Ní i gcónaí a chomhlíonann polaiteoirí na geallúintí a scaoileann siad uathu le linn toghcháin, mar a thug coinín amháin díobh le tuiscint tráth. Níor lean Trumpa na Cruinne a chuid geallúintí nach mbeadh armtrúpaí na bPoncánach i gcónaí sáite ina gcuid cogaí síoraí. Níor éirigh le FFGF (nó pé ainm atá orthu faoi láthair) ceist mhór na tithíochta a réiteach, agus níl an chuma air go bhfuil aon fhonn orthu tabhairt fúithi go héiritheach, ná drannadh léi, nó cuimilt ar a sleasa, nó seasamh ar a bruach, nó féachaint go díreach sa phus uirthi in aon chor in aon chor, ná ar chor ar bith.
Ach tá aon pholaiteoir amháin a chloígh leis na prionsabail arbh orthu a sheas sí nuair a chuir sí a hainm chun cinn i dtosach, agus a bhfuil sí dílis dóibh ó shin. Is í sin, uachtarán na tíre, Catherine Connolly.
Tá rud éigin neamhchoitianta ag baint le polaitíocht na hÉireann le tamall, agus ní furasta a shloinneadh le cruinneas. Ach, agus mé ag útamáil timpeall ag iarraidh é a chiallú bolaím gur rud éigin amhlaidh seo: toghaimid ár dteachtaí Dála, ár mbuachaillí áille, ár gcailíní mála le bheith ina gcomhairleoirí contae, le sclaigeanna an bhóthair a líonadh, le dlíthe peiriúiciúla a rith, leis an tarbh a choimeád ón mbóthar, leis na traenacha a ghluaiseacht in am. Ach déanaimid an tUachtarán a thoghadh leis na hidéil is ansa linn a chosaint, leis na mothálacha is gaire dár gcroí a fhógairt, leis na nithe a bhfuil an rialtas reatha rómheata a rá os ard a chraobhscaoileadh.
Sin é go díreach a dhein sí ag an gcéad thuras thar lear a thug sí an tseachtain cheana agus í ag caint ag comhdháil dar teideal ‘Cosaint an Daonlathais’ in Barcelona. De réir tuairisce sa nuachtán seo chuir sin ‘míshuaimhneas’ ar an rialtas, ach ní léir cad ina thaobh go mbeadh an rialtas daonlathach againne míshuaimhneasach mar gheall ar ár nUachtarán tofa go daonlathach ag caint ag comhdháil idirnáisiúnta mar gheall ar chosaint an daonlathais chéanna?
RM Block
De réir na tuairisce céanna, agus níl ann ach tuairisc, b’fhearr leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha go dtabharfadh sí a céad turas thar lear ar an Ríocht Aontaithe lastoir dínn agus gur cuairt ar cheann stáit a bheadh ann, is é sin, ar an tríú Séarlas den ainm sin, é féin! An féidir go bhfuil seo fíor? Lándáiríre? Gan bhréag? Agus ní mar mhagadh? Ná greann? Ná fiacail ná dintiúir a chur ann? Abartar linn gur i dTír na nÓg agus na Samhlaíochta atáimid, nó an amhlaidh go bhfuil an táirmheon cóilínithe lúitéiseach uiríseal caipíneach fós i réim sna ranna is tábhachtaí idirnáisiúnta atá againn?
Sin é an fáth ar cheapamar Catherine Connolly, go seasfadh sí ar son na luachanna idirnáisiúnta is ansa linn agus arb é an fáth gur tír neamhspleách in aon chor sinn. Tuigimid go binn gurb aoibhinn le FGFF (nó pé ainm atá orthu inniu) ár neodracht a shlánaíonn sinn ó gheilt an domhain a chaitheamh sa bhanc dramhaíl le háthas agus rince a dhéanamh ar uaigh De Valera agus William T. Cosgrave in éineacht, ach gurb í an tUachtarán an t-aon ghuth atá ag cur ina gcoinne.
Más fíor na tuairiscí, nach fiú an cheist a chur, cad é go díreach a bhí bunoscionn nó contráilte nó achrannach nó conspóideach le rá go bhfuil deis faoi leith againn ‘dearcadh neodrach, iarghorta, iarchóilíneach’ a thabhairt ‘d’fhonn comhoibriú idirnáisiúnta agus dálaí síochána buana a fhothú’, nó an amhlaidh nach iad sin atá ag teastáil ón rialtas?
An bhfuil aon seans faoin spéir liath ghruamach go gcuirfeadh iriseoir cróga an cheist sin ar thaoiseach, ar thánaiste, ar aire cosanta?

















