Tharla rud éigin neamhchoitianta an tseachtain seo caite. Chonacthas an ghrian den chéad uair le tamall fada. Pé ní mar gheall ar na déithe eile, bhí Lugh á adhradh ar thrá, ar ghaineamh, ar ghairdín ar fud na tíre. Nochtadh craiceann nár shoilsigh ga gréine air le fada an lá, craiceann a bhí chomh mílítheach leis an gceo, chomh cailceach le taibhse, chomh fionn le folt spéirmhná, chomh bán le sciathán aingil, craiceann nár cheart cead a thabhairt dó teacht i láthair an phobail. Nuair a fheictear an ghrian, téitear le báiní.
Is é íoróin an chúrsa ná gur mian le daoine a bheith donnchraicneach, dorcha seachas a bheith ar dhath na heala ag siúl na slí. B’fhéidir gur iarracht fho-chomhfhiosach atá ann filleadh ar an dúchas daonna, óir b’é ba dhúchas dúinn uile mar chine a bheith donn, dorcha, nó dubh dóite féin.
Mar is eol do dhuine ar bith nach gcreideann go litriúil in Ádhamh agus Éabha nó gur de bhunadh uibhe turtair sinn uile, is amhlaidh gur thuismíomar in uaimh éigin in áit éigin in oirthear na hAfraice tar éis dúinn teacht anuas de bheith ag luascadh in airde na gcrann. Ina dhiaidh sin, ghluaiseamar amach soir ó thuaidh, go leor againn ag dul trasna ar Chaolas Hormuz go furasta de cheal loingis chogaidh a bheith ann dár mbagairt, agus ar feadh fud na hÁise. Chun na hAstráile ó dheas agus gan ann ach an cangarú mór le marú.
Gabhann na milliúin ó dheas go dtí na tíortha sin ina mbíonn an ghrian ag taitneamh de shíor ag lorg cnis dhoinn agus craicinn ar bith eile seachas a gcuid féin.
Ar chúis éigin nach dtuigtear tar éis dúinn na mílte bliain a chaitheamh ag crú na gréine thriallamar ó thuaidh go dtí na críocha fuara nach raibh iontu ach mamait agus faolchoin agus mathúin fhíochmhara agus dheineamar lonnú ansiúd, leis. Níos deacra fós le creidiúint, lá dá raibh scata de liairní díomhaoine ag máinneáil timpeall ar fhaiche ghob tíre in iarthuaisceart Hispania, chonaiceadar uathu oileán iathghlas fliuch ceomhar fearthainfháilteach agus shocraíodar dul ann mar mhalairt ar an áit bhreá theolaí ina raibh siad. Murach iad, bheadh Éire folamh seachas a bheith lán.
RM Block
Tá an chuma air gur ag tóraíocht na gréine ar ais atá muintir na gcríocha fuara ó shin. Gabhann na milliúin ó dheas go dtí na tíortha sin ina mbíonn an ghrian ag taitneamh de shíor ag lorg cnis dhoinn agus craicinn ar bith eile seachas a gcuid féin. Ag an am céanna tá muintireacha na gcneas dorcha ag iarraidh triall ó thuaidh go dtí na fearainn fhuara, ach níl na heitiltí chomh saor sin dóibh. Níor mhiste dá lán acu go mbeadh a seithe níos gile seachas mar atá ionas go mbeadh glacadh níos réchúisí leo. Nach lánait é, gile na gile ag iarraidh a bheith níos dorcha, agus doircheacht na doircheachta ar a mbionda le bheith níos gile?
B’fhéidir go bhfuil an réiteach ag teacht, áfach. Tá déithe na gréine ag dul i bhfeirge ar fud na cruinne toisc an oiread sin faillí a bheith déanta iontu le fada an lá. Tá Ra os cionn na hÉigipte lasnairde arís, tá brothall Nanahuatzin ag scalladh ar Mheicsiceo, Apollo níos fíochmhaire timpeall ar an Meánmhuir, agus go fiú tá Sól ag baint a cóta liath di i gCríoch Lochlann.
Má leantar le téamh seo an domhain ní bheidh éalú ar bith ó dhéithe na gréine. Níor thóg sé orainn ach na deicheanna de mhílte bliain ó bheith dorcha go bheith mílítheach bán bainniúil. B’fhéidir nach dtógfadh sé an oiread céanna de bhlianta go mbeimis go léir donn, dubh, gorm, crónghnéitheach, ciarbhuí ar ais arís. Sinn a bheith fillte ar ár mbunchló dúchais i gceart.
Agus cá bhfios? B’fhéidir go réiteodh sin cuid den chiníochas gránna amaideach a bhfuil daoine aineolacha faoi smacht is faoi dhraíocht aige.















