Ceiliúradh aifreann amuigh faoin spéir i bpáirc bheag tuaithe i nGaeltacht na nDéise thart ar mhí ó shin. Sheas grúpa daoine áitiúla in éineacht le ceithre shagart san áit chun paidreacha a ofráil. Meastar go bhfuil thart ar mhíle duine curtha in uaigheanna ollmhóra anseo i dtalamh atá suite taobh leis an N25, an príomhbhóthar idir Port Láirge agus Corcaigh. Tiomáineann na carranna, na busanna agus na leoraithe faoi luas thar an reilig a osclaíodh le linn an Ghorta Mhóir ar chósta an deiscirt.
Glaoitear Reilig an tSlé ar an bpaiste talún stairiúil seo atá cúpla míle siar an bóthar amach ó bhaile Dhún Garbhán. Tá na huaigheanna i bhfolach faoin chré inniu, clúdaithe ag féar glas an fhómhair, ach is féidir marcanna míchothroma agus gleannta na n-umar a fheiceáil i gcónaí, iad greanta sa talamh.
Tá rachmas sofheicthe i réim sa cheantar inniu. Déantar dearmad ar an áit uaigneach seo don chuid is mó den bhliain. Tá líonmhaireacht le brath sna siopaí.
Mar a tharlaíonn i dtír atá mar chuid den Chéad Domhan, tá an bhochtaineacht tríd is tríd faoi cheilt agus níl snoí colainne le feiscint in aon áit. Tá na blianta idir 1845 agus 1849 tite go mór siar, siar sa stair. Sleamhnaíonn na míonna go réchúiseach tharainn, an mhórchuid againn ag maireachtáil faoi shuain. Anseo, taobh leis an bhfarraige, bímid ag siúl ar na tránna, ag freastal ar ócáidí sóisialta, an tsiopadóireacht sheachtainiúil á déanamh againn sa mbaile mór gan teip. Sa reilig seo atá as seirbhís anois, tá olagóin na n-íobartach balbh ach amháin ag bomaití áirithe le linn an aifrinn - tá sé éasca a cheapadh go bhfuil an pobal ag éisteacht le buillí na síoraíochta.
RM Block
Tháinig titim 28% ar dhaonra Dhún Garbhán ó 1841 agus 1851 agus titim 20% ar phobal na Rinne féin.
Ní chuimhnítear rómhinic ar an nGorta Mór, an tubaiste uafásach a tharla breis agus 180 bliain ó shin. Bhí cúrsaí chomh dona go raibh gá leis an reilig seo a oscailt d’aon ghnó i mí na Samhna 1847. Thagadh lán trucaile leis na mairbh trí huaire in aghaidh an lae chuig an áit, na corpáin leagtha amach anuas ar a chéile ar leaba na trucaile. Thiomáintí iad amach ar bhóthar an chósta ó Thig na mBocht. Chuirtí iad isteach sna trinsí aolta a bhí tochailte ann dóibh. Ba mhinic a chuirtí daoine a bhí lag leis an ocras ag deanamh na tochailte. De réir tuairiscí, chaití go leor dos na daoine a bhí fós beo isteach sna huaigheanna chomh maith. Is chuige sin a bhí an sagart Pádraig Ó Tuama a d’fhan i láthair chun beannacht a chur lena n-anam agus chun a chinntiú go raibh gach aon duine acu marbh sula gcuirfí iad.
Tháinig titim 28% ar dhaonra Dhún Garbhán ó 1841 agus 1851 agus titim 20% ar phobal na Rinne féin. Deir staraithe gurb é an Gorta Mór an tragóid ba mhilltí agus ba scanrúla dár tharla do shaol Gaelach na tuaithe. Ceaptar inniu go bhfuil sé aisteach nach bhfuil mórán cur síos ná tagairtí don Ghorta sna hamhráin. Is é tuairim na scoláirí ná go raibh ar thit amach ró-uafásach agus róphianmhar chun a thabhairt chun cuimhne ina gcuid amhrán. Is é an t-amhrán atá fágtha againne i nGaeltacht na nDéise ón uair sin ná Na Prátaí Dubha - ba í Máire Ní Dhroma ó Bhaile na nGall i bparóiste na Rinne a chum an t-amhrán timpeall na bliana 1850. Gríosóir cumhachtach agus misniúil, saghas provocateur a linne, ab ea í, bean a bhí sásta agus réidh labhairt amach go feargach i leith na héagóra agus na fulaingthe a chonaic sí. Níor shéan sí cur síos ar na radhairc a chonaic sí ar na bóithre agus ar shráideanna an bhaile mhóir i línte loma, uafásacha:
Tá na bochta so Éireann ag plé leis an ainnise,
Buairt is anacair is pianta báis,
Leanaí bochta ag béiceadh is ag screadadh gach maidin,
Ocras fada orthu is gan dada le fáil.
I véarsa eile deir sí nár thoil Dé an fhulaingt ar fad, agus chuir sí an milleán go neamheaglach ar lucht an rachmais. Cháin sí go neamhbhalbh córas Thithe na mBocht.
Ní hé Dia a cheap riamh an obair seo,
Daoine bochta a chur le fuacht is le fán,
Iad a chur sa phoorhouse go dubhach is glas orthu,
Lánúineacha pósta is iad scartha go bás.
Nach trua móruaisle go bhfuil mórán coda acu
Íoc as an obair seo le Rí na nGrás;
Fearaibh bochta an tsaoil seo ná fuair riamh aon saibhreas
Ach ag síorobair dóibh ó aois go bás.
Gan amhras níl aon ghrianghraf againn de Mháire Ní Dhroma ach caithfidh gur bean neamhspleách ab ea í, bean chróga, mhuiníneach agus phaiseanta. Ní raibh na húdaráis róshásta lena dearcadh agus cuireadh an t-amhrán faoi chois ar feadh i bhfad. Inniu, cloistear é á rá le mórtas agus babhtaí i Reilig an tSlé. Bhíodh sé ag an amhránaí ar an sean-nós Nioclás Tóibín, agus bhíodh sé á rá ag Peig Bean Uí Réagáin ag ócáidí babhtaí chomh maith.
Inniu agus talamh na sean-reilige ag dul le fána, ag síneadh síos i dtreo uisce na bá, agus dá seasfá ag féachaint amach ar áilleacht na cruinne ón reilig ní cheapfá go bhféadfadh aon olcas nó brón nó éagóir titim amach sa cheantar álainn seo.
Inniu tá na tromluithe scaipthe, agus an áit fáilteach torthúil. Tá sé de nós ag muintir na háite bailiú uair amháin gach bliain chun paidreacha a rá sa reilig. Bhíodh Bantracht na Tuaithe go mór chun tosaigh in eagrú na cuairte traidisiúnta seo. Déarfaidis an Choróin Mhuire ar thaobh an tsléibhe agus chuimhneoidís ar na daoine a fuair bás de dheasca an ocrais.
Nuair a bhailítear inniu chun paidreacha a rá agus chun cuimhneamh ar an méid a d’fhulaing na daoine a d’éag, snámhann guthanna an phobail ar an aer cumhra agus cuimhnítear ar spioraid na ndaoine atá imithe ar shlí na fírinne agus iad ag éisteacht ón taobh thall.
Foclóir:
leoraithe = lorries
uaigheanna = graves
rachmas = wealth
corpáin = corpses
bean chróga = brave woman
olcas = wickedness















