Seo an dara halt de thrí cinn inar gheall mé go scríobhfainn faoi na bealaí a bhíonn ag cainteoirí teanga cur síos cruinn a dhéanamh ar gach uile rud dá bhfeiceann siad. Is í an cheist atá le réiteach: an gcuireann cruth na teanga féin bac ar chainteoirí rudaí áirithe a idirdhealú ó chéile go soiléir, nó an san intinn nó sa tsamhlaíocht a dhéantar an bun-idirdhealú agus go lúbtar an teanga ansin leis an choincheap a léiriú? Is ábhar díospóireachta an cheist seo le fada agus bhí sí ina cnámh spairne ag teangeolaithe tamall maith blianta ó shin. Tugtar ‘The Sapir-Whorf Hypothesis’ go coitianta air mar gurb iad an dá údar sin a thug chun solais é an chead lá agus lean an díospóireacht seo sa litríocht ó shin - rachaidh muid isteach níos doimhne sa scéal sa chéad alt eile.
Ó tharla mórán dár léitheoirí a bheith dátheangach, féadfaidh siad féin comparáid a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an Béarla sna samplaí a chuirfidh mé ós a gcomhair anois. Agus sibhse a bhfuil bhfuil teangacha eile agaibh, féadfaidh sibh tuilleadh comparáide a dhéanamh, más fiú libh é.
Amharcaimis anois mar sin ar chuid de na tréithe atá sa Ghaeilge a idirdhealaíonn í ó nósanna an Bhéarla, go bhfeice muid cén chiall a thig linn a bhaint astu, nó an bhfuil rud éigin sa timpeallacht anseo in Éirinn a chruthaigh iad, nó an dearcadh ar leith smaointeoireachta a chothaigh iad?
Tá an focal <i>ioscaid</i> i nGaeilge, ach níl aon fhocal amháin i mBéarla ag freagairt dó.
Tógaimis an t-idirdhealú a dhéanann an Ghaeilge idir péirí de gach cineál, nuair a bhíonn siad ag iarraidh tagairt a dhéanamh do cheann amháin de phéire, mar seo: leathshúil ‘one eye’, leathchúpla ‘one of twins, a twin’, leathbhróg ‘one shoe’, leathghlúin ‘one knee’ e.g. gabh síos ar do leathghlúin ‘get down on one knee’.
RM Block
Ní idirdhealú é seo a fhaightear i mórán teangacha, ach is ann dó mar sin féin. Cruthaíonn an méid sin, b’fhéidir, gur rud é a bhaineann le dúchas teanga nó teangacha, ainneoin go mbeadh tuairimí eile faoin méid sin. Tá an nós le fáil san Ungáiris agus san Eabhrais agus i dteangacha eile is dóiche.
Is í an cheist anois, cad chuige nach bhfuil an úsáid seo forleathan, nó cad a thug ar na hÉireannaigh an nós cainte seo a chruthú? An úsáid chliste teanga agus samhlaíochta é seo, nó rud éigin a bhfuil míniú eile air? Déanaigí machnamh ar an méid sin roimh an chéad alt eile.
Áit eile a bhfuil contrárthacht le fáil ann, na bealaí ina ndéantar cur síos ar bhaill an choirp i nGaeilge agus i mBéarla, abair. Cad go díreach ‘a chiallaíonn cos i nGaeilge – ceann na coise go díreach, nó an chos suas go dtí an ghlúin? Má deir duine Bhris mé mo chos, cad é go díreach a bhíonn gceist - ‘foot’ nó ‘leg’ an Bhéarla? Seo an áit a bhfuil na coincheapa sa dá theanga difriúil óna chéile, agus caithfidh cainteoirí aird a thabhairt ar na difríochtaí céanna. Bíonn seo ina ábhar buartha ag foclóirithe chomh maith céanna.
Is dóiche gurb é an bealach is fearr leis na hidirdhealuithe seo a thuiscint i gceart, scrúdú a dhéanamh ar na húsáidí a bhaintear as na focail a bhíonn i gceist i gcomhthéacsanna eile. Seo a leanas samplaí ábhartha den méid atá i gceist agam. Leathlámh ‘one hand/arm’. Leathchogar ’a loud whisper’. Cé go gciallaíonn cos ‘a leg’, tabhair faoi deara go ndeirtear a leithéid seo: Ní rachaidh ná mo chos / áit do choise / cuirfidh siad cosa faoin scéal / chuir siad cos i bpoll leis / cos scine.
Tá an focal ioscaid i nGaeilge, ach níl aon fhocal amháin i mBéarla ag freagairt dó. Is fada an focal troigh sa Ghaeilge – ciallaíonn sé ‘bonn na coise’. Seo an focal a úsáidtear sa Nua-Ghaeilge inniu le tomhas a dhéanamh – troigh ar fhad, ‘a foot long.’
Bíonn na focail seo le fáil in áitainmneacha chomh maith: Port Láirge, ón fhocal Láirg ‘a thigh’; Pluck ón fhocal Pluc ‘a rounded cheek’; Éadan Doire, Edenderry ón fhocal ‘forehead’, agus go leor leor eile.
Áit eile a bhfuil difríocht shuntasach le feiceáil idir an Ghaeilge agus an Béarla, an úsáid a bhaintear as treoracha sa dá theanga. Ach cheal ama agus spáis, fágfaimid sin go dtí an chéad alt eile.
Nóta don léitheoir: Má tá ceist ar bith agat ba mhaith leat a chur ar Dhónall i dtaobh focal, nathanna, logainmneacha nó sanasaíocht na Gaeilge, seol teachtaireacht chugainn ag sceal@irishtimes.com.
Foclóir
áit do choise a fháil = to gain a foothold
Bun-idirdhealú = Basic distinction
Cnámh spairne = Bone of contention
Cothaigh = Cultivate.
cuir cosa faoi scéal = to lend wings to a story
cuir cos i bpoll le = to do away with
cos scine = knife handle
Eabhrais = Hebrew
ioscaid = hollow behind the knee.
ní rachaidh ná mo chos = ‘not a foot’, ‘I won’t bother’















