Nuair a bhí mé i mo dhéagóir i mBóthar na Trá i nGaillimh, ba ghnách linn dul síos go dtí an prom agus cuairt a thabhairt ar na hionaid siamsaíochta chun cluichí físeáin a imirt.
Ag an am céanna, bhain an formhór againn triail as na meaisíní pócair nó meaisíní sliotáin a bhí sna hionaid.
Bhí roinnt de mo chairde a d’éirigh go hiomlán gafa leis an gcearrbhachas agus iad beagáinín níos aosta.
D’fheicfeá iad ina suí os comhair na meaisíní ar feadh na hoíche, ag cur airgead isteach sna sliotáin mar a bheadh zombaithe ann. Fiú nuair a bhuafaidís suim mhór airgid, thosódh siad ag cur na mbonn ar fad isteach sa mheaisín arís.
RM Block
Buaileadh go dona iad leis an andúil. Ghoidfeadh daoine airgead, déarfadh siad bréaga lena gcairde agus lena muintir, agus go hiondúil ní bheadh go leor airgid acu chun iad féin a chothú.
Bhí mé ag iarraidh samhail nó meafar a cheapadh agus mé ag éisteacht leis na hóráidí faoin mBuiséad an tseachtain seo.
Rith sé liom go raibh an cineál polaitíochta atá againn in Éirinn faoi láthair cosúil leis an stuif a bhí ar siúl sna hionaid siamsaíochta na blianta fada ó shin.
Is í an fhadhb a bhaineann le bheith i do pholaiteoir ná gurb é “ní hea” an frása is deacra a d’fhéadfá a rá riamh.
Ní féidir lenár bpolaiteoirí - idir fhreasúra agus rialtas - srian a chur orthu féin agus gan dul sa seans le hairgead tirim an Stáit.
Trí bliana ó shin sháraigh caiteachas bliantúil an Stáit an tairseach €100 billiún den chéad uair. Ba sprioc thábhachtach é sin.
Ach anois, níl sa mhéid sin ach pinginí beaga. Caithfidh an Stát €125.6 billiún san iomlán in 2027.
Agus beidh orthu an t-airgead breise sin ar fad a chaitheamh gach bliain.
Agus má tá an méid atá tite amach i dtaobh chaiteachas an rialtais le blianta beaga anuas le cur san áireamh, níl mórán seans ann go mbeidh an Rialtas in ann coinneáil leis an teorainn 6% in arduithe caiteachais atá leagtha síos aige dó féin.
Agus tá fadhb eile ann.
Tá an cháin chorparáideach ag ceilt na fírinne faoinár ngeilleagar.
Tá cáin chorparáideach na hÉireann ollmhór. Tagann cuid shuntasach di ó líon beag cuideachtaí ilnáisiúnta, a ngintear a mbrabúis trína gcuid comhlachtaí ar fud an domhain ach a dtaifeadtar a gcuid cánach anseo in Éirinn.
Ar ndóigh, tá córas cánach na tíre seo ar cheann de na cúiseanna a roghnaíonn na cuideachtaí ilnáisiúnta sin teacht anseo agus bonn a bheith acu sa Stát.
Agus an borradh mór sa cháin chorparáideach, is manna ó neamh é don rialtas a chneasaíonn na cneácha airgeadais ar fad!
Tugann gach tráchtaire rabhadh faoin mbaol eacnamaíoch a bhaineann le titim thubaisteach sa teacht isteach i gcáin chorparáideach atá sealadach. Agus níl dabht ar bith go dtarlóidh sé sin am éigin sa todhchaí.
An fhadhb ná go bhfuil caiteachas seasta á íoc againn ón bhfoinse shealadach seo. Agus is airgead mór atá i gceist.
Agus sin é an áit a dtagann polaitíocht an chasaíne isteach.
Muna gcuirtear an teacht isteach breise ón gcáin chorparáideach san áireamh, léiríonn figiúirí an rialtais féin go mbeadh easnamh bunúsach thart ar €12 bhilliún ann in 2026.
Ní haon ionadh go raibh an Chomhairle Fhioscach Chomhairleach (IFAC) chomh cáinteach sin faoin mBuiséad Dé Máirt.
Dúirt an Chomhairle go bhfuil an Buiséad ag cur airgeadas poiblí na tíre ar chonair níos measa agus go bhfuilimid go mór i dtuilleamaí cáin chorparáideach ardriosca.
Agus tagann cuid mhaith den cháin chorparáideach sin ó líon beag cuideachtaí ilnáisiúnta.
Is í an fhadhb a bhaineann le bheith i do pholaiteoir ná gurb é “ní hea” an frása is deacra a d’fhéadfá a rá riamh.
Tá sé i nádúr an pholaiteora daoine a shásamh. Tá sé i bhfad níos éasca cinneadh crua a sheachaint má tá ciste airgid áisiúil agat ó Meta, Google, TikTok agus Apple.
Tá a fhios agam go bhfuil an earnáil sláinte costasach casta. Ach chuile bhliain bíonn caiteachas na sláinte ag ardú go leibhéal nua, agus leanann sé ar aghaidh de shíor.
I bpíosa anailíse a scríobh Pat Leahy an tseachtain seo caite, dúirt sé dá dtitfeadh cáin chorparáideach go mór sna blianta atá romhainn, agus dá dtarlódh sé sin ag an am céanna le fiú leath den tuairim is €10 mbilliún breise atá beartaithe a chaitheamh in 2027, go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha aige sin ar gheilleagar na hÉireann.
Tá Éire níos saibhre ná mar a bhí sí riamh.
Tá lánfhostaíocht againn.
Tá daoine á n-íoc i bhfad níos mó ná mar a bhíodh.
Ach in ainneoin na nuachta dearfaí sin, braitheann a lán daoine fós go mbíonn siad gann ar airgead an t-am ar fad.
Is é cuid den chúis atá leis sin ná go bhfuil caighdeán maireachtála níos airde acu. Ach tá ardú mór tar éis teacht ar na costais a bhaineann leis sin.
Faraor, cosúil le gach cearrbhach, tagann pointe nuair a chaithfidh tú a rá:
“Ní mór deireadh a chur leis seo, agus caithfidh mé glacadh leis an bpian a thiocfaidh leis.”
Ní eacnamaí mé, ach insíonn an taithí dúinn ón am atá thart nach féidir linn fanacht ar an mbóthar ar a bhfuilimid.
Agus am éigin sna blianta atá romhainn, tiocfaidh nóiméad nuair a chuirfear stop leis an roth rúiléide mar go mbeidh líon na chips tite go mór.
Agus nuair a tharlóidh sé sin, beidh orainn a bheith ag súil le Dia nach mbeidh sé chomh dona agus chomh huilíoch leis an gcúlú a thosaigh in 2008 a rinne scrios ar chóras geilleagrach na tíre. Ní féidir leis an tír a bheith ina leagan de na boic bhochta a chaill a n-airgead go léir sna meaisíní sliotáin i mBóthar na Trá tráth den saol.
Foclóir
Meaisíní sliotáin = slot machines
andúil = craving/addiction
cáin chorparáideach = corporation tax
tráchtaire = commentator
rabhadh = warning
cearrbhach = gambler.
















