Is breá liom a fheiceáil go bhfuil borradh mór faoi imeachtaí Gaeilge timpeall na tíre agus go mbíonn rath ar imeachtaí d’achan chineál fosta. Ní bhíonn na Gaeil sáinnithe sna Pop Up Gaeltachtaí níos mó ná ag glacadh páirt i gCiorcail Chomhrá amháin, mar bíonn réimse leathan imeachtaí á reáchtáil trí mheán na Gaeilge fud fad na tíre ar bhonn rialta.
Ós ag caint ar imeachtaí spraíúla atá mé, beidh seisiún potaireachta trí Ghaeilge á eagrú in Dublin Pottery Painting Studio i mBaile Átha Cliath 7 an 2 Samhain 2026. Gheobhaidh gach duine péint, stionsail agus uirlisí lena bpíosa potaireachta féin a dhearadh agus a phéinteáil. Cuirfidh an fhoireann glónra ar do phíosa, bácálfaidh siad in áith é, agus beidh deis agat ansin do shaothar lámhdhéanta a thabhairt abhaile leat.

Ní chaithfidh taithí photaireachta ar bith a bheith agat roimh ré agus ní rang ealaíne a bheidh sa seisiún seo ach an oiread. Cuirfear spás deas réchúiseach ar fáil do dhaoine a bheith cruthaitheach, sult a bhaint as an phróiseas péinteála agus neart Gaeilge a labhairt lena chéile. Beidh cead ag daoine a ndeochanna féin a thabhairt isteach leo fosta, mar sin tabhair leat cúpla cara, buidéal fíona agus bain sult as an oíche!
Caithfidh tú sliotán ama a chur in áirithe ar Eventbrite agus €5 a íoc le d’áit a chinntiú. Téigh chuig www.dublinpottery.com le tuilleadh eolais a fháil. Tá an stiúideo lonnaithe i Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7, D07 P896.
RM Block

Ceardlann Scríbhneoireachta ar an Dinnseanchas le Cló Iar-Chonnacht
Beidh ceardlann scríbhneoireachta ar ábhar an dinnseanchais ar siúl ag Cló Iar-Chonnacht agus an Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta CÚIRT Dé Sathairn seo chugainn, an 24 Deireadh Fómhair 2026, in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loinsigh, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí. Beidh an cheardlann ar siúl idir 2-5pm.
Tá an cheardlann seo á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht le roinnt blianta anuas agus cuirfear fáilte roimh scríbhneoirí nua nó scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe cheana acu páirt a ghlacadh ann. Is iad stiúrthóirí na ceardlainne an babhta seo ná Seán Óg Ó Duinnín, Lorraine Ní Chathasaigh agus Micheál Ó Conghaile. Déanfar saothair nuascríofa a phlé agus a mheas ag an cheardlann agus caithfear súil ar thraidisiún an dinnseanchais fosta, foirm thraidisiúnta scríbhneoireachta Gaeilge a mhíníonn bunús logainmneacha in Éirinn trí scéalta, miotaseolaíocht agus béaloideas.
Má tá tú féin ag iarraidh páirt a ghlacadh sa cheardlann, níl le déanamh ach dán nó píosa próis (ficsean, splancscéal nó aiste, gan dul thar 5 leathanach) a bhaineann le gné éigin den dinnseanchas a sheoladh chuig moccic22@outlook.com roimh an 17 Deireadh Fómhair 2026. Níl costas ar bith ag baint leis an cheardlann ach tá spásanna teoranta ar fáil.

Féile Bia úrnua le teacht go Conamara i mbliana
Tá muintir Chois Fharraige réidh chun scoth na beatha a chur os comhair an phobail agus an chéad Fhéile Bia riamh le titim amach sa cheantar idir 23-26 Deireadh Fómhair.
I measc na n-imeachtaí is mó a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn tá ‘An Féasta Mór’, béile trí chúrsa lán de tháirgí mara áitiúla, ‘Flúirse an Fhómhair’ le hAedín Ní Thiarnaigh agus Margadh Bia & Ceardaíochta i gColáiste Chonnacht, An Spidéal.
Ag caint dó le Scéal an tseachtain seo, dúirt Seán Seoighe, Oifigeach Turasóireachta Chomhlacht Forbartha an Spidéil: “Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil chuile rud ag teacht le chéile anois agus muid ag súil go mbainfidh an pobal an oiread taitnimh as na himeachtaí agus a bhain muidne as iad a phleanáil. B’iontach an deis a bheith ag obair le táirgeoirí agus cócairí áitiúla ar nós Diarmuid Ó Mathúna, Joe Flaherty agus Eimear Killian agus a gcuid grá don cheird a fheiceáil. Beidh muid ag súil le fás agus forbairt a fheiceáil ag teacht ar an bhféile amach anseo freisin!”
Tá cuid de na himeachtaí díolta amach cheana féin ach is féidir teacht ar chlár iomlán na féile ar Eventbrite.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Stórmara
Tá mo chroí istigh sa seodra agus is breá liom píosaí seodra a cheannach mar chuimhneacháin nuair a bhím ar laethanta saoire in Éirinn nó ag taisteal thar lear. Bainim sult as a bheith ag amharc siar ar achan phíosa atá bailithe agam le caitheamh na mblianta, go háirithe nuair a bhíonn scéalta nó cuimhní deasa ag baint leo.
D’aimsigh mé an branda álainn Stórmara ar na meáin shóisialta agus níorbh fhada gur thit mé i ngrá! Cruthaíonn Emma, an bhean atá taobh thiar den bhranda, píosaí seodra ar leith as gloine na mara a aimsíonn sí ar an trá in Iarthar Chorcaí. Úsáideann sí an ghloine dhaite agus airgead steirling athchúrsáilte le muincí agus fáinní a dhearadh agus a chruthú.
Deir Emma go bhfuil gloine na mara iontach speisialta mar “ní mar a chéile aon dá phíosa”, agus tá sé sin le feiceáil go soiléir sna píosaí seodra atá ar díol aici. Is breá liom an réimse leathan cruthanna, méideanna agus dathanna a bhíonn ar fáil ó Stórmara agus mholfainn go mór cuairt a thabhairt ar an suíomh www.stormara.ie.
















