Níor airíos riamh tráchtairí ag gol go hoscailte ar bhás phearsan a raibh siad eolach air nó uirthi. Uaireanta, chloisfeá an tocht sa ghlór, an gheit a baineadh astu, an t-ionadh gur imigh duine gan choinne. Bhain cuid mhaith de sin nuair a bhásaigh Cormac Mac an Ailín, peileadóir óg Thír Eoghain sa bhliain 2004, tar éis dó bonn sinsir craoibhe Uile-Éireann a bhuachan an bhliain roimhe sin. Is ina chodladh a d’éag sé, seachtain tar éis dó imirt go buacach lena chontae. Chuaigh an bás sin go doimhin sa phobal spóirt níos leithne ná Cúige Uladh agus lucht leanta an Chumainn Lúthchleas Gael.
Bhí a fhios ag an saol mór go raibh ailse ghránna ar Chiara Mageean, ach fós féin, nuair a scaoileadh an scéal go raibh sí marbh baineadh craitheadh as an aos tráchtaireachta agus asainn go léir. Chualas triúr neach spóirt a bhfuil gach rud feicthe agus cloiste acu ag caoineadh go hoscailte ar an raidió nuair a bhí an scéal acu á roinnt. Ní tharlódh sin, murach go raibh a fhios acu go raibh duine faoi leith, duine as na milliúin ar ghéilleadh don phóg fhuar dheireanach. B’in í teist gach aon duine uirthi, go raibh tréithe pearsanta aici níos fairsinge ná a gníomhartha gaisce sa lúthchleasaíocht.
Nuair a bhíodh nathanna áirithe i réim sa Ghaeilge ba mhinic go mbíodh duine ar mhuin na muice, fág nár scrúdaíodh riamh cad ba bhrí leis sin, agus nach maith nár déanadh? Fairis sin, d’imíodh daoine ar ruthag reatha ‘ar nós na gaoithe’, agus b’in sular tháinig stoirmeacha Austen agus Boelo, gan trácht ar Zebedee, inár bhfoisceacht in aon chor.
Is de shuimiúlacht gur Nic Gaoithín an leagan Gaeilge dá sloinne, ionas gur féidir casadh nua a bhaint as an sean-nath anois is a rá gur rith duine ‘ar nós nic gaoithín.’ B’fhéidir go bhfuil ar cheann de na sloinnte sin a d’oir go feillbhinn don duine, ar nós George Best mar pheileadóir, nó Usain Bolt mar reathaí, Marina Steponova (cliathreathaí), agus creidim go raibh Anna Smashnova ag imirt leadóige. Caithfear a rá, leis, áfach, go raibh Rafael Scheidt ag imirt do Glasgow Celtic, agus bhí sé mar sin.
RM Block
Ba í a pearsantacht a thug ar gach duine gean a thabhairt di. Seachas an tufáilteacht teacht ar ais níos mó ná an cúpla uair tar éis gortuithe a chuirfeadh deireadh le réim dhuine ar bith eile agus an tslí ar labhair sí go hoscailte macánta mar gheall ar a tubaist sláinte le bliain go leith anuas, bhí rud éigin inti a thug le fios go raibh sí mórálach a bheith ag rith agus ag iomaíocht ar son na hÉireann.
Thug sí seo le fios go minic, agus gach seans dá bhfuair, in agallaimh éagsúla roimh agus tar éis agus idir comórtais. Smaoinítear, gur bhean í seo ó Chontae an Dúin a chuach an brat trídhathach timpeall uirthi le mórtas, brat na hÉireann ar mian le sliúdaráilithe áirithe nach seasódh sé ar son daoine sa chontae sin feasta. Ar nós go leor eile sa stáitín ó thuaidh bhí sí ag tabhairt le fios go raibh a dílseacht don tír seo (agus ní don ‘oileán’) níos tiomanta ná duine ar bith sna críocha ó dheas a bhfuil stair na hÉireann ligthe i ndíchuimhne acu.
Duine í, leis, de ghlúin lúthchleasaithe baineannacha arb ábhar gairdis dóibh féin, agus dúinn go léir iad. Bhíodar ann cheana, gan amhras, Sonia agus Derval agus Catherina, ach i láthair na huaire tá Rhasidat agus Kate agus Sarah agus Sharlene agus eile, ach is é an briseadh croí nach mbeidh caoi ag Ciara a bheith ina measc feasta ná fiú féachaint orthu leis an gcuid eile againn.


















