Ansin bhí ceithre chontae fágtha: Baile Átha Cliath, Ciarraí, Lú agus Maigh Eo.
Tar éis cluichí iomaíocha agus taispeántais den scoth i rith an tsamhraidh go dtí seo, tá na foirne seo tar éis an babhta leathcheannais i gCraobh Shinsir Peile na bhFear a bhaint amach. Bhí go leor cainte faoi Dhún na nGall, Ard Mhacha, Gaillimh agus an Mhí ag tús an tsamhraidh ach d’fhág siad slán ag an gcomórtas agus is iomaí cor agus casadh atá feicthe againn le cúpla seachtain anuas. Bhí scoth na gcoimhlintí sna cluichí ceathrú ceannais coicís ó shin.
Tá Maigh Eo ar ais sa chluiche leathcheannais den chéad uair ó 2021 agus tá neart dóchais ag a lucht tacaíochta go mbeidh deireadh leis an tréimhse fhada gan teideal, ó bhí 1951 ann. Bhí bua suntasach ag Maigh Eo in aghaidh Chorcaí. Bhí Ryan O’Donoghue thar barr agus chruthaigh na himreoirí óga Darragh Beirne agus Kobe McDonald go hiontach. D’imir Corcaigh go maith ar feadh tréimhsí sa chluiche ach ní raibh siad chomh cruinn céanna, go háirithe i dtreo an deiridh. Choinnigh cosaint Mhaigh Eo smacht maith ar a raibh ar siúl. Sa dara leath, d’ardaigh Maigh Eo an luas agus d’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil. Léirigh siad go bhfuil meascán maith de thaithí agus d’óige acu agus is léir do chách gur foireann chontúirteach iad. Tá na himreoirí óga ag teacht chun cinn ag an am ceart. Tugann siad fuinneamh úr agus misneach don fhoireann. Seo an chéad bhliain ag an iar-imreoir Andy Moran i mbun bainistíochta ar an bhfoireann sinsir agus tá sé ag cur béim ar pheil ionsaitheach agus ar obair chrua.
Tar éis séasúr dúshlánach, tá Baile Átha Cliath ar ais i measc na gceithre fhoireann is fearr sa tír. Léirigh siad spiorad iontach ina mbua ar Ghaillimh agus níor éirigh siad as riamh. Is é Con O’Callaghan an réalta is mó atá acu agus bíonn tionchar aige i ngach cluiche. Bhí forlámhas ag Peadar Ó Cofaigh Byrne i lár na páirce agus Áth Cliath ag buachan formhór na gciceanna amach. Tá Niall Scully, Colm Basquel agus Brian Howard i measc na gceannairí agus taispeántais an-láidir acu le cúpla cluiche anuas. Bhí Gaillimh chun tosaigh ar feadh tréimhse fhada ach níor ghéill Baile Átha Cliath riamh. Tháinig O’Callaghan chun cinn agus d’athraigh sé rithim an chluiche lena chuid scórála agus lena cheannaireacht. Bhí codarsnacht an-mhór idir ionsaí díreach sciobtha Átha Cliath agus ionsaí mall na Gaillimhe agus fir an iarthair ag dul siar nó trasna na páirce go minic. Bhí cosaint Átha Cliath níos láidre sna nóiméid dheireanacha agus chríochnaigh siad go láidir chun áit sa chluiche leathcheannais a bhaint amach. Tá an bainisteoir Ger Brennan ar ais ar an taobhlíne tar éis dó a bheith curtha ar fionraí ar feadh trí mhí. Má leanann siad ar aghaidh ag imirt leis an déine chéanna, beidh seans láidir ag fir na príomhchathrach dul níos faide arís.
RM Block
Is cosúil go bhfuil greim fós ag Ciarraí ar Chorn Sam Mhig Uidhir lena stíl imeartha mhuiníneach atá bunaithe ar scil, gluaiseacht agus cruinneas.
Ceann de bhuaicphointí an deireadh seachtaine ná bua Lú in aghaidh Mhuineacháin. Bronnadh cárta dearg ar Sean Callaghan tar éis sé nóiméad agus cé gur imir Lú an chuid is mó den chluiche le ceathrar déag, níor chaill siad misneach ná creideamh. D’oibrigh gach uile imreoir go dian agus tháinig na hionadaithe isteach le fuinneamh nua. Bhí Sam Mulroy socair agus cruinn, agus fuair Ciarán Byrne agus Tadhg McDonnell pointí tábhachtacha sa dara leath. Cé gur bhrúigh Muineachán chun tosaigh go láidir, bhí fir Lú eagraithe agus bhain siad áit amach i gcluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair le 69 bliain!
Tar éis blianta fada gan dul chun cinn suntasach déanta ag leibhéal na sinsear, tá imreoirí Lú anois i measc na gceithre fhoireann is fearr in Éirinn. Ach caithfear a aithint go bhfuil an-fhorbairt agus obair mhór déanta acu lena bhfoirne faoi aois agus tá luach a gcuid oibre le sonrú anois. Tá Mulroy ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí sa tír agus bíonn sé thar a bheith cruinn ó chiceanna saora agus ón imirt oscailte. Cuireann Craig Lennon, Tommy Durnin agus Ryan Burns go mór leis an bhfoireann freisin. Is é Gavin Devlin an bainisteoir agus tá dul chun cinn leanúnach déanta aige leis an scuad. Léirigh an bua ar Mhuineachán go bhfuil misneach, smacht agus spiorad foirne den chéad scoth acu. Beidh siad ag iarraidh leanúint leis an turas iontach seo agus áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann. Bhí tionchar an-mhór ag Ciarán Byrne, fear a d’imir AFL san Astráil, nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí agus bhí sárchluiche ag laoch na himeartha Dara McDonnell sa líne leathchúil.
Cluiche crua, corraitheach a bhí idir Ciarraí agus Tír Eoghain i bPáirc an Chrócaigh. Chuir fir an Tuaiscirt brú mór ar sheaimpíní na hÉireann. Níor éirigh le Tír Eoghain a ndóthain dá gcuid ciceanna amach féin a bhuachan ach chruthaigh siad agus chríochnaigh siad deiseanna scórála iontacha. Ní raibh Darren McCurry ar an bpáirc ach ar feadh 29 nóiméad ach d’aimsigh sé deich gcúilín! Bhí duine de laochra Chiarraí, David Clifford, ar fheabhas os comhair an chúil agus d’aimsigh sé scóranna tábhachtacha nuair a theastaigh siad ó Chiarraí. Bhí cosaint na Ríochta an-láidir freisin agus d’éirigh leo ionsaithe na nEoghanach a choinneáil faoi smacht sa deireadh. Léirigh Paudie Clifford agus Gavin White a gcuid taithí lena n-áit a chinntiú sa bhabhta leathcheannais. Bhí foighne agus smacht ag foireann Jack O’Connor ar an bpáirc ag na hamanna ba chinniúnaí. Is é David Clifford duine de na príomhimreoirí agus meastar é ar dhuine de na peileadóirí is fearr sa tír. Tá Joe O’Connor agus Diarmuid O’Connor ag imirt thar cionn sa trian láir agus tá go leor taithí ag Seán O’Shea, Paudie Clifford agus Jason Foley.Tá taithí mhór ag Jack O’Connor ar fhoirne a threorú agus ar chluichí móra a bhuachan. Is cosúil go bhfuil greim fós ag Ciarraí ar Chorn Sam Mhig Uidhir lena stíl imeartha mhuiníneach atá bunaithe ar scil, gluaiseacht agus cruinneas.
Tá lucht leanúna na peile ar fud na tíre ag súil go mór leis na cluichí leathcheannais. Ó cuireadh rialacha nua peile i bhfeidhm anuraidh, is léir go bhfuil tionchar mór tar éis a bheith acu agus na cluichí lán le luas agus scil. Tá foirne nua ag teacht chun cinn le fuinneamh agus muinín. Tá sé an-deacair a thuar ag an bpointe seo cén fhoireann a ardóidh Sam i mbliana ach beidh Baile Átha Cliath, Ciarraí, Maigh Eo agus Lú muiníneach gur féidir leo an chéad chéim eile a ghlacadh ag an deireadh seachtaine.
Foclóir:
coimhlintí = contests/conflicts
forlámhas = dominance
codarsnacht = contrast
fionraí = suspension
buaicphointí = highlights
príomhimreoirí = key players
leathchúil = half-back (line)
corraitheach = exciting/thrilling














