Nach iomaí cor agus casadh a bhí le feiceáil ó cuireadh tús le Craobhchomórtais Sinsir na gCúigí i mbliana? Cé go bhfuil athruithe tagtha ar an struchtúr uile-Éireann leis an tarraingt oscailte a reáchtáladh ag tús na míosa, caithfear a rá go bhfuil an-tábhacht le comórtas na gCúigí go fóill. Is léir go bhfuil tionchar tar éis a bheith ag na rialacha nuaar na cluichí ar fud na tíre. Ar an gcéad dul síos, is deacair léamh cruinn a fháil ar chumas na bhfoirne ó dheireadh na sraithe go tús Chraobhchomórtas na gCúigí.
Níorbh fhéidir torthaí na gcluichí a thuar leis na cúilíní dhá phointe, triúr a choinneáil siar (ceathrar leis an gcúl báire san áireamh) agus triúr chun tosaigh. Feictear domsa go bhfuil an-tionchar tar éis a bheith ag an gclog agus deireadh a chur leis an amhras a bhain le cén uair a shéidfeadh an réiteoir an fheadóg dheireanach. Má bhreathnaítear ar thorthaí na gcluichí le déanaí, bhí roinnt torthaí gan choinne agus eachtraí cinniúnacha atá i mbéal an phobail ó shin. Caithimis súil ar cheithre chluiche spéisiúla i gCraobhchomórtas 2026: Dún na nGall v an Dún, Ros Comáin v Maigh Eo, an Iarmhí v an Mhí, agus Muineachán v Doire. Cuireann gach ceann acu scéal ar leith ar fáil, bunaithe ar stair, ar thaispeántas an lae agus ar stíl imeartha.
Dún na nGall v An Dún
Glactar leis go bhfuil Craobhchomórtas Uladh ar cheann de na comórtais chúige is iomaíche. Tháinig Dún na nGall isteach sa chomórtas tar éis dóibh cluiche ceannais Roinn 1 na sraithe a bhuachaint agus ár ndóigh mar churaithe Uladh 2025. Ach níor chuir sé sin isteach ná amach ar an Dún, a d’imir le misneach agus le muinín, ná ar bhainisteoir na foirne Conor Laverty. Ó thaobh na himeartha de, tá clú ar Dhún na nGall as córas cosanta láidir agus frithionsaithe fíochmhara. Ach tháinig an Dún i dtír ar na botúin agus iad ag cur brú leanúnach ar fhoireann Jim McGuinness. Chruthaigh Ceilum Doherty agus Adam Crimmons gluaiseachtaí láidre agus chríochnaigh Odhran Murdock, Daniel Guinness agus Micheal Rooney ionsaí i ndiaidh ionsaithe le cúil agus cúilíní cinniúnacha. In ainneoin cúig chúilín as a chéile ó Dhún na nGall ag tús an dara leath, bhí rith an ráis leis an Dún. Ach níor bhain an fuinneamh nó an tiomantas céanna leo in aghaidh Ard Mhacha sa chluiche leathcheannais agus bua de 28 gcúilín ag Ard Mhacha sa deireadh.
RM Block
Ros Comáin v Maigh Eo
Bhí Ros Comáin thar a bheith éifeachtach ag dul ar an ionsaí in aghaidh Mhaigh Eo, agus réimse leathan scórálaithe acu. In ainneoin nach raibh Daire Cregg ar fáil dóibh de bharr dó a bheith curtha ar fionraí, ba iad Ros Comáin a bhí i gceannas i lár na páirce. Bhí forlámhas iomlán acu sa dara leath ag aimsiú 1-17. Níl an chosaint chomh plódaithe leis na rialacha nua mar gheall go gcaithfear triúr a choinneáil sna tosaithe. Dá bhrí sin, tá níos mó saoirse ag foirne dul ar an bhfrithionsaí agus sraith scóranna a aimsiú. Chríochnaigh laoch na himeartha agus captaen na foirne, Diarmuid Murtagh, le 1-10 agus buille marfach a bhí sa chúl a fuair Darragh Heneghan le 69 nóiméad ar an gclog.
An Iarmhí v An Mhí
I gCraobh Laighean, cé go raibh Áth Cliath in uachtar le fada, tá foirne eile ag teacht chun cinn le cúpla bliain anuas. Cluiche tábhachtach agus drámatúil a bhí ann idir an Iarmhí agus an Mhí. Tá stair shaibhir ag an Mí agus iad ar cheann de na foirne móra sa chúige. Mar sin féin, tá dul chun cinn mór déanta ag an Iarmhí le blianta beaga anuas agus léirigh siad nach raibh aon fhaitíos orthu. Bhí tús láidir ag an Mí, le scóranna maithe ó Jordan Morris agus Eoghan Frayne ach a bhuí le cúil ó Matthew Whitaker agus ó Sam McCartan, bhí an Iarmhí sé chúilín chun cinn ag leath ama. D’fhreagair an Mhí le scóranna dá gcuid féin ach choinnigh fir na hIarmhí orthu ag déanamh na rudaí simplí, bunúsacha, i gceart lena n-áit a chinntiú i gcluiche leathcheannais Laighean.
Muineachán v Doire
Tá stíl imeartha Dhoire bunaithe ar chosaint láidir agus tógáil fhoighneach, ach níor éirigh leo smacht iomlán a fháil ar an gcluiche seo. Ar an lámh eile, tá clú ar Mhuineachán as a ndiongbháilteacht. In ainneoin go raibh Doire deich gcúilín chun cinn ag pointe áirithe sa chluiche agus nach raibh Muineachán thar mholadh beirte le linn na sraithe, níos chaill siad a gcumas cluichí móra a bhuachan. B’éigean do Rory Beggan agus David Garland an fód a sheasamh le cinntiú go ligfeadh an réiteoir Noel Mooney do Jack McCarron an cic a thógáil. Bhí an léitheoireacht ar na rialacha nua déanta acu agus cé go raibh an t-am caite agus an bonnán séidte, bhí a fhios acu go gcaithfí an deis a bheith acu an cic taobhlíne a thógáil. Agus cuimhneofar ar an scór cinniúnach ón ionadaí McCarron a chuir an cic taobhlíne thar an trasnán, ó uillinn an-ghéar le cúilín dhá phointe a aimsiú – an séú cúilín dhá phointe a d’aimsigh Muineachán sa dara leath. Ba é Beggan féin a thóg an cic saor deireanach arís, 47m amuigh leis an mbua a chinntiú dóibh tar éis am breise.
Tá sé feicthe againn go bhfuil níos mó foirne in ann dúshlán na gceannairí traidisiúnta a thabhairt. Tá cothromaíocht idir cosaint agus ionsaí níos tábhachtaí ná riamh. Is léir go bhfuil tionchar ag cúrsaí muiníne ar thoradh na gcluichí. Gan amhras, tá tábhacht mhór fós ag baint le bua Cúige. Léiríonn Craobhchomórtais Sinsir na gCúigí 2026 an fáth a bhfuil siad chomh tábhachtach i saol na peile. Tá cluichí iomaíocha feicthe againn go dtí seo le torthaí gan choinne a mheall aird na tíre. Tá an comórtas níos oscailte agus níos spreagúla ná riamh agus beidh tionchar ag na cluichí seo ar an gcuid eile den séasúr.
Foclóir
cor agus casadh = twists and turns
torthaí gan choinne = unexpected results
éifeachtach = effective
curtha ar fionraí = suspended
forlámhas = domination/supremacy
ionadaí = substitute
stíl imeartha = playing style
cothromaíocht = balance
ag dul ar an ionsaí = going on the attack
















