Ag réiteach na mbóithre

Níorbh iad Sinn Féin a chothaigh na dúshláin is déanaí ó thuaidh ach beidh siad sásta leis an dóigh a bhfuil siad ag déileáil leo

Céad Aire an tuaiscirt Michelle O'Neill agus Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald ar Bhóthar Gharbhachaidh. Grianghraf: Mark Marlow/PA Wire
Céad Aire an tuaiscirt Michelle O'Neill agus Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald ar Bhóthar Gharbhachaidh. Grianghraf: Mark Marlow/PA Wire

Leis an fhógra ó Státrúnaí Thuaisceart Éireann Chris Bryant Dé hAoine seo caite go raibh cosc curtha aige ar mhórshiúl an Oird Oráistigh ar Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin, tá deireadh tagtha le sáinn Dhroim Crí, ar na sráideanna ar a laghad. Beidh cás ag cur i gcoinne an chinnidh sna cúirteanna an tseachtain seo, ach pointe an-chinniúnach sa scéal a bhí ann.

Tá faoiseamh ar gach duine nach raibh ag iarraidh an mórshiúl seo a fheiceáil, agus ba é an socrú seo díreach an rud a bhí ó Shinn Féin ón am a bhronn Coimisiún na Mórshiúlta cead ar an Ord Oráisteach sa chéad dul síos.

Agus cinneadh an Státrúnaí ag teacht go hiomlán leis na mianta a bhí acu, thig leis an pháirtí a bheith sásta leis an bhealach ar láimhseáil siad an cheist seo.

Le cúpla seachtain anuas, d’éirigh le Sinn Féin láithreacht láidir sheasmhach a léiriú sna meáin, rud a bhí in easnamh le tamall agus an páirtí ag streachailt buanna a bhaint amach de bharr na ndeacrachtaí ag leibhéal an Fheidhmeannais.

Faoiseamh nach beag a bheidh ann don Aire Liz Kimmins agus do Shinn Féin trí chéile go bhfuil sí anois in ann ordú a thabhairt le tús a chur leis an obair go prás.

Go deimhin, fiú agus an fhógairt déanta an tseachtain seo caite go bhfuil litreacha eisithe ag an PSNI chuig roinnt ionadaithe de chuid Shinn Féin mar gheall ar an mhéid a thit amach ar an 27 Meán Fómhair, ní chuirfidh sé sin imní orthu.

Ní chuirfidh fiú an vóta mímhuiníne i Michelle O’Neil mar Chéad-Aire an Fheidhmeannais isteach ar an pháirtí, ná uirthi. Níl bealach ar bith go n-éireodh lena leithéid de vóta mar gheall go mbeadh tacaíocht trasphobail de dhíth air, agus mar sin ní iarracht dháiríre atá i gceist í a bhaint ón oifig. Níl ann ach deis do na páirtithe aontachtaithe a bheith ag tabhairt drocham di mar gheall ar ar thit amach le cúpla seachtain anuas. Dá mbeadh an DUP dáiríre faoi O’Neill a chur amach as oifig, bheadh ar an LeasChéad-Aire Emma Little Pengelly éirí as a ról, agus is cosúil nach bhfuil an DUP ag iarraidh an cinneadh ollmhór sin a ghlacadh ag an phointe seo.

Bhí an chuma ar an scéal le tamall nach raibh ag éirí le Sinn Féin buanna a fháil ag leibhéal an Fheidhmeannais mar gheall ar chaidreamh leis an DUP atá imithe in olcas, sin agus mar gheall go bhfuil cuid de na hAireachtaí a bheadh riachtanach do thosaíochtaí Shinn Féin i lámha an DUP faoi láthair.

I dtoghchán an Tionóil in 2022 d’éirigh leis an pháirtí 29% den vóta céadrogha a bhaint amach. Toradh iontach a bhí ann don Shinn Féin agus d’éirigh leo oifig an Chéad-Aire a ghlacadh den chéad uair riamh.

Léirigh pobalbhreith le linn an tsamhraidh go raibh Sinn Féin ar 22% den vóta céadrogha, céatadán atá fós iontach láidir, agus bhí siad chun tosaigh ar aon pháirtí eile, ach titim shuntasach a bhí ann ó 2022 mar sin féin. Agus toghcháin don Tionól agus do na Comhairlí Áitiúla ag teacht aníos i mí Bealtaine 2027, bheadh baol ann don pháirtí dá leanfaí leis an treocht sin, go háirithe maidir le ról an Chéad-Aire a choinneáil.

Ba é ceann de na coimitmintí móra a rinne Sinn Féin am an toghcháin in 2022 ná an A5 a thógáil. Le fada an lá tá pleananna ann an bóthar seo a thógáil idir Doire agus Achadh na Cloiche i gContae Thír Eoghain, rud a bheidh an-tábhachtach maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus a thabharfadh aitheantas go raibh infheistíocht infreastruchtúir de dhíth in iarthar na cúige. Ach bhí deacrachtaí móra ag an tionscadal mar gheall ar agóidí agus cásanna cúirteanna le blianta anuas.

I gcás sa Chúirt Achomhairc an tseachtain seo caite, cuireadh cinneadh a rinne an Ard-Chúirt anuraidh ar ceal, cinneadh a d’fhág go raibh coimhlint idir tógáil an A5 agus na spriocanna atá aontaithe ag Feidhmeannas Chnoc an Anfa maidir leis an athrú aeráide. Tá an bac sin glanta anois agus beidh tionchar ag an rialú seo ar thionscadail eile chomh maith, an t-uasghrádú atá de dhíth go géar ar an A1 i gContae an Dúin ina measc.

Agus an Aireacht Bonneagair ag Sinn Féin, ceist ollmhór a bhí sa A5 don pháirtí, go háirithe agus iad ag amharc chun tosaigh ar fheachtais na bliana seo chugainn. Ní hamháin go bhfuil tábhacht leis an bhóthar ann féin, ach lena léiriú gur féidir le polaiteoirí Chnoc an Anfa tograí móra infreastruchtúir a chur i gcrích.

Faoiseamh nach beag a bheidh ann don Aire Liz Kimmins agus do Shinn Féin. Níl sé as an áireamh go dtiocfadh leis an chás seo dul chuig an Chúirt Uachtarach, ach léiríonn an bua sa Chúirt Achomhairc nach raibh aon locht ar Kimmins ná ar a Roinn agus go raibh siad ag cloí leis na treoirlínte mar a bhí siad leagtha amach.

Mar sin, cé nach raibh smacht ag Sinn Féin ar an mhéid a thit amach le cúpla seachtain anuas, beidh an páirtí ag dúil le torthaí níos fearr sa chéad phobalbhreith eile, is dócha, rud a bheidh ina chuidiú dóibh agus an t-ullmhúchán ar siúl do thoghcháin 2027.

Foclóir

in easnamh = missing

streachailt = struggling

eisíodh na litreacha = the letters were issued

sábháilteacht ar bhóithre = road safety

faoiseamh = relief

ullmhúchán = preparation