Léiríodh i bpobalbhreith le déanaí go bhfuil tacaíocht ann in Éirinn, thuaidh agus theas, d’Éirinn Aontaithe laistigh den Aontas Eorpach.
Tugadh le fios, sa chás go mbeadh reifreann ar cheist na hÉireann Aontaithe san Aontas Eorpach amárach, go mbeadh 59% d’fhreagróirí sa deisceart agus 63% ó thuaidh ar a son. Sin ráite, tá beagáinín níos mó i gcoinne na rogha seo sa tuaisceart (29%) ná mar atá ó dheas (22%).
Rinneadh an suirbhé mar chuid de thionscadal atá ar siúl ag Gluaiseacht Eorpach na hÉireann i gcomhar le Amárach Research, le rannpháirtithe atá ionadaíoch ar na pobail sa dá dhlínse.
Is minic a tharlaíonn sé nuair a fhoilsítear torthaí mar seo i bpobalbhreitheanna go ndeirtear gur seo an t-am le fógra a dhéanamh ar reifreann ar athaontú na hÉireann agus go mbeadh toradh soiléir ann dá dtarlódh sé. Ach an bhfuil an cás chomh simplí sin?
RM Block
Níl aon amhras ann go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar líon na gcomhráite agus na ndíospóireachtaí ar an cheist le blianta beaga anuas, spreagtha, cuid mhór, ag an chinneadh a rinne an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil deich mbliana ó shin, in ainneoin pobal an tuaiscirt ag léiriú gurbh fhearr leo fanacht san Aontas.
Tá an toradh seo ag teacht leis an dea-thoil atá ag an phobal ó thuaidh maidir leis an Aontas Eorpach go ginearálta. I suirbhé a rinne LucidTalk ó thuaidh le déanaí dúirt 59% d’fhreagróirí go gcaithfidís vóta le dul ar ais isteach san Aontas Eorpach dá mbeadh an rogha sin acu, agus ní raibh ach 34% i gcoinne ballraíocht athnuaite, le 7% nach raibh a fhios acu.
Leis na pobalbhreitheanna seo agus an dioscúrsa leanúnach ar cheist athaontú na hÉireann, tá brú ag teacht ar pholaiteoirí, ar Rialtas na hÉireann go háirithe, tuilleadh ullmhúcháin a dhéanamh ar na míreanna riachtanacha chun athaontú an oileáin a éascú.
…luíonn an chumhacht maidir le reifreann ar an cheist seo le Státrúnaí Thuaisceart Éireann Hilary Benn agus níl aon chomhartha ann faoi láthair go bhfuil ar intinn aige déanamh amhlaidh.
Ach, go dtí seo, is léir go bhfuil an Rialtas compordach leis an infheistíocht ama agus acmhainní atá á déanamh acu sa tionscadal ‘Oileán Comhroinnte’, agus nach bhfuil mórán suime ag na páirtithe rialtais tuilleadh plé a dhéanamh ar an cheist i gcomhthéacs eile. Meallann an cur chuige seo cáineadh ó Shinn Féin agus ó fheachtasóirí eile ó am go chéile, ach ní léir go bhfuil sé i gceist ag páirtithe an Rialtais tosaíocht a thabhairt don cheist am ar bith go luath.
Sa deireadh, luíonn an chumhacht maidir le reifreann ar an cheist seo le Státrúnaí Thuaisceart Éireann Hilary Benn agus níl aon chomhartha ann faoi láthair go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh. De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, ní mór don Státrúnaí reifreann a eagrú más cosúil go mbeadh tromlach an phobail i dTuaisceart na hÉireann i bhfabhar Éire Aontaithe.
Glactar leis go mbeidh ról tábhachtach ag pobalbhreitheanna sa chinneadh seo, ach in ainneoin iarratais leanúnacha ó fheachtasóirí agus ó pholaiteoirí araon, tá diúltaithe ag an Státrúnaí na critéir a leagan síos a bheadh in úsáid aige agus cinneadh ar cheist an reifrinn á scrúdú.
Is dócha nár mhaith leis an Státrúnaí Benn é féin, nó aon Státrúnaí a thiocfaidh ina dhiaidh, a cheangal faoi ghealltanas maidir le critéir a bhaint amach ar eagla go ndéanfaí amhlaidh ag am nach mbeadh oiriúnach do Rialtas na Breataine chun reifreann a ghairm. Nuair a aontaíodh Comhaontú Aoine an Chéasta bhí sé deacair a shamhlú go mbeadh an déimeagrafach athraithe chomh mór sin laistigh den amscála seo, ach tá patrún soiléir le feiceáil.
Cé nach dtagann an cur chuige seo ar chor ar bith le spiorad an Chomhaontaithe, tá cosaint ag an Státrúnaí sa débhríocht atá laistigh ann. Ní thiteann an dualgas air maidir le reifreann a ghairm go dtí go mbeadh tuairim áirithe aige, ach níl aon soiléireacht ann maidir le cén fhianaise a bheadh ag teastáil chun an tuairim sin a chruthú.
Beidh gach duine i Rialtas na Ríochta Aontaithe airdeallach ar an treo polaitíochta in Albain agus sa Bhreatain Beag chomh maith, agus an SNP ag ardú ceisteanna maidir le reifreann ar neamhspleáchas na hAlban agus Plaid Cymru ag bailiú nirt sa Bhreatain Beag chomh maith. Beidh drogall ar aon Státrúnaí comhráite a spreagadh maidir le hathruithe ar na socruithe bunreachtúla sa Ríocht Aontaithe, in aon réigiún, i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh sin a imirt ar réigiúin eile.
Mar chuid den chomhrá seo, tá Sinn Féin fós ag impí ar an Státrúnaí reifreann a eagrú in 2030, i gceann trí bliana go leith. Má tá ceachtanna ar bith le foghlaim ón eispéireas a bhí ag Albain in 2014 agus sa Ríocht Aontaithe le Breatimeacht in 2016, is é gur gá ullmhúchán ollmhór a dhéanamh sula gcuirfí ceist mar seo ar dhaoine, agus gur fiú am agus spás a thabhairt don obair sin. Cothaíonn doiléireacht ar na ceisteanna seo éiginnteacht i measc an phobail agus, cé go bhfuil obair ar siúl ag Sinn Féin, an SDLP agus go leor grúpaí eile sa tír sa réimse seo, tá go leor ceisteanna nach bhfuil freagraí orthu fós agus a bheadh de dhíth mar chuid d’fheachtas.
Tá cumhacht le pobalbhreitheanna cosúil leis an cheann seo a d’fhoilsigh Gluaiseacht Eorpach na hÉireann agus na pobalbhreitheanna eile a thógann pictiúr de thírdhreach polaitíochta an oileáin thar thréimhse ama. Léiríonn siad go bhfuil bunús láidir leis na comhráite atá ag tarlú ar an cheist bhunreachtúil agus go bhfuil treocht áirithe le feiceáil. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil freagraí ar na ceisteanna ar fad go fóill, ach láidríonn sé an cás i dtaca leis na ceisteanna a chur.
















