Cearta a aithnítear, ach a dtugtar neamhaird orthu. Reachtaíocht a achtaítear, ach nach gcuirtear i bhfeidhm. Straitéisí agus spriocanna a leagtar síos, ach a lagaítear nó a ndéantar dearmad orthu. Pobal teanga a chloistear, ach a fhágtar in áit na leathphingine.
Ceisteanna iad sin a bhí faoi chaibidil ag pléphainéil a reáchtáil an nuachtán Scéal sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach i Sráidbhaile Laoise seachtain ó shin. Chuir aíonna an phainéil go mór leis an gcur agus cúiteamh: Síobhra Aiken, léachtóir in Ollscoil na Banríona; Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge; Páidí Ó Lionáird, Bainisteoir Cumarsáide in Oifig an Choimisinéara Teanga; agus Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, eagras náisiúnta a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge.
Phléigh an painéal an easpa maoinithe d’eagrais Ghaeilge, na heasnaimh sa chóras oideachais agus an mhoill atá fós ar na Caighdeáin Teanga.
Ach ní ar shubstaint an phlé sin a dhíreofar anseo. Mar sin féin, ba í an íoróin mhín í gur ar gheallúintí briste a dhírigh cuid mhór den phlé agus an painéal ina shuí i lár fhearann shliocht an tsaighdiúra a bhí ar thús cadhnaíochta i ngabháil agus i gconcas ríochtaí dúchasacha lár na hÉireann in aimsir na dTúdarach - sa séú haois déag. Níl spás anseo chun cur síos cuimsitheach a dhéanamh ar stair ghabhlánach na linne, ná ar an bhforéigean, ar an mbrathadóireacht agus ar an bhfeallaireacht a lean. Is leor a rá gur sa ré sin a bhain polasaí na dílseachta agus na géillsine an bonn de chóras traidisiúnta na nGael.
RM Block
Idir 1534 agus 1603 a tharla an Gabháltas Túdarach nuair a cuireadh smacht míleata, polaitiúil agus dlíthiúil Shasana i bhfeidhm. Ba chor cinniúnach é sin i saol an tseanoird Ghaelaigh agus d’fhéadfaí a áiteamh go raibh dúichí Chúige Laighean ina réamhthurgnaimh don leathadh domhanda a bhí le teacht ar impireacht na Breataine sna blianta a lean.
Tar éis d’Anraí VIII briseadh leis an Róimh, socraíodh ar thailte na hÉireann a ghabháil mar chúltaca do Shasana. Nuair a bhásaigh Anraí in Eanáir 1547, lean an gabháil mhíleata faoi Éadbhard VI.
Tháinig Francis Cosby (1510–80) go hÉirinn in 1535 mar dhuine de dhrong Leonard Grey, a thug faoi reibiliúnaigh nár thairg umhlaíocht don choróin, agus chaith sé na blianta ag glacadh seilbhe ar fhód agus ar fhearann i ndúichí Uíbh Fhailí agus Uí Mhórdha.
In 1556, rith Parlaimint na hÉireann, faoi Philib agus Máire, Acht Plandála Laoise agus Uíbh Fhailí - an dlí faoinar chaill Clann Uí Mhórdha a gcuid tailte.
Smacht a fháil ar chríocha achrannacha Laoise agus Uíbh Fhailí mar dhea, agus clanna Uí Mhórdha agus Uí Chonchúir, i measc clanna eile, a chloí, b’shin an sprioc a bhí ag an nGabháltas Túdarach, agus leithéidí Cosby, Robert Hartpole, Thomas Radclyffe agus fear ionaid Eilíse I, Sir Henry Sidney, a thug faoin obair go deabhóideach agus go fuilteach.
In 1557, chéas na Sasanaigh Conall Óg Ó Mórdha, tiarna Laoise agus uncail le Ruaidhrí Óg Ó Mórdha, i Leithghlinn an Droichid, i gContae Cheatharlach, mar rabhadh do na Gaeil. An bhliain chéanna, ghabh Sir Thomas Radclyffe Murchadha Mac Murchadha, duine de mhórtheaghlaigh chumhachtacha Chúige Laighean, cuireadh ardtréas ina leith, agus crochadh é, tarraingíodh é, agus rinneadh ceathrúna de.
Lean achrann agus cogaíocht bhrúidiúil ar feadh na mblianta agus mar a tharlódh i gcríocha eile níos déanaí, rinne na plandálaithe comhghuaillíocht le roinnt clanna áitiúla de réir mar a d’fheil sé dóibh.
Tréimhse ghruama fhuilteach a bhí sa ré seo i stair na hÉireann. Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar phearsana na linne ar Dhíolaim Beathaisnéisí na hÉireann (dib.ie), le tuiscint a fháil ar dhuairceas an ama sin.
Bhí Ruaidhrí Óg Ó Mórdha i gcomhghuaillíocht le Cosby go dtí gur crochadh beirt chol ceathracha leis. In 1571 d’éirigh Ó Mórdha amach le Fiach Mac Aodha Ó Broin agus arís eile in 1576 le tacaíocht ó chlanna Uí Chonchúir.
Ach is é Ár Mhullach Maistean is mó a fhágann mícháil ar Francis Cosby agus ar a chomhghuaillithe. Cé nach léir go baileach cé a bhí i gceannas, bhí sé ar cheann de na heachtraí ab fhuiltí agus ba thromchúisí i stair na tíre ina ndearnadh sléacht ar cheannairí chlanna Gael.
Idir dheireadh 1577 agus Márta 1578 a tharla an tÁr. ‘Feall urghránna’ a tugadh air i gcuntas na gCeithre Máistrí. Tugadh cuireadh do ghaol le Ruaidhrí Óg, Muircheartach Mac Laoisigh Ó Mórdha, agus dá lucht leanúna, chuig cruinniú síochána ag Mullach Maistean, i gContae Chill Dara. Gealladh dóibh go mbeidís sábháilte ach nuair a shroicheadar an láthair, thimpeallaigh fórsaí Cosby agus Hartpole iad agus maraíodh suas le hochtó duine de mhóruaisle na nGael.
Sráidbhaile Laoise
Cé gurbh í an Ghaeilge teanga na háite, scaip an Béarla de réir mar a smachtaigh na Sasanaigh an tír ach lean sí uirthi, beo ar éigean, ar anáil na ndaoine.
Ar Lá Nollag 1837 thaistil an scoláire Seán Ó Donnabháin an bealach ar fad ón dTulach Mhór chun eolas a bhailiú ó sheanfhear san Fhailligh Bheag Íochtarach, cúpla míle lasmuigh de Shráidbhaile Laoise.
Ba é Maoileachlainn Ó Broin an cainteoir dúchais deireanach sa cheantar a raibh léann na Gaeilge aige, agus dhearbhaigh sé an lá sin gurbh é Sráidbhaile Laoise an t-ainm a bhí ag pobal labhartha na Gaeilge ar an áit.
Is iomaí baile a dtugtar ‘sráidbhaile’ air agus is maith le muintir Laoise aitheantas a thabhairt dá sráidbhaile féin agus leanúint den seanainm, Sráidbhaile Laoise.
Ós ann atáimid, is fiú a lua go raibh ionad eaglasta in aice an bhaile seo ó luathré na Críostaíochta in Éirinn, ionad a dtugtaí An Nuachongbháil (An Nuachabháil) air ó cheart. Is ann a bhí eaglais ag an Laoiseach, Naomh Colmán. Tá leaganacha Béarlaithe ann ar nós Oughaval agus is é Oakvale an leagan a chloistear á thabhairt air go minic anois. Ar an mbaile seo a coinníodh an lámhscríbhinn thábhachtach úd, Leabhar Laighean (nó Lebor na Nuachongbála mar a tugadh uirthi go stairiúil) agus thug muintir Uí Mhórdha aire agus ómós di. Tuairiscí staire, dánta, Táin Bó Cúailnge agus ginealaigh mhóruaisle na hÉireann, Muintir Uí Mhórdha ina measc, atá inti.
Leanann príomhshráid an bhaile i dtreo Bhaile Átha Í agus Cheatharlach. Ar na saolta seo tugtar an N80 air ach An Bealach Mór a bhíodh ag sean-Ghaeilgeoirí Laoise air.
I Sráidbhaile Laoise a rugadh an Canónach Ó hAnluain. Cé gurbh é Lives of the Irish Saints an saothar is mó cáil leis, is mó cuimhne air i Laois ar History of the Queen’s County, saothar nár foilsíodh go dtí tar éis a bháis. Bhí seanathair an Chanónaigh, Denis Downey, ar dhuine de na céadta Éireannach Aontaithe - timpeall 350 de réir an mheastacháin is coitianta - a cuireadh chun báis ar Churrach Chill Dara. D’ionsaigh an Maor-Ghinearál Sir James Duff iad ar an 29 Bealtaine 1798 tar éis dóibh géilleadh agus a n-airm a chur uathu faoi théarmaí ollmhaithiúnais a d’eagraigh an Ginearál Ralph Dundas.
Dhá gheallúint sábháilteachta a tugadh, breis agus dhá chéad bliain eatarthu, agus an toradh céanna ar an dá cheann.
Ar ndóigh, tá an caidreamh i bhfad Éireann níos fearr anois agus is ar thailte Mhuintir Cosby a reáchtáiltear an Picnic Leictreach, mar a gcuirtear fáilte roimh 80,000 duine gach bliain. Ba thráthúil, ar bhealach, gur trí gheata Cosby, an ‘Cosby Entrance’, a tháinig na haíonna chomh fada leis an bPuball Gaeilge.
Foclóir:
Reachtaíocht - legislation
Soiléireacht – clarity
Gabháltas – conquest
Comhghuaillíocht – alliance
lucht leanúna – followers
chéas – crucified
lámhscríbhinn - manuscript

















