“Tuigimid a chéile; aithníonn ciaróg, ciaróg eile. Is áiteanna mar seo atá in ann a bheith ar na hionaid is aitheanta amach anso sa tír. Teastaíonn uaim go mbeidh sé ar an mapa i gceann 10 mbliana nó 20 bliain. Tá níos mó i gceist ná tearmann d’ealaíontóirí.”
Déanann an ceoltóir mór le rá Cormac Ó Beaglaoich cur síos ar an ionad ealaíon nua a d’oscail sé i mbliana i gCorca Duibhne, Contae Chiarraí.
Suite ar chósta an Atlantaigh in aice le Cé an Dúinín i bParóiste Múrach, tá Airt lonnaithe i bhfoirgneamh mór ársa a bhfuil 11 seomra codlata ann agus radharcanna sciamhacha aige ar an bhfarraige agus ar thírdhreach na leithinse.
Bhíodh an foirgneamh in úsáid mar theach lóistín tráth - An Seana-Ché - áit ar chaith Cormac neart ama ag obair sa chistin agus é ina dhéagóir.
RM Block
Ach anois tá an Ciarraíoch spreagtha le leas a bhaint as an láthair chun tacaíocht a chur ar fáil d’ealaíontóirí agus an cultúr a chur chun cinn i measc an phobail. Mhínigh sé an inspioráid taobh thiar d’ainm an ionaid.
“Airt an t-ainm atá air, sin seanfhocal Gaelainne ón Albain chun treoir a thabhairt do dhuine éigin,” arsa Cormac.
“Na Ceithre hAirde, sin iad na pointí ar chompás agus sin a thabharfaidh treoir do dhaoine.”
Tá an t-ionad ag cur fáilte roimh chuid de na ceoltóirí is mó sa cheol traidisiúnta an samhradh seo: Liam Ó Maonlaí, Ye Vagabonds, Andy Irvine, Noel Hill, Aoife Ní Bhriain agus Liam O’Connor.
Ina theannta sin, trí huaire i rith na seachtaine - Dé Máirt, Déardaoin, Dé Sathairn - reáchtáiltear ceolchoirmeacha i suíomh cluthar compordach leis na healaíontóirí cónaithe seo agus bíonn cuid acu i mbun ceardlann le muintir na háite chomh maith.
Ar a bharr sin, tá fáilte roimh dhaoine a bhfuil suim acu freastal ar chúrsaí seachtaine nó deireadh seachtaine seomra a chur in áirithe sa teach agus cuirfear bricfeasta, lón agus dinnéar ar fáil dóibh agus na ranganna á ndéanamh acu.
“Chuir mé aithne ar an-chuid ealaíontóirí den scoth thar na blianta agus is onóir mhór dom cuireadh, agus blaiseadh de Chiarraí Thiar, a thabhairt dóibh,” a dúirt Cormac.
“Tugann áiteanna mar seo spreagadh agus deis do dhaoine díriú ar a gcuid tograí féinig agus díriú orthu féinig, sin an príomhrud. Beidh áit aoibhinn, inspioráideach acu leis an teanga, an cultúr, agus an ceol mórthimpeall orthu.”
Is léir áfach go bhfuil léargas ag Cormac ar mheon an ealaíontóra, agus meon an cheoltóra go háirithe.
“Tá sé tábhachtach dom na deiseanna sin a chur ar fáil. Tá taithí agam ar feadh na mblianta ar a bheith ag eagrú ceolchoirmeacha,” a mhínigh sé.
“Bhaineas taitneamh as a bheith ag plé le ceoltóirí, tuigim iad, déanaim mo dhícheall dóibh.
“Mar ealaíontóir tá sé an-tábhachtach áit a bheith agat, tearmann, agus am a fháil duit féinig. Tá sé aonarach, bíonn ar ealaíontóirí díriú ar na ceisteanna móra chomh maith ach sin saol an ealaíontóra.”
Ar ndóigh, tá an chuma ar an scéal go dtugann sé sásamh ar leith do Chormac ionad a bhunú freisin, tearmann a chuireann go mór le stair agus le cultúr na háite ar shuíomh iargúlta ciúin.
“Tuigim an tábhacht a bhaineann leis má tá ionad mar seo ann, áit do mhuintir na Gaeltachta,” arsa an ceoltóir.
“Ceantar an-tábhachtach is ea Paróiste Múrach, ceann des na paróistí is ciúine i slí amháin ar an leithinis agus tá ealaíontóirí ann leis na glúinte; amhránaithe, scríbhneoirí, ceoltóirí, rinceoirí.
“Is áit an-tábhachtach í agus tá sé go deas onóir a thabhairt don stair anso agus a bheith ag bailiú scéalta faoin gceantar chomh maith.
“Tá 14 bliana nó níos mó caite agam ag taisteal le mo chairde ceoil agus in 2014, seo an fhís a bhí agam: áit mar seo a oscailt.”
Tugann áiteanna mar seo spreagadh agus deis do dhaoine díriú ar a gcuid tograí féinig agus díriú orthu féinig, sin an príomhrud. Beidh áit aoibhinn, inspioráideach acu leis an teanga, an cultúr, agus an ceol mórthimpeall orthu.
Bhí sé thar a bheith dúshlánach do Chormac láthair bhuan a fháil d’Airt, áfach, agus nuair a chuir sé tús leis an tionscnamh in 2014, bhí air imeachtaí a chur ar bun i neart áiteanna difriúla.
“Táimse ag obair thar na blianta chun áit a fháil sa Ghaeltacht,” a dúirt sé.
“Ó 2014, bhíos ag rith cúrsaí ón mbaile ó thig mo mháthar agus bhíos ag fáil tithe ar cíos agus ag fáil talamh sa cheantar chun cúrsaí a rith.”
In ainneoin na ndúshlán seo, tá Airt tar éis réimse leathan cúrsaí agus ceardlann a reáchtáil: tógáil ballaí cloiche, cniotáil, rince, ceol agus ceamaradóireacht.
Is léir áfach gur buntáiste ollmhór é ionad ar leith a bheith ann do na himeachtaí agus go gcuireann na háiseanna nua go mór leis an eispéireas a chuireann an tearmann ar fáil do na haíonna.
Tá sána soirn adhmaid nua-aimseartha ann a bhfuil radharc álainn aige ar bheanna an Triúir Deirféar agus ar Chnoc Bréanainn.
Tá bairille adhmaid le huisce fuar ar fáil freisin nó is féidir le haíonna léim isteach san fharraige atá dhá nóiméad siúl ón ionad.
Ina theannta sin, tá scoth an bhia agus dí ar fáil in Airt. Tá pizza ó oigheann adhmaid ann agus tá saol nua tugtha ag Cormac don veain champála a bhain clú agus cáil amach ar an gclár teilifíse Slí na mBeaglaoich.
“An sean-champervan a bhí agam - Beauty - tá sé sin athraithe isteach ina veain chaife,” ar seisean.
“Tá meaisín breá caife ceannaithe agus táimid ag fáil caife ó ‘Bean in Dingle’, mar sin beidh ‘Beauty Coffee’ againn.
“Tá sána an-deas againn, beidh caife iontach againn, beidh pizza deas againn. Áit í a mbeidh daoine in ann teacht agus beidh fáilte roimh ealaíontóirí i lár na Gaeltachta.”
Ar ndóigh, tá gné phearsanta ann chomh maith mar tugann an tionscnamh deis do Chormac a bheith ina chónaí ina cheantar dúchais agus a bheith ag plé leis an gceol agus teagmháil rialta a bheith aige lena chairde cruthaitheacha ag an am céanna.
“Dom féin chomh maith, theastaigh uaim maireachtaint sa Ghaeltacht agus slí bheatha a dhéanamh anso chomh maith,” a dúirt sé.
“Táimse in ann a bheith anso agus a bheith ag plé leis na healaíona agus a bheith ag bualadh le mo chairde ceoil agus ealaíontóirí eile.”
Foclóir:
ceamaradóireacht = photography
iargúlta = remote/isolated
ceardlann = workshop
tírdhreach = landscape
leithinis = peninsula
inspioráideach = inspirational
reáchtáiltear = (it) is organised/run
cniotáil = knitting
faoiseamh = relief/respite












