Ordaím féin agus Holly matcha an duine le suí ar thaobh na sráide. Is geall le haiteall lá báistí seal ina comhluadar i gceartlár na cathrach ar lá gnóthach, trácht agus an saol mór ag dul tharainn. Tá an sólás céanna le fáil ina cuid ceoil nua: indie-pop faoi anáil folk a bhíonn á scríobh go machnamhach fileata aici. Autofill mar shampla, amhrán faoi chuile nóiméad den lá a líonadh seachas suí lenár smaointe - “scrolláil, pleanáil, ag iarraidh a bheith gnóthach” - a chuireann míshuaimhneas na liricí i gcodarsnacht - nó cothromaíocht mar a thugann sí féin air - le ceol séiseach éadrom agus geal.
Fileann muid ar an gcothromaíocht arís agus arís eile inár gcomhrá: “sin téama an lae!” ar sise.
Scríobhadh Big Kids, chéad singil an albaim, faoi mhaireachtáil in aontíos le cairde: léaró áthais sa chóras tithíochta reatha. Léargas lán cumhá ar an tuiscint go mbíonn deireadh le gach ré agus go n-imeoidh cairde ar a mbóithre féin ar deireadh.
“Tá mothúchán an-chumhach ann, ach táim fós sa tréimhse sin! Níl mé in ann tiomáint fós! Ach tá sé suimiúil, an t-amhrán sin, agus Autofill, mothaíonn siad sean anois.”
RM Block
Táim ag bogadh trí na feachtais anois le níos mó boige, mar nuair atá tú ag obair duit féin tá an oiread brú ann - ach is tusa an t-aon duine atá ag brú!
Scaití éascaíonn imeacht ama eisiúint amhráin, go háirithe agus téamaí chomh pearsanta is a bhíonn á scríobh ag Holly i gceist.
“Is cuid de mo scéal iad. Maireann na mothúcháin. Déanaim iarracht gan bheith róchrua orm féin faoin rud a scríobhaim. Má bhím ag déanamh censoring orm féin, ní bhíonn an ceol go maith, i mo thuairim. Tá sé éasca a rá, ach uaireanta… Tá amhrán amháin ar an albam atá an-deacair dom a chanadh. Tá sé pearsanta, ach sin cuid den scéal freisin. Tá sé níos éasca amhrán a chanadh a bhfuil tú cneasaithe uaidh. Nuair atá sé fós beo, tá sin deacair - ach sin an stíl atá agam!”
Is léir go bhfuil tuiscint dhomhain aici ar an méid atá uaithi, agus ón earnáil: “mothaím go mbíonn sé maith bop a eisiúint don raidió. An chéad singil eile [What’s For You Won’t Pass You], tá sé, ceapaim, níos dorcha, ach fós oiriúnach don raidió. Caithfidh tú dul leis an rud a mhothaíonn fíor duitse freisin.”
Tá cinneadh déanta aici an t-albam seo a sheoladh “100% neamhspleách” - athrú mór d’amhránaí a raibh bainistíocht aici ó bhí sí 18 mbliana d’aois. Dar léi go bhfuil struchtúr na hearnála róshrianta.
“Fuaimníonn sé simplí, ach ní raibh uaim ach seirbhís ar féidir íoc as, go ndéantar an jab, agus ansin gur liomsa an ceol. Bhí níos mó smachta uaim. Is tionscadal an-deacair é, tá níos mó cumhachta ann má tá neamhspleáchas agat. Mothaím sin. Fiú i ndiaidh dhá amhrán, tá sé éagsúil ó thaobh meoin de. D’íoc mé duine as seirbhís agus sin é. Níl aon sneaky deals. Is caibidil nua é agus mothaíonn sé go maith, go háirithe i gcomhair an chéad albaim.”

Is léir gur léi féin an togra seo, ó fhíseáin ghleoite go scairf dhearg ar cineál comhartha sóirt dá cuid stíle í agus atá á caitheamh aici inniu, go fuaim shainiúil a glóir shéimh ar na rianta nua-eisithe. Is léi an fhís agus toradh na hoibre, agus ciall cheannaithe gur fearr cairde sa gcúirt, ach gur gá d’fhód féin a sheasamh ar dtús.
“Táim théis a bheith ghosted! Bheadh cruinniú le duine a deir ‘á, tá seo ar fheabhas, ba mhaith liom oibriú leat’ - bainistíocht nó lipéad - ach ansin ciúnas raidió. Agus tarlaíonn sin go minic, ní domsa amháin. Anois an t-aon slí a bhfuil mé chun oibriú le duine ná má tá siad 100% liom, agus tuiscint acu ar m’fhís.”
Tagann neamhspleáchas le dúshláin freisin, rud atá foghlamtha ag Holly, a raibh streachailt aici leis an tnáitheadh níos túisce i mbliana.
“Chuir sé sin gach rud bunoscionn. Táim ag bogadh trí na feachtais anois le níos mó boige, mar nuair atá tú ag obair duit féin tá an oiread brú ann - ach is tusa an t-aon duine atá ag brú!”
Dar léi nach mbaineann seo leis an gceol amháin ach leis an saol trí chéile, gur gá dúinn uilig a bheith airdeallach.
“Tá sé deacair, díreach a bheith i do 20idí - 27 club! Ceapaim gur gá caint faoi níos mó. Is féidir le do mheabhairshláinte stop iomlán a chur leat. Níor thuig mé sin, ceapaim. Ach necessary evil a bhí ann chun cothromaíocht a fhoghlaim. Anois is féidir liom a rá, sea, caithfidh muid airgead a dhéanamh, caithfidh mé ceol a dhéanamh, sin mo phaisean… ach mura féidir éirí as an leaba? Céard é an pointe?”
Ionracas agus cothromaíocht a leigheas ar an gceist.
“Tá sé aisteach, moltar a bheith féinchúiseach sa lá atá inniu ann. Go háirithe ar líne. Ach níl me ag iarraidh! Uaireanta nuair a smaoiním faoi cheol nua, samhlaím masc a chaitheamh. Ach, ag an am céanna, na healaíontóirí is fearr liom, Adrianne Lenker, mar shampla, ní fhéadfadh siad a bheith níos fírinní. Ag deireadh an lae, sin a théann i bhfeidhm. Sin an mothúchán céanna a fhaigheann muid agus muid ag suí anseo ag caint le chéile. Sin an pointe.”
Eiseofar albam Holly, It Feels Good To Remember What I Thought I Forgot, i mí Feabhra.
Foclóir:
aiteall = break in the rain
go machnamhach = thoughfully
séiseach = melodic
cneasaithe = healed
róchrua = too hard
streachailt = struggle














