Tiocfaidh muid inniu le plé a dhéanamh ar chumadh focal do ghnóthaí nua-aimseartha a bhíonn de shíor ag iarraidh cois a choinneáil le rothaí móra an tsaoil. Tá tarraingt mhór anois ar aistriúcháin de gach uile chineál agus tá cathú mór san obair seo aithris a dhéanamh ar na teangacha móra agus go háirithe ar an Bhéarla. Is iomaí gné a thig i gceist i gcumadh focail nach rithfeadh i gcónaí le gnáthchainteoir a bhíonn ag siortú foclóirí – cruinneas céille agus foirme, simplíocht fuaime agus litrithe, a bheith ag teacht le gramadach na Gaeilge agus thar gach rud eile a bheith inráite. Cuidiú mór fosta é a bheith furasta leaganacha eile den bhunfhocal a chumadh ar na bealaí traidisiúnta.
Moltar go minic gur cheart aithris a dhéanamh ar fhocail a bhí sa Ghaeilge leis na céadta bliain agus iad a chur ag obair sa teanga nua-aimseartha arís. Ach tá faichill de dhíth san obair seo.
Is é fás na scolaíochta dar liom a chuir beocht úrnua faoin fhocal seo ach d’fhan an bhunbhrí i gcaint na ndaoine i gcomhthéacsanna a d’fhóir don fhocal.
Is cuimhneach liom nuair a rinneadh athbheochan ar an fhocal ‘tionchar’ tamall maith de bhlianta ó shin ann go raibh caibidil agus caint go leor faoi. An raibh an chiall cheart chruinn leis a bhí uainn? Cén bealach ar cheart an focal a fhuaimniú is araile. Shocraigh úsáideoirí na Gaeilge cuid de na ceisteanna sin le himeacht aimsire. Bíonn trí shiolla ag Muimhnigh ann tion-a-char, rud a mbeifeá ag súil leis – dhá shiolla a bhíonn ag cainteoirí as na canúintí eile. Fágann an litriú an tsaoirse sin ag cainteoirí. Deirtear gur as an tSeanGhaeilge to-in-chor ‘tionchor’ an leagan seo den fhocal agus bhí cialla éagsúla leis agus tá siad sin athráite i bhfoclóir Uí Dhónaill (1977). Síneadh céille a thugann ciall an fhocail Béarla influence dúinn – is é sin a bheith saibhir go leor i maoin an tsaoil le bheith ábalta a ghabháil i bhfeidhm ar dhaoine (tionchar a imirt orthu).
Is deas anois gur chum an Coiste Téarmaíochta le fíorghairid an focal ‘tionchaire’ mar aistriúchán ar influencer atá go mór i mbéal na ndaoine sa lá atá inniu ann.
RM Block
Focal eile den chineál seo ar fiú aird a tharraingt ar an dóigh ar tháinig sé anuas chugainn agus atá le fáil go fairsing in úsáid i réimsí móra den Nua-Ghaeilge inniu – is é sin an focal ‘forbairt’. Is as an bhriathar for-beir na Sean-Ghaeilge a tháinig sé. Is é an bhunchiall a bhí leis ‘a bheith ag fás, ag dul i méid’ agus ar ndóigh is furasta a fheiceáil cén bealach ar baineadh síniú eile céille as an fhocal - rud a a thugann na cialla comhaimseartha atá aige dúinn. Forbart an chéad fhoirm a bhí ar an fhocal ach tháinig an leagan forbairt chun cinn go luath.
Is é fás na scolaíochta dar liom a chuir beocht úrnua faoin fhocal seo ach d’fhan an bhunbhrí i gcaint na ndaoine i gcomhthéacsanna a d’fhóir don fhocal.
Is cuimhneach liom scéal leathghreannúr a chluinstin faoin fhocal agus mé ar cuairt i dteach airneáil oíche amháin. Ba í an Ghaeilge teanga an tí seo ach ar chúis éigin ba pháipéar nuachta Béarla a spreag ábhar na cainte a bhí againn. Ba as Albain a tháinig an páipéar nuachta Béarla a bhíothas a léamh. Is é an scéal a bhí ann gur bhuail tochas damanta fear óg a raibh féasóg air agus is ina smig(ead) a bhí an tochas.
Ba é deireadh an scéil gur fhógair na dochtúirí a scrúdaigh an fear san ospidéal gur leathchúpla a bhí ann agus gur anois a thosaigh an leathchúpla eile ag forbairt agus gur sin an chúis a bhí leis an tochas. Is é an rud a dúirt bean an tí gur sin ‘beo nár fhorbair’ i gceart.
Tá úsáid eile a bhaintear as an fhocal seo nuair a bhítear ag tagairt d’ainmhithe nó d’éanlaith agus in amanna don duine féin. Bíonn forbairt nó seargadh feola ar dhuine, ar ainmhí nó ar éanlaith de chineál éigin – ag éirí ramhar nó ag cailleadh meáchain. Gné thábhachtach den tsaol is dócha. Seans go maireann cuid den bhéarlagair seo i measc feirmeoirí agus búistéirí go fóill féin.
Nach iomaí casadh a bhíonn i saol na bhfocal!
Foclóir: Béarlagair = jargon, slang; Beo = a live being/thing; Damanta = terrible, intense; De dhíth = needed, required; Faichill = care, caution; Fóir = to suit; Seargadh = to wither, to decline; Síniú céille = extended meaning; Siortaigh = to search, rummage














