Rinneadh iniúchadh agus ceiliúradh ar an lon dubh ag comhdháil a reáchtáil Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, Dé hAoine an 15 Bealtaine. Ba í an tOllamh Máire Ní Mhaonaigh ó Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a d’oscail an chomhdháil, a thug scoláirí ó réimsí éagsúla le chéile chun plé a dhéanamh ar an lon dubh sa litríocht, sa nádúr, sa cheol agus sa chultúr.
Tá an lon dubh ar cheann de na héin is coitianta in Éirinn, agus faightear é fud fad na tíre i rith na bliana. Mar a mhínigh Timothy McCarthy, éiceolaí comhairleach le Southern Scientific Services Ltd. a ghlac páirt sa chomhdháil, is é an t-ainm eolaíoch atá ar an gcineál loin a fhaightear in Éirinn ná ‘an lon dubh Eoráiseach’, nó Turdus merula, agus is ann do sheacht bhfospeiceas de.
Sa chaint a thug sé ar an lá, labhair McCarthy faoi na difríochtaí idir lonta fireanna agus lonta baineanna ó thaobh cuma, tréithe agus iompair de, feiniméan ar a dtugtar ‘démhorfacht ghnéasach’. Ceann de na difríochtaí is suntasaí ar ar tharraing sé aird ná gurb iad na lonta fireanna is mó a bhíonn ag canadh, agus mhínigh sé gur chun lonta baineanna a mhealladh a dhéanann siad amhlaidh formhór an ama.
Léirigh caint an Dr Mac Cárthaigh go n-úsáideadh filí na tréimhse seo an lon mar shiombail nó mar uirlis go minic chun pointí a dhéanamh faoi ábhair eile, ar nós údarás na dtiarnaí a bhí i réim.
Tá canadh na lonta tar éis tionchar mór a imirt ar cheol traidisiúnta na hÉireann le os cionn 200 bliain anuas, de réir fianaise a roinn Nicholas Carolan, Stiúrthóir Emeritus ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann, ina chaint siúd. Faightear an fonn traidisiúnta ‘The Blackbird’ sa leabhar Cooke’s Selection of Twenty One Favorite Original Irish Airs, a foilsíodh i mBaile Átha Cliath in 1795, agus is iomaí leagan den fhonn céanna a taifeadadh ó shin i leith.
RM Block
Léirigh Carolan an tábhacht a bhaineann leis an lon dubh sa rince, agus thaispeáin sé taifeadtaí don lucht éisteachta den seit ar a dtugtar ‘The Blackbird’. I measc na samplaí a luaigh sé d’amhráin Éireannacha a bhaineann leis an lon dubh, bhí ‘If I Were a Blackbird’ le Delia Murphy agus ‘The Blackbird of Avondale’, amhrán ina n-úsáidtear an lon dubh mar mheafar don pholaiteoir náisiúnach Charles Stewart Parnell.
Chruthaigh cainteanna eile a tugadh ag an gcomhdháil go bhfuil ról tábhachtach ag an lon dubh i litríocht na hÉireann. Labhair an Dr Emma Nic Cárthaigh ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh agus an Dr Christina Cleary ó Choláiste na Tríonóide faoi shaothair litríochta de chuid na Sean- agus na Meán-Ghaeilge ina bhfaightear tagairtí don lon dubh. Cé nach bhfuil na tagairtí seo iontach flúirseach, thaispeáin anailís na beirte gur fhág an lon a lorg ar litríocht mheánaoiseach na hÉireann gan aon agó, i ndánta mar Int én bec agus Ach, a luin is buide duit, i measc téacsanna eile.
Phléigh an Dr Eoin Mac Cárthaigh ó Choláiste na Tríonóide agus an Dr Síle Ní Mhurchú ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh téacsanna ó thréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche (c. 1200–1650) a bhaineann leis an lon dubh. Léirigh caint an Dr Mac Cárthaigh go n-úsáideadh filí na tréimhse seo an lon mar shiombail nó mar uirlis go minic chun pointí a dhéanamh faoi ábhair eile, ar nós údarás na dtiarnaí a bhí i réim. Rinne an Dr Ní Mhurchú anailís ar Binn sin, a luin Doire an Chairn, laoi Fiannaíochta a bhfuil ról lárnach ag an lon dubh inti agus a fhaightear i lámhscríbhinní éagsúla in Éirinn, i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.
An lon dubh i nualitríocht na Gaeilge a bhí mar ábhar cainte ag an Dr Pádraig de Paor ó Choláiste na Tríonóide. Phléigh sé an ceangal idir canadh na lonta agus coincheap an ghaisce san úrscéal Cuaifeach mo Londubh Buí le Séamas Mac Annaidh, ceann de na saothair Ghaeilge is cáiliúla ina luaitear an lon dubh. Rinne an Dr de Paor iniúchadh freisin ar dhánta de chuid Mháire Dinny Wren a phléann leis an lon dubh, agus mhaígh sé go bhfuil tábhacht lena leithéid de shaothar sa mhéid is go dtugann siad léargais dúinn ar an nádúr nach féidir leis an nádúr féin a bhronnadh orainn.
Rinne an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill ó Ollscoil na Gaillimhe plé ar chuid de na nósanna, na tuiscintí agus na creidimh a bhaineann leis an lon dubh i mbéaloideas na hÉireann. Tharraing sí aird ar an gceangal idir lon dubh geal agus bás teaghlaigh sa bhéaloideas, agus ar an gceangal a shamhlaítí idir an lon dubh agus cineálacha ar leith aimsire.
Cé gur le comhthéacs na hÉireann a bhain formhór na gcainteanna a tugadh ag an gcomhdháil, is ar litríocht luath na Breatnaise a dhírigh caint an Ollaimh Barry Lewis, Ollamh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Léirigh an tOllamh Lewis go bhfaightear tagairtí suntasacha don lon dubh i gcuid de mhórshaothair litríochta na Breatnaise – an téacs próis Culhwch ac Olwen agus dánta leis an bhfile cáiliúil Dafydd ap Gwilym ina measc.
Dar leis an Dr Eoin Mac Cárthaigh, Ceann Roinn na Gaeilge agus na dTeangacha Ceilteacha, Coláiste na Tríonóide, “léiríonn an tsuim mhór a chuir an lucht éisteachta i gcainteanna na comhdhála an luach a bhaineann le comhdhálacha ildisciplíneacha den saghas seo a dhíríonn solas an léinn ar théama ar leith. Cuireann an lon go mór le saol gach éinne againn agus ba dheas an ceiliúradh seo a dhéanamh air”.
Foclóir:
Iniúchadh = examination/investigation
fospeiceas = subspecies
démhorfacht ghnéasach = sexual dimorphism
fianaise = evidence
flúirseach = abundant/plentiful
laoi (Fiannaíochta) = lay/narrative poem (of the Fianna cycle)
coincheap an ghaisce = the concept of heroic deed/valour
a shamhlaítí = that used to be imagined















