‘Todhchaí’ seirbhísí Gaeilge sa spotsolas

Tá sé d’aidhm ag clár fiontraíochta nua gnólachtaí Gaeilge a chur ar bun

An tAire Gaeltachta Dara Calleary a sheolfaidh an clár fiontraíochta nua 'Todhchaí' sa Mhol Digiteach i mBaile Átha Cliath. Grianghraf: Stephen Collins/Collins Photos
An tAire Gaeltachta Dara Calleary a sheolfaidh an clár fiontraíochta nua 'Todhchaí' sa Mhol Digiteach i mBaile Átha Cliath. Grianghraf: Stephen Collins/Collins Photos

Seolfaidh an tAire Gaeltachta Dara Calleary clár fiontraíochta nua sa Mhol Digiteach i mBaile Átha Cliath inniu a chuirfidh tacaíochtaí agus oiliúint ar fáil d’fhiontraithe le Gaeilge le go mbeidh siad in ann a gcuid seirbhísí a chur ar fáil sa teanga.

Is páirtnéireacht de chuid Údarás na Gaeltachta, an Mol Digiteach agus Gaeilge365 é an clár nua, ar a bhfuil an teideal Todhchaí, agus tá sprioc ann go mbeidh ar a laghad 15 gnólacht nuathionscanta Gaeilge á mbunú gach bliain.

Mar chuid den obair seo cuirfear ranganna ar líne agus ceardlanna ar siúl agus beidh deis ag gnólachtaí nua teagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach atá ag éileamh seirbhísí sa teanga.

Ag labhairt dó le Scéal, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin go bhfuil fás mór tagtha ar an éileamh atá ann do sheirbhísí trí Ghaeilge ón earnáil phoiblí agus mar sin tá sé tábhachtach go gcuirfear an deis ar fáil do ghnólachtaí nua na seirbhísí seo a chur ar fáil.

Is deis é seo do chomhlachtaí beaga sa Ghaeltacht agus in áiteanna eile ar fud na tíre atá ag feidhmiú agus ag cur seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

—  Tomás Ó Síocháin, Údarás na Gaeltachta

“Tá éileamh ag teacht ón earnáil phoiblí bunaithe ar an reachtaíocht atá ann, bunaithe ar an bhfás agus an tsuim atá ann ó thaobh cúrsaí Gaeilge,” a dúirt sé.

“Is deis é seo do chomhlachtaí beaga sa Ghaeltacht agus in áiteanna eile ar fud na tíre atá ag feidhmiú agus ag cur seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

“An rud a bheidh mar thoradh air ná go mbeadh ardán ann, go mbeadh soláthróirí beaga agus na daoine aonaracha in ann a gcuid seirbhísí a liostáil agus ar an dtaobh eile, beidh na háisíneachtaí poiblí a bhfuil na seirbhísí seo ag teastáil uathu ag teacht.”

Dúirt Ó Síocháin freisin go dtabharfadh an clár deis do mhuintir na Gaeltachta gnólachtaí a bhunú agus fanacht ina gceantar féin.

“Ar shlí tá tú ag tarraingt ar fhiontraíocht agus ar phobal na Gaeltachta le bheith ag freastal ar an éileamh atá ann do sheirbhísí ó thaobh amuigh den Ghaeltacht,” a dúirt sé.

Ina measc siúd a bheidh i láthair ag seoladh Todhchaí, beidh Loretta Ní Ghabháin atá ina bunaitheoir agus stiúrthóir bainistíochta ar an gcomhlachta Lorg Media.

Tá an comhlacht lonnaithe i gCathair na Gaillimhe agus bíonn siad ag plé le cruthú ábhair agus margaíocht dhigiteach trí mheán na Gaeilge.

“Creidim gur rud an-dearfach é. Ní raibh a leithéid de rud ann nuair a bhí mé féin ag tosú amach,” a dúirt Ní Ghabháin.

“Ag an am ní raibh an oiread sin fiontraíochta ar siúl [san earnáil ina raibh sí ag obair], bhí roinnt ar ndóigh. Tá fás ag tíocht air sin agus dá bharr, tá sé iontach go bhfuil a leithéid ar fáil anois.

“Nuair a thosaigh mise amach, ní raibh Údarás na Gaeltachta ag tacú le gnólachtaí sna meáin [dhigiteacha]. Ní raibh aon tacaíocht ann do dhaoine a bhí ag feidhmiú mar sheirbhís. Tá sé sin anois ag athrú agus is maith an rud é sin.”

Dúirt Ní Ghabháin freisin gur chóir go mbeadh gnólachtaí atá bunaithe cheanna in ann tairbhe a bhaint as an gclár Todhchaí agus níor chóir do thacaíochtaí a chur ar fáil do ghnólachtaí nuabhunaithe amháin.

“Beidh go leor le tabhairt ar ais ag comhlachtaí atá théis gnó a bhunú i saol na Gaeilge,” a dúirt sí.

Mhol an fiontraí freisin gur chóir a chinntiú go mbeidh deiseanna oiliúna ar fáil taobh amuigh den ardchathair agus in iarthar na tíre go háirithe.

“Bhíodh orm i gcónaí dul go Baile Átha Cliath le freastal ar chruinnithe agus comhdhálaithe le tuilleadh traenála a dhéanamh. Tá sé sin ag athrú, rud atá iontach, ach ba bhreá liom níos mó a fheiceáil an taobh seo tíre,” a dúirt sí.

Ina theannta sin, luaigh Ní Ghabháín an clár Going for Growth mar scéim a bhí dírithe ar mhná agus a thug tacaíocht di a gnó féin a bhunú agus a fhorbairt. Luaigh sí gur cheart go mbeadh scéim cosúil leis ar fáil mar chuid den chlár.

“Tá spás ann an gort sin a leathnú amach freisin agus go mbeadh níos mó tacaíochta ar fáil do mhná agus go bhfuil siad in ann tíocht le chéile chomh maith,” a dúirt sí.