Tiocfaidh an Gá

Chneasófaí cneá leis an athaontú

An Taoiseach Micheál Martin agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Donald Trump, i mBaile Átha Cliath le gairid. Grianghraf: Anna Moneymaker/Getty Images
An Taoiseach Micheál Martin agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Donald Trump, i mBaile Átha Cliath le gairid. Grianghraf: Anna Moneymaker/Getty Images

Chuir Trumpa an Domhain an phraiseach ar fud na mias agus scaip cleití an ghandail ar fud an bhaill nuair a tharraing sé athaontú na hÉireann amach as a phóca cúil agus é anseo. Ba bheag duine ba mhíchompordaí ná Mícheál Martin óir is ábhar é a chuireann soir é de réir a ráite féin. Chuir an Trumpa dlús le plé nach foláir a bheith ann luath nó mall in ainneoin go bhfuil maithe agus mionuaisle ag iarraidh é a sheachaint.

Tá ceisteanna íogaire bunreachtúla agus deacrachtaí mionlaigh i measc pobail níos fairsinge á réiteach go rialta ar fud an domhain. Tugtar le fios gurb é doicheall an phobail Aontachtaigh sa chúinnín thoir thuaidh den tír an chonstaic is mó agus nach foláir cruth agus déanamh agus leagan amach an stáit a chur tóin thar ceann d’fhonn iad a shásamh.

Tá pobal na tíre ag fás as éadan. De réir meastacháin áirithe beidh ocht milliún sa tír i gceann fiche éigin bliain, agus nuair a deirim an tír, is í an tír atá i gceist, ní an stát. An t-aon phobal nach bhfuil ag méadú, is é an pobal Aontachtach é. Tuigim an baol a bheith ag iomrascáil le figiúir, ach luaitear go minic an milliún ‘Protastúnach’ úd nach foláir a thabhairt linn. Ní hann dóibh. Is lú ná trí cheathrú de mhilliún iad. Is fíor, ní Aontachtaigh iad go léir, agus is cinnte nach ‘Dílseoirí’ iad; agus ní ‘náisiúnach’ gach ‘Caitliceach’, tá ainchreidmhigh agus daoine de chreidimh eile, leis.

I ngach aon mheá caithfear dream thar a bheith tábhachtach eile a chur sa mheá, áfach.

Is iad sin na daoine gur cuma leo, iad siúd atá patuar, a ghabhann le treo na gaoithe. Tá seans maith go bhfuil siad seo níos líonmhaire ná na hAontachtaigh dhaingne dhiongbhálta. In aon phlé dáiríre, nuair a thiocfaidh an lá, ní bheidh sé deacair iad siúd a thabhairt i dtreo Éire athaontaithe, óir de réir gach tomhas faoin spéir bhraonach agus os a cionn, tá an saol sa ‘phoblacht’ níos rafaire, níos sábháilte, níos socra, níos saibhre, níos fearr as. Tar éis an tsaoil bhí na céadta míle d’Aontachtóirí agus de dhaoine patuara sa tír nuair a d’fháisc an Saorstát a shaoirse amach, agus ghlacadar go séimh sámh leis an toradh.

Is é atá á áiteamh agam ná gur mionlach de, b’fhéidir, 8 faoin gcéad, sa tír ar fad nach foláir a shásamh in aon athchóiriú bunreachtúil nua. Ní athraítear gach gné de dhúiche ar bith hólas bólas ar an mbonn sin. Naoi faoin gcéad de phobal na Bulgáire, Turcaigh is ea iad; tuairim is deich faoin gcéad den Rómáin is mionlaigh iad.

Ba cheart, gan amhras, gach meas a bheith ar an bpobal nua iarAontachtach. B’fhéidir fiú, peataíocht a dhéanamh orthu. Staidéar ar an Ultais a dhéanamh forleathan dá mbeadh sin uathu; lá saoire náisiúnta a dhéanamh den 12 Iúil; cead máirseála trasna na Bóinne seacht lá na seachtaine, agus ba chuma liom dá ligfí dóibh feisirí a chur go dtí Parlaimint na Breataine fós chomh maith le Dáil Éireann ar feadh tréimhse.

Fonóta é an eacnamaíocht. Ní ar bhonn eacnamaíochta a d’éiligh tír ar bith saoirse ná neamhspleáchas. Is ar bhonn dílseachta, cothroime, saoránachta agus dínite a lorgaítear. Ba bhoichtede sinn an tsaoirse ar feadh tamaill. Is saibhride go mór is go fada anois sinn. Beidh costas ag an athaontú ar feadh tamaill. Ach níl aon teorainn leis na maitheasaí a thiocfaidh ar ball maidir le síocháin, le suaimhneas, le saibhreas agus le slánú ár muintirne go léir. Thar aon rud eile, chneasófaí an chneá ba thinne, an éagóir mhór a déanadh ar an bpobal náisiúnach céad bliain ó shin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar