Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
Thit mé i ngrá le ceol an bhanna Capercaillie mar dhéagóir. Bhí mé ag taisteal i gcarr ar bhóithre casta Thír Chonaill le mo chairde nuair a chuala mé an t-amhrán, Fear a’ Bháta, den chéad uair, agus cuireadh iomlán faoi gheasa mé ag guth Karen Matheson. Cuireann an ceol sin drithlíní tríom go dtí an lá atá inniu ann.
Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lag trá cruthaitheachta a shárú?
Cuardaím éagsúlacht seachas gnáthamh. Athraím rudaí thart go minic. Oibrím le peann agus páipéar má éirím bréan den ríomhaire. Téim amach sa ghairdín, suím i gcaifé nó bím ag obair sa leabharlann. Agus mura n-oibríonn sin, téim ag rith.
RM Block
Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?
Tá mé fíorbhródúil as na cláracha teilifíse, Rita, a rinne muid do Cúla4. Ghlac muid an chéad sé leabhar den tsraith pictiúrleabhar agus rinne muid beocháin astu. Ní hamháin sin, ach bhí mise mar láithreoir ar an tsraith – rud a bhí fíordhúshlánach dom. Ach go minic is iad na rudaí is deacra a dhéanaimid a thugann an chúis is mó bróid dúinn.
Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?
Tá an t-ádh orm go mbíonn deiseanna agam castáil ar ealaíontóirí iontacha go minic – scríbhneoirí, ceoltóirí, filí agus fís-ealaíontóirí a bhfuil mé mar fan-girl ceart acu. Cuireann sé idir iontas agus áthas orm arís agus arís eile nuair a admhaíonn siad liom go mbíonn siad féin mímhuiníneach faoina gcuid saothar, go mbíonn siad imníoch nach bhfuil siad maith go leor agus go dteipeann ar an spreagadh go minic. Is deas an rud domsa a chloisteáil go mbíonn na mothúcháin sin acusan fosta – nach bhfuil mé liom féin – agus b’fhéidir go bhfuil an t-amhras ina chuid nádúrtha den phróiseas cruthaitheach. Cuimhním air sin nuair a bhím in ísle brí agus mé i lár tionscnaimh.
Agus mé i mo pháiste beag, bhí amhrán ag mo mhamaí do gach ócáid; amhrán don ghlanadh, amhrán don fhearthainn, amhrán don siúl…
Cad é an chomhairle is measa a fuair tú riamh?
Dúirt go leor daoine liom gur chóir dom díriú ar sheánra nó ar stíl scríbhneoireachta amháin. “Roghnaigh na pictiúrleabhair” a dúirt siad, nó “scríobh do dhéagóirí amháin”. Dá n-éistfinn leo, bheadh mo shaol oibre níos boichte, gan amhras ar bith. Ní bheadh seó anime scríofa agam don teilifís, Lí Ban; ní bheadh seó damhsaíochta déanta agam le mo leabhar, An Féileacán agus an Rí; ní bheadh úrscéalta véarsaíochta, gearrscéalta, dánta agus gearrscannáin filíochta déanta agam. In amanna is fearr éisteacht le do chomhairle féin.
Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?
Bhí mo shaol mar pháiste lán d’ealaín. Bhí mo mhamaí mar chuid de ghrúpa teiripeoirí ealaíne a tháinig chun tí go rialta. Phéinteáil siad le chéile, rinne siad dealbha as cré, agus labhair siad go líofa faoina gcuid mothúchán agus iad ag cruthú. Dar leo, bhí an próiseas níos tábhachtaí ná an toradh. Bhí an t-ádh dearg ormsa go raibh cead agam suí suas ag an tábla leo, ag úsáid an ábhair chéanna leis na healaíontóirí gairmiúla seo agus ag smaoineamh orm féin mar ealaíontóir. Bhí ceol linn i gcónaí, clasaiceach agus traidisiúnta ar dtús, agus ansin mar dhéagóirí, ceol pop, ceol domhanda, punc agus rac-cheol. Bhí uirlis ag gach páiste agus jeamáil muid le chéile go minic. Agus mé i mo pháiste beag, bhí amhrán ag mo mhamaí do gach ócáid; amhrán don ghlanadh, amhrán don fhearthainn, amhrán don siúl, amhrán don trá, suantraí ag am luí. Fuaimrian álainn grámhar Gaelach s’againn féin.
Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?
D’fhreastail mé ar cheolchoirm Nirvana i mBéal Feirste in 1992. Bhí mé cúig bliana déag d’aois, bhí mé i m’aonar agus (mar a bheadh amadán ann) shocraigh mé dul ann gan mo chuid spéaclaí orm ar eagla go mbrisfí sa log maiseála iad. Sílim gur chaith mé an cheolchoirm iomlán leathdhall ag iarraidh mo bhealach a aimsiú in áit a bheith ag baint sult agus tairbhe as ceol Kurt Cobain. Rachainn ar ais agus mo spéaclaí orm an uair seo.
Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?
Síleann daoine áirithe go bhfuil litríocht do pháistí simplí, éadrom agus éadomhain. Ní thuigeann siad gurb í an litríocht is tábhachtaí dá bhfuil againn. Tá scéalta do pháistí lán fírinne agus dóchais, samhlaíochta agus grá. Bíonn meas os cuimse ag údar do pháistí ar a c(h)uid léitheoirí, mar go dtéann na scéalta sin i bhfeidhm ar an léitheoir óg ar bhealach mór millteach a mhaireann ar feadh a s(h)aoil iomlán.
Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú de bharr do chuid oibre?
Mar scríbhneoir do dhaoine óga, téim go dtí domhain aisteacha go rialta i mo chuid samhlaíochta. Bím ag plé le dragúin agus róbait, le maighdeana mara, ollphéisteanna, eachtráin agus arrachtaí. Ach bíonn na himeachtaí do pháistí lán iontais chomh maith! Go dtí seo, rinne mé drumadóireacht Afracach, cuairteanna naíscoile i mo chuid pitseámaí, thraenáil mé ninjaí ar fud na tíre agus thaistil mé Slí an Atlantaigh Fhiáin le Laureate na nÓg Patricia Forde agus bus lán scríbhneoirí agus maisitheoirí.
Cad é do mhana?
Níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin.
Is é Dearg an leabhar is nua ó pheann Mháire Zepf. Úrscéal véarsaíochta do dhéagóirí faoi bhean óg darb ainm Fionn agus í ag seasamh ar son cearta teanga agus ag foghlaim cén dóigh le bheith dílis di féin.
Foclóir
Scríbhneoir = writer
Faoi gheasa = spellbound
Láithreoir = presenter
Úrscéalta = novels
Ar eagla = in case


















