Tá cúrsa úrnua fógartha ag an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) le cuidiú le daltaí i Rang a Sé atá ag smaoineamh ar dhul chuig Gaelcholáiste nó chuig scoil Ghaeltachta i mí Mheán Fómhair 2027.
Mar chuid den chúrsa ceithre oíche seo, fanfaidh na daltaí i dteach le teaghlach Gaeltachta i Ros a Mhíl i gConamara, foghlaimeoidh siad teanga agus téarmaíocht na scoile a bheidh de dhíth orthu sa mheánscoil, agus cuirfidh siad le muinín agus cumas s’acu sa Ghaeilge. Beidh deis ag na daltaí bualadh le daoine nua agus cairde a dhéanamh sula mbogann siad ar aghaidh chuig an Ghaelcholáiste i mí Mheán Fómhair, agus beidh spraoi acu lena gcairde nua ag na himeachtaí a reáchtálfar i gColáiste Chamuis san oíche.
Beidh an cúrsa seo ar siúl le linn shaoire na Cásca (29 Márta – 2 Aibreán 2027) agus beidh sé oscailte do pháistí beag beann ar an leibhéal Gaeilge atá acu. Costas €560 atá ar an chúrsa ach cuirfidh COGG €300 ar fáil do gach páiste agus mar sin ní bheidh le híoc ag tuismitheoirí ach €260 do gach páiste ar an iomlán.
An bhfuil suim ag do pháiste sa chúrsa seo? Tá foirm um léiriú spéise ar fáil ar shuíomh gréasáin COGG anois. Is é an 20 Samhain spríocdháta don léiriú spéise agus beidh Coláiste Chamuis i dteagmháil le gach duine a líon an fhoirm faoin 11 Nollaig. Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le Conchubhar ag conchubhair@cogg.ie.
RM Block
“An-díomá” ar TG4 faoi leithdháileadh maoinithe i mBuiséad 2027
Deir Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, gur “cúis mhór díomá” é don stáisiún nach bhfuil ardú ar bith ar an mhaoiniú a gheobhaidh siad faoi Bhuiséad 2027. Is é seo an chéad uair le 10 mbliana nach bhfuair an stáisiún aon ardú sa bhuiséad.
Dar le Ní Choistín, is ionann an cinneadh seo agus “deis curtha amú chun infheistíocht a dhéanamh i seirbhís a chuireann spriocanna cultúir, sóisialta agus eacnamaíocha i gcrích”. Deir sí fosta nach bhfuil an cinneadh “ag teacht ar chor ar bith leis an luach a bhaineann an pobal as TG4, luach atá cruthaithe leis an ardú leanúnach atá ar an lucht féachana, ná leis an méid a chuireann TG4 leis an ngeilleagar.”
€65.4 milliún a bheidh ag TG4 an bhliain seo chugainn, an maoiniú céanna a tugadh don stáisiún do 2026. Deir Ní Choistín go mbeidh “impleachtaí” ag an chinneadh seo ar TG4 in 2027 agus go mbeidh ar an fhoireann “é a mheas anois i dtaobh ár gcuid pleananna agus spriocanna straitéiseacha don bhliain amach romhainn.”
I bpreasráiteas a d’fhoilsigh TG4 an tseachtain seo caite, deir siad go mbíonn “teorainn leis an bpleanáil agus leis an infheistíocht fhadtéarmach ó tharla go bhfuil TG4 ag brath ar chinntí buiséid bliantúla. Cruthaíonn sé éiginnteacht don earnáil léiriúcháin neamhspleách sa nGaeltacht agus ar fud na tíre, ar comhlachtaí beaga iad den chuid is mó.”
Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ar na bacáin
Beidh comhdháil shuimiúil ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo ina ndéanfar “comóradh, cur agus cúiteamh” ar Forbairt na Gaeilge, leabhrán tábhachtach ar nádúr, ar fhoirm agus ar chultúr na Gaeilge a scríobh Niall Ó Dónaill sa bhliain 1951.
Tá clár ar dóigh beartaithe arís i mbliana agus is iad Peadar Ó Muircheartaigh (Ollscoil Dhún Éideann), Nóirín Ní Ghrádaigh agus Mícheál Ó Mainnín (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste) a bheidh mar aoichainteoirí na comhdhála. Chomh maith leis sin, beidh scoth na gcainteoirí ag teacht le chéile ar champas le roinnt cainteanna agus cur i láthair a chur os comhair an lucht spéise.
Beidh díospóireacht oíche Aoine maidir le dearcadh agus le prionsabail a bhaineann le forbairt na Gaeilge agus is iad Máire Ní Neachtain (Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga), Noel Ó Murchadha (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), Antain Mac Lochlainn (scríbhneoir agus aistritheoir) agus Pádraig Ó Mianáin (Príomh-Eagarthóir an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge) a bheidh i mbun plé le Séamus Ó Coileáin (Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga) sa Téatar in Áras na Gaeilge. Labhróidh an chéad aoichainteoir, Peadar Ó Muircheartaigh, ar fhorbairt agus neamhfhorbairt na dteangacha Gaelacha 1750–1850 ina dhiaidh sin.
Seolfar leabhar úr Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926 le John Walsh oíche Aoine fosta agus cuirfidh Gormfhlaith Ní Thuairisg ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agallamh ar an údar le clabhsúr a chur ar an chéad oíche den chomhdháil.
Beidh réimse leathan cainteanna agus cur i láthair ar siúl le linn an lae Dé Sathairn agus is féidir teacht ar an chlár iomlán ar shuíomh Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.
Labhróidh an bheirt aoichainteoirí eile le linn an lae fosta. Amharcfaidh Nóirín Ní Ghrádaigh ar Thaighde Feidhmeach Pobalbhunaithe ar shealbhú agus scríobh na Gaeilge i measc cainteoirí dúchais ár linne, agus déanfaidh Mícheál Ó Mainnín plé ar Éiris, Albais, agus Forbairt na Gaoidheilge.
















