumpenafricariat a chur le chéile, go háirithe nuair atá na háiseanna againn beagán den screamh mhíthuisceana a ardú.

Oideachas? Aon seans ar bith?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar