Deir Conradh na Gaeilge gur “céim shuntasach chun cinn” atá ann gur glacadh le rún go gcaithfí £100,000 chun comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i gCathair Bhéal Feirste. Vótáil Sinn Féin, an DUP agus an SDLP uilig ar son an rúin ag cruinniú den Chomhairle Cathrach an tseachtain seo caite agus is é seo an chéad uair riamh don DUP tacaíocht a thabhairt ar son comharthaíocht dhátheangach sa chathair.
Baineann an tionscadal áirithe seo leis an dara céim de thogra sa Cheathrú Ghaeltachta, agus caithfear an maoiniú a aontaíodh an tseachtain seo caite ar chomharthaíocht sráide i 50 sráid eile sa chuid uachtarach den cheantar, idir Bealach Uí Chinnéide, Baile Andarsan, Bóthar Seoighe agus Bóthar an Ghleanna.
Sa bhliain 2024, cuireadh scéim i gcrích chun 764 comhartha a chur in airde ar 301 sráid sa chuid íochtarach den Cheathrú Ghaeltachta a bhí aitheanta ag an Chomhairle ag an am sin. In áit suirbhé a dhéanamh ar gach sráid, scríobhadh chuig gach cónaitheoir le cur in iúl dóibh go raibh comhartha le cur in áirde, agus as sin bhí an rogha ag cónaitheoirí suirbhé a iarraidh.
Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge, go gcuirfear an togra seo le “le normalú, le comhbhá agus le caoinfhulaingt, go háirithe i measc an phobail áitiúil”.
RM Block
“Roimhe seo, fágadh sciar suntasach den Cheathrú Ghaeltachta ar lár ach tá muid millteanach sásta go bhfuil iomlán na Ceathrún Gaeltachta anois aitheanta ag an Chomhairle anseo i mBéal Feirste. Cinnteoidh an tionscadal seo go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ó bhun go barr an limistéir sin, ó Bhóthar Seoighe go bun Bhóthar na bhFál, agus achan áit idir eatarthu,” a dúirt sí.
“Cuideoidh an tionscadal seo fosta leis na fadhbanna móra atá ag Halla na Cathrach plé leis an éileamh ollmhór ar an tseirbhís seo, tráth a bhfuil na céadta iarratas fós sa scuaine ó tháinig an polasaí úr isteach in 2022. Leanfaidh Conradh na Gaeilge orainn ag éileamh agus ag obair i dtreo comhionannais don Ghaeilge de réir an dea-chleachtais is fearr faoi mar atá leagtha amach sa dlí.”
Tionscnaimh, foilseacháin agus maoiniú fógartha ag Foras na Gaeilge
Bhain Foras na Gaeilge leas as “seachtain bhríomhar agus fhiúntach” ag Oireachtas na Samhna i mbliana, áit ar sheol siad leabhair, tograí úrnua agus maoiniú don bhliain atá romhainn.
I measc na dtograí a seoladh ag an Oireachtas bhí Gaelphobal, sraith gearrfhíseáin úrdhéanta a léiríonn obair thábhachtach na pleanála teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta: an Clochán, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Dún Garbhán agus Trá Lí. Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, an togra agus taispeánadh na físeáin den chéad uair le linn na hócáide. Tá siad ar fáil anois ar YouTube.
Sheol an tAire Calleary trí leabhar nua ón Ghúm: Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile, cnuasach filíochta le Gabriel Rosenstock a mhaisigh Joe McLaren, Thuas Staighre, Thíos Staighre, pictiúrleabhar nua le Claire Marie Dunne maisithe ag Anita Foley, agus Julian an Mhaighdean Mhara, aistriúchán le Shanna Ní Rabhartaigh agus Gillian Nic Ionmhain ar shaothar cáiliúil Jessica Love. Tugadh ómós don fhile iomráiteach agus údar Gabriel Rosenstock, a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Aibreáin, agus cuireadh fáilte roimh a bhean chéile agus a iníon ag an imeacht chun dán ón chnuasach nua a léamh.
Oíche Airneáil Rann na Feirste ar na bacáin
Beidh ócáid speisialta ar siúl in Áislann Rann na Feirste an Satharn beag seo, an 13 Samhain, le ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a rinne muintir na háite ag Oireachtas na Samhna 2026. Is cinnte go mbeidh ceol, amhráin, lúibíní, agallamh beirte, damhsa, cuideachta agus craic ar siúl san Áislann do gach duine den phobal, idir óg agus aosta.
Déanfar ceiliúradh fosta ar an leabhar Maith thú a Mhicí le Micí Sheáin Néill Ó Baoill, an seanchaí agus scothscéalaí mór le rá as Rann na Feirste. Foilsíodh an cnuasach scéalta den chéad uair sa bhliain 1956 ach cuireadh i gcló arís é ar na mallaibh le go mbeadh deis ag glúin úrnua sult a bhaint as. Ba mhór an gaisce é gur bhain sé Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar na Bliana ag Comórtais Liteartha an Oireachtais i mbliana. Is iomaí duais agus gradam a bhain Micí Sheáin Néill é féin ag an Oireachtas ó thús na 1940idí go bhfuair sé bás i mí an Mhárta 1981.
Ní bheidh costas ar bith ag baint leis an ócáid seo agus cuirfear tús leis an spraoi ag 8pm.















