Pygmalion 26: casadh comhaimseartha Gaeilge ar scéal GB Shaw

Is i gCorcaigh ar an tseachtain seo chugainn a chuirfear tús leis an léiriú nua de chuid Aisling Ghéar

Eithne Carson
Eithne Carson

Is gearr anois go mbeidh leagan úrnua Gaeilge den dráma Pygmalion le George Bernard Shaw le feiceáil ar ardáin náisiúnta, agus €400,000 de mhaoiniú faighte ag an chomhlacht amharclannaíochta Aisling Ghéar chun casadh an lae inniu a chur ar an scéal.

Ba é an gníomhaí teanga Feirsteach agus scríbhneoir aitheanta Gearóid Ó Cairealláin a smaoinigh ar leagan Gaeilge den dráma clúiteach a chur os comhair lucht féachana. Ar an drochuair, cailleadh Gearóid sa bhliain 2024, ach is í Bríd Ní Ghallchóir, stiúrthóir ealaíne Aisling Ghéar agus bean chéile Ghearóid, a chuirfidh craiceann ar an bhunsmaoineamh agus a bheidh mar léiritheoir an dráma ar an chamchuairt náisiúnta.

Deir Nuala Ní Néill, stiúrthóir Pygmalion 26 agus bean atá ag obair agus ag aisteoireacht le hAisling Ghéar le beagnach 25 bliana, go bhfuil sí ag “dúil go mór” leis an dráma seo a chur ar an bhóthar.

Bhí an smaoineamh seo ag Gearóid níos mó ná fiche bliain ó shin. Duine iontach tiomanta a bhí ann ar ndóigh agus bhí a chroí go hiomlán sáite sna healaíona.

“Bhí an smaoineamh seo ag Gearóid níos mó ná fiche bliain ó shin. Duine iontach tiomanta a bhí ann ar ndóigh agus bhí a chroí go hiomlán sáite sna healaíona. Thagadh an smaoineamh seo aníos achan chúpla bliain, ach nuair a d’éirigh linn an maoiniú suntasach sin a fháil ón Chomhairle Ealaíon anuraidh, bhí muid ábalta amharc ar an phlean i gceart,” arsa Nuala.

“An smaoineamh a bhí ag Gearóid é féin ná go mbeadh tuismitheoir ag foghlaim na Gaeilge sa phríomhról, Eilís, ach smaoinigh muid ansin nach mbeadh sin chomh hábhartha céanna don lá atá inniu ann. Mar sin de d’athraigh muid an bunsmaoineamh le go mbeadh duine óg a tháinig tríd an chóras Gaelscolaíochta anseo i mBéal Feirste mar Eilís.”

Cathair cheannródaíoch in athbheochan na Gaeilge is ea Béal Feirste agus is sa chathair sin a chaith Gearóid an chuid is mó dá shaol ag obair agus ag troid ar son na teanga. Ba dheacair smaoineamh ar shuíomh níos fóirsteanaí do Pygmalion 26, ach mar a deir Nuala í féin, is cinnte go raibh athruithe áirithe le déanamh ar script a scríobhadh níos mó ná céad bliain ó shin.

Cleachtadh
Cleachtadh

“Nuair atá tú ag iarraidh ábhar tábhachtach a phlé os comhair lucht féachana comhaimseartha, caithfidh tú a bheith ag éisteacht leis an chomhrá atá ag dul ar aghaidh thart ort. Tá rud ar leith ag tarlú anseo i mBéal Feirste. Tá an Ghaelscoil is mó sa tír againn anseo agus tá beagnach míle páiste ag fáil oideachas dara leibhéal trí mheán na Gaeilge i gColáiste Feirste.

“Thosaigh mé féin amach mar aisteoir beagnach tríocha bliain ó shin agus is cinnte nach raibh mórán aisteoirí a raibh Gaeilge acu ag an am sin. Nuair a chuaigh Aisling Ghéar timpeall na tíre do na héisteachtaí d’Eilís, stop muid i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath, Gaillimh agus Corcaigh. Bhuail muid le 68 mbean óga a raibh bua an cheoil, Gaeilge líofa, agus aisteoireacht den scoth acu. Ní raibh sé sin ann 20 bliain ó shin. Is léir go bhfuil fás ollmhór ag tarlú.”

Is ag na héisteachtaí sin i mí Iúil a bhuail foireann Aisling Ghéar le hEithne Carson, bean óg as Baile Átha Cliath a bhfuil dúil mhillteanach aici sa cheol agus san aisteoireacht. D’éirigh le hEithne an phríomhpháirt mar Eilís a fháil.

“Is í an Ghaeilge mo chéad teanga agus labhair muid Gaeilge sa bhaile. Tá sé go hiontach anois deis a bheith agam rud éigin mar seo a dhéanamh as Gaeilge agus an grá atá agam don teanga a choinneáil beo i ndiaidh na scoile,” a mhínigh Eithne.

“Sílim go bhfuil Eilís an-chosúil liomsa mar charachtar. Tá sé an-éasca tuiscint a bheith agam ar an scéal mar sin. Is ceoltóir agus Gaeilgeoir í agus foghlaimíonn sí a cuid Gaeilge óna seanathair. Sílim go bhfuil sé go deas páirt a bheith agat atá cosúil leatsa mar go ndéanann sé an scéal níos pearsanta agus bíonn tú in ann tú féin a aithint sa duine.”

Ar ndóigh, cé go bhfuil an Ghaeilge faoi bhláth cois Lagáin, tá easaontas ar dhá thaobh na deighilte sna Sé Chontae go fóill agus conspóid atá go mór i mbéal an phobail ag leanúint ar aghaidh i bPort an Dúnáin. Tá teachtaireacht láidir le cur in iúl ag Aisling Ghéar agus scéal greannmhar sultmhar le cur i láthair ag an am céanna.

Cleachtadh
Cleachtadh

“Tá muid ag baint úsáid as an chreatlach a scríobh Shaw in 1912. Bhain sé sin le haicme agus leis an dearcadh a bhí ag daoine faoin airgead agus faoi na daoine áirithe a raibh cumhacht acu sa tsochaí. Sa dráma s’againne, ní hionann aicme agus cumas teanga. Tá an Ghaeltacht, áit a bhfuil Gaeilge bhinn i measc an phobail, suite faoin tuath agus is minic nach gcuirtear maoiniú ná tacaíochtaí cearta ar fáil do na ceantair sin i gcomparáid leis na cathracha móra. Bhí muid ábalta íoróin a úsáid sa script leis sin a chur in iúl,” arsa Nuala.

“Tá líne sa dráma a phléann an uair a cuireadh an teanga faoi chois – is rud polaitiúil a rinneadh orainn, agus mar sin caithfidh go bhfuil an athbheochan polaitiúil fosta. Tá tú ag seasamh suas in éadan an choilínithe agus ag iarraidh teanga a baineadh uainn a thabhairt ar ais ar comhchéim leis an Bhéarla. Is rud polaitiúil é sin gan dabht agus mar sin is deacair é a bhaint ón dráma.

“Ag an am céanna, sílim go bhfuil bealaí áirithe againn le bheith ag déileáil leis. D’fhás mise aníos le linn na dtrioblóidí anseo sna Sé Chontae agus cé go raibh rudaí uafásacha ag tarlú, bhí muid ábalta greann dubh a úsáid. Sin an dóigh a gcoinníonn daoine an misneach go fóill. Thuig muid go mbeadh orainn greann a úsáid sa script leis na carachtair uilig a choinneáil réalaíoch.”

Is léir go bhfuil ceisteanna móra féiniúlachta agus polaitíochta fite fuaite leis an Ghaeilge ach ní hionann é sin agus a rá gur le dream ar leith í. Má tá an teanga le fás agus le forbairt ó thuaidh sa lá atá inniu ann, caithfear fáilte a chur roimh gach duine ar mhaith leo í a labhairt agus a fhoghlaim.

Eithne Carson
Eithne Carson

“Is le hachan uile dhuine againn an Ghaeilge. Baineann sé le féiniúlacht s’agat agus cuireann sé go mór le d’fhéiniúlacht féin nuair a bhíonn tú ábalta tú féin a chur in aithne i dteanga eile. Is le hachan duine ar mhaith leo í a fhoghlaim í.

“Tá rud ar leith ag tarlú in Oirthear Bhéal Feirste faoi stiúir Linda Ervine. Protastúnaigh, dílseoirí agus Aontachtaithe is ea tromlach an phobail sa cheantar sin ach deir Linda í féin gur linne uilig an teanga. Tá an teanga ag athrú chomh gasta agus atá an tsochaí ag athrú.”

Níl ach sé lá fágtha anois go mbeidh foireann Aisling Ghéar ag bualadh an bhóthair go Corcaigh le Pygmalion a chur ar ardán an Everyman. Deir Nuala go bhfuil sé “galánta” go bhfuil an fhís a bhí ag Gearóid Ó Cairealláin fiche bliain ó shin á fíorú anois.

“Tá mé cinnte go mbeadh sé linn dá mbeadh sé anseo go fóill, le hata s’aige air, bualadh bos mór dúinn agus pionta ina lámh ag deireadh na hoíche. Bheadh an méid sin bróid air as an fhoireann iontach seo atá againn.”

Agus Eithne ag ullmhú dá céad dráma le hAisling Ghéar, deir sí go bhfuil sí “ar bís” tús a chur leis an chamchuairt.

“Cabhraíonn sé linn beocht a chur sa dráma nuair a bhíonn muid ar fad ar bís, agus tá muid ag súil go mór le bheith os comhair an lucht féachana. Sílim go bhfuil go leor rudaí sa dráma a chuirfidh daoine ag smaoineamh agus ag comhrá ina dhiaidh freisin.”

Cuirfear tús le camchuairt Pygmalion 26 san Everyman i gCorcaigh an Luan beag seo, an 19 Deireadh Fómhair 2026. Rachaidh an chliar ar aghaidh ansin go Gaillimh, An Muileann gCearr, Port Láirge, Béal Feirste, Gaoth Dobhair agus Baile Átha Cliath. Tá ticéid ar fáil anois.

Foclóir

leagan = version

úrnua = brand new

tiomanta = driven

greann dubh = black humour

dílseoirí = loyalists

beocht = life, liveliness