Dé Luain seo caite, bronnadh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar ghnólachtaí agus eagraíochtaí i nGaillimh a chuireann an Ghaeilge chun cinn ó lá go lá sa ghníomhaíocht acu. Ainmnithe in ómós do m’athair, tá an Gradam ceithre bliana is scór ar an bhfód faoi choimirce agus faoi chúram Gaillimh le Gaeilge atá mar chrann taca don Ghaeilge sa cheantar agus sa chathair, ag cur le feiceálacht na teanga i gcathair a bhfuil stádas dátheangach aici anois.
Tá an Gradam suite go cuí ar an idirmhír fhairsing i saol m’athar idir a shaol gnó, le Gaeltarra Éireann, Údarás na Gaeltachta, Comhluchas Tráchtála na Gaillimhe agus Aerphort na Gaillimhe, agus a shaol teanga, ina chlann féin, sna Teaghlaigh Ghaelacha, le Gaillimh le Gaeilge, leis an Aifreann Gaeilge, agus in athchóiriú Áras na nGael ar Shráid Doiminic sna 1980idí (ionad a bhfuil maoiniú breise faighte aige le déanaí).
Bhí gearrliosta de sheisear déag sa chomórtas i mbliana ó chúig rannóg éagsúla. Bhí an tUachtarán Connolly i láthair ag ócáid na bliana seo le tréaslú leo.
Bronnadh an príomh-Ghradam, Treibh Nua na Gaillimhe, ar Just Art It, siopa ealaíne ar Shráid Doiminic atá curtha ar bun agus á rith ag Elena Santos, Spáinneach mná. Anuraidh ba é Irish SockSciety a bhain an phríomhdhuais, comhlacht ar bhunaigh beirt bhan ón bPolainn atá lonnaithe i nGaillimh í.
RM Block
Is díol suntais é chuile bhliain an líon eachtrannach a chuireann isteach ar an nGradam agus an Ghaeilge feiceálach ina ngnó, rud a bhaineann an bonn ón droch-thuairim go bhfuil an teanga cúng nó nach n-imeascann inimircigh - is minic iad níos Gaelaí ná na Gaeil féin.
Tháinig bunú Gaillimh le Gaeilge, a ritheann an Gradam, as scrúdú taighde a coimisiúnaíodh in 1987 le hiniúchadh a dhéanamh ar thionchar na Gaeilge ar gheilleagar na Gaillimhe. Foilsíodh an staidéar dar teideal ‘Na Tionchair Shocheacnamaíocha Áitiúla a bhaineann le Gaeltacht na Gaillimhe’. Ba iad Micheál Ó Cinnéide agus Michael Keane, acadóirí sa Tíreolaíocht agus sa Gheilleagar faoi seach in ollscoil na Gaillimhe, a thug faoin obair.
D’áirigh an staidéar ‘gur saothraíodh thart ar £17 milliún (méid arb ionann é agus breis is €51 mhilliún sa lá atá inniu ann) d’ollioncaim i gceantar na Gaillimhe mar gheall ar an gcaiteachas breise Stáit a bhain leis an nGaeilge’.
Tá sin le feiceáil freisin i gcoincheap bunaidh an Ghradaim, go bhfuil an Ghaeilge tarraingteach, mealltach do chustaiméirí, go bhfuil buntáiste brandála ag baint léi.
Is cuimhin liom m’athair ag caint ar an obair ag an am. Tá roinnt gnéithe suimiúla ag baint leis.
Ar an gcéad dul síos, bhí sé suntasach go raibh cur chuige neamhspleách mar bhunús leis, le húdair shaineolacha. Bíonn muid báite go minic inniu in aois an idirlín le suirbhéanna amhrasacha nach de mhodheolaíocht shaineolach ná de bhunchúis neamhspleách iad. Nuair a bhí staidéar le déanamh an t-am sin, deineadh i gceart é.
Ba shoiléir leis go raibh - agus go bhfuil - buntáiste leis an nGaeilge. Go minic, maíodh gur ualach nó dualgas í an teanga ach aithnítear níos minice anois go bhfuil luach léi freisin. I staidéar ó Bane Mullarkey Teo a deineadh i gcomhpháirtíocht le comhlacht Jerome Casey in 2008, bliain is fiche i ndiaidh obair Uí Chinnéide agus Keane, áiríodh ‘gur fiú breis agus €136 mhilliún [nó breis is €173 mhilliún sa lá atá inniu ann] an Ghaeilge do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe gach bliain’.
Ní féidir tabhairt faoi chomparáid dhíreach idir an dá staidéar mar go raibh slata tomhais éagsúla á n-úsáid acu. Léiríonn staidéar na bliana 2008 tionchar níos leithne, mar shampla, ag an nGaeilge ar an gcaiteachas turasóireachta, Coláistí Samhraidh ina measc, chomh maith le teaghlaigh Ghaeltachta, fiontair theangabhunaithe agus an earnáil closamhairc Gaeilge. Bhí an teanga ina gné ‘uathúil tharraingteach d’íomhá na Gaillimhe’.
Tá sin le feiceáil freisin i gcoincheap bunaidh an Ghradaim, go bhfuil an Ghaeilge tarraingteach, mealltach do chustaiméirí, go bhfuil buntáiste brandála ag baint léi.
Ach an ghné is suimiúla de chur chuige an dá staidéar úd ná go raibh - agus go bhfuil - ar phobal na Gaeilge an cás a dhéanamh go bhfuil buntáiste socheacnamaíoch ag baint leis an dteanga. Bíonn sé deacair scaití cearta agus comhluadar teanga a chosaint agus a chaomhnú, rud a bhíonn cosantach, trodach uaireanta, agus bá agus grá don teanga a mhéadú. Ach dhein na staidéir iarracht an dá thrá seo a fhreastal.
Ní leor, is cosúil, “ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í” mar atá leagtha amach sa Bhunreacht. Is léir sin ó lagiarracht an Státchórais ó bunaíodh é.
Ní leor ach oiread meas bunúsach dóibh siúd arb í a dteanga dhúchais í agus ar suim leo an saol acu a chaitheamh as Gaeilge. Is léir sin ón malltriall ar sheirbhísí a chur ar fáil tré Ghaeilge, an síneadh fada fiú, an streachailt a bhaineann le bunú scolaíochta lán-Ghaeilge, agus ón easpa dul chun cinn go dtí seo ar theacht i dtír ar an riachtanas go mbeadh Gaeilge ag 20 faoin gcéad den státseirbhís faoi 2030.
Sin mar a bhí agus mar a bhíonn i gcónaí le cúrsaí cultúrtha, oideachais agus taighde, go gcaithfidís a bheith ‘úsáideach’, go gcaithfí fabhar fostaíochta a bheith leo le hinfheistíocht Stáit a mhealladh i gceart. Ní leor iad ar a son féin, is cosúil. Sin an ‘scipéad gréisceach’ a thuar dán WB Yeats agus ‘Éire Rómánsúil’ faoin bhfód i gcré na cille.
Níorbh aon iontas é gur tógadh faoin dá staidéar, in 1987 agus 2008, le linn cúlú eacnamaíoch agus ciorruithe ar chaiteachas an Rialtais. Ag deireadh na 1980idí, nuair a tugadh faoin chéad staidéar, thug The Economist ‘an tír shaibhir is boichte’ ar Éirinn, tréimhse dheacair díreach roimh theacht an Tíogair Cheiltigh. Agus tagraíonn staidéar 2008 go follasach don ghá cloí le hinfheistíocht sa teanga le linn theip na mbanc agus titim an gheilleagair a chuir deireadh leis an Tíogar Ceilteach céanna.
Ní fheadair, fiche bliain eile ar aghaidh arís, cad a bheadh roimh staidéar ar thionchar na Gaeilge sa lá atá inniu ann? An mbeadh an oiread sin tábhachta ag baint le cúrsaí eacnamaíochta nó an bhfuil glúin nua anois ann a bhaineann leas as an bhféiniúlacht? Is cosúil go bhfuil ón líon daoine óga atá páirteach anois sa Ghradam, an Ghaeilge mar dhúchas agus mar nádúr acu. An é sna dúichí deonacha, ar an gcearnóg phoiblí, saor ó scáil agus spleáchas an Státchórais, atá teacht ar thodhchaí an teanga? Is cosúil gurb ea.
Ar bhealach, sin ba bhunús le staidéar 1987 agus le bunú Gaillimh le Gaeilge, atá ar an bhfód ó shin i leith: gur fearr cur chuige ná clamhsán, gur féidir leis an nGaeilge lorg a fhágaint gan aon rud a lorg, agus go raibh agus go bhfuil sé de dhualgas ar phobal na Gaeilge féin an Ghaeilge a scaipeadh agus a spreagadh seachas í a choinneáil againn féin.
Bhí sé de thuairim ag m’athair i gcónaí go bhfuil dearcadh dearfach, moladh agus meas don iarracht, mar chuid thábhachtach le daoine a ghríosú len í a labhairt: sa Ghaeilge agus sa saol i gcoitinne, déarfadh sé, “déan do dhícheall” agus “treabh ar aghaidh mar a bheadh laoch”. Tá an spreagadh sin fada buan.
Nóta: Is féidir teacht ar ghearrliosta chomórtas na bliana seo sa leagan ar líne den alt seo.
Foclóir:
coimirce = patronage/auspices
crann taca = mainstay/pillar of support
feiceálacht = visibility/prominence
ollioncaim = gross income/gross revenue
modheolaíocht = methodology
slata tomhais = criteria/yardsticks
socheacnamaíoch = socioeconomic
malltriall = slow progress/delay
scipéad gréisceach = greasy till (tagairt do dhán Yeats September 1913)
a ghríosú = to incite/urge
Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2026 – An Gearrliosta
‘Taithí Mhiondíola’, urraithe ag Galway Bay FM
Just Art It
Kinvara Skincare
‘Turasóireacht’, urraithe ag Fáilte Ireland
Micil Distillery
Daróg Wine Bar
Galway Food Tours
‘Seirbhís Chustaiméara’, urraithe ag Computer Troubleshooters
Plámás
McSwiggan’s Steak + Seafood Restaurant
Soundtrack & Podcast
‘Digiteach’, urraithe ag Platform 94:
Thrive with Marian
DUINE
Irish Citylink
Smart Medical
The little Siopa
‘Pobal agus Cultúr’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe:
Club Seoltóireachta Húicéirí na Gaillimhe
CREW Digital
Tribes Press















