Bhí sioscadh agus cabaireacht mhór ar bun ar na meáin abhus le coicís anuas mar gheall ar an aighneas a d’fhás as na líomhaintí a cuireadh in aghaidh Jason Arday, ollamh in Ollscoil an Droichid Chaim i Sasana. Scéal truamhéalach agus tragóideach atá ann agus braithim go mbeidh go leor screamhanna eolais le baint fós ina thaobh. Ach is é a chuir iontas orm ná an tuiscint fhorleathan gurb ionaid léinn agus foghlama iad na hollscoileanna gan beann ar chlaonta polaitiúla, idé-eolaíochta, creidimh ná tuisceana.
Is é sin le rá an géilleadh saonta gur tearmainn oibiachtúla, neamhchlaonta, cothrom-le-cách a bhí iontu, seachas láithreacha cogaíochta lánchoimheascair idir tuairimí éagsúla agus a bhfuil buntáistí pearsanta agus eile le baint astu ach an oiread le foras daonna ar bith eile. Shíleamar ar fad nach raibh beatha lasmuigh den scoil nó den choláiste ag ár múinteoirí agus ag ár n-ollúna léinn nuair a bhíomar faoina smacht, ach is é nár thuigeamar go rabhadar chomh daonna mídhaonna, aoibhinn álainn gránna gruama is a bhíomar, nó a bheimis féin.
Isteach linn i mbolg na béiste mar sin! Ráinig gur dheineas féin an fhealsúnacht mar bhunchéim ollscoile agus gur réitigh sí go mór liom. Ba mhór agam an iomrascáil intinne seo i mbarra na scamall, óir ní raibh aon mhaith ionam ag plé leis an gclábar a bhí ar an talamh. Ghabhas ag snámh ar eití meitifisiceacha le Hegel níos airde ná Apollo 13 agus ghearras trí luifearnach agus foraoiseacha Heidegger níos casta ná Amasóin ar bith.
Bhí ollamh amháin againn, áfach, nár ghabh leis an saghas sin plobaireachta. Ní raibh riamh ach aon fhealsamh amháin ann arbh fhiú éisteacht leis. Ba é sin an Dochtúir Angelicus Naomh Tomás Acain féin.
RM Block
Bhí neamhbhalbh aimhleithscéalach ina thaobh. Ag teacht i ngar do na scrúduithe dúinn, scaoil sé an foláireamh go grodlom, “Mura leanann sibh teagasc Thomáis Acain, beidh de dhualgas ormsa teip a thabhairt daoibh. Mar is aige an ceart, agus an bhréag ag gach fealsamh eile”. Bhí sin ábhairín soiléir.
Gan amhras, fealsúnacht Chaitliceach na meánaoiseanna a bhí sna hollscoileanna náisiúnta le fada; ach ar an gcuma chéanna, bhí idéalachas ceomhar na spéartha lasnairde i gceannas sa Ghearmáin, agus posaitíbheachas loighciúil leamh an Bhéarla i Sasana, agus giob geab fiarshúileach an eiseachais ina Roi Soileil sa bhFrainc, ionas gur cuma nó craobh náisiúnta de chuid na litríochta gach fealsúnacht díobh. Oibiachtúlacht, cad í sin, arís?
Agus, sea, an stair! Fearann eile atá ag brath go hiomlán ar an bhfianaise agus ina bhfuil gach staraí ina sheasamh ar ardán os cionn na himeartha, nach ea? Nuair a bhí an réivisionachas in airde láin ar feadh tríocha éigin bliain ó 70idí na haoise seo caite ar aghaidh, an raibh seans ar bith ann go gceapfaí scoláire nár aontaigh leis an gceartchreideamh i ranna staire ollscoileanna na hÉireann? Don léitheoir óg nach dtuigeann cad ba réivisionachas ann, ba é ba bhrí leis gluaiseacht staire a mhaígh nár dhona ar fad é an gabháltas gall (ná an gorta, ná na Péindlíthe etc), agus go mba neamhghá agus mí-ionraic an tslí ar bhaineamar saoirse amach. Tháinig scaoth de staraithe chun cinn a thug le fios go hoscailte, nó níos minicí le briathra míne sleamhaine, go raibh tuiscint na hÉireann uirthi féin bunoscionn leis an bhfírinne eolaíochtúil neamhchlaonta neodrach a rabhadar féin ina máistir uirthi, mar a déarfá. Ba mhairg don staraí óg a raibh a mhalairt de thuairim aige.
Tá saol intleachtúil na hollscoile agus na n-acadamh chomh mór faoi réir ag faisin éagsúla na linne agus atá saol mór na sráide agus na meán. Ceist eile ar fad is ea cá dtosnaíonn na faisin sin, agus cé a bhíonn á stiúradh agus á dtiomáint?

















