Is iomaí scéal a bhaineann leis na hainmneacha agus na sloinnte atá ar dhaoine sa tír seo. Is minic nach dtuigtear an bhrí agus an chiall a bhíonn leo inniu agus bíonn ar dhuine a ghabháil ag cuartú an eolais i bhfoclóirí, i mbailiúcháin focal ar bith atá ar fáil, in irisí léannta de gach cineál agus i gcéad áit eile nach luafar anseo cheal ama agus spáis.
Áit eile ina bhfuil eolas tábhachtach le fáil i ngan fhios dúinn b’fhéidir ná sna leaganacha Béarla a cuireadh ar ár gcuid sloinnte le himeacht aimsire. Is beag nach scéal bleachtaireachta an turas a chaithfeas duine a dhéanamh le theacht ar an fhírinne. Dá shuimiúla na scéalta sin, ní thráchtfaimid san iarracht seo inniu ach ar chuid an-bheag acu. Bígí linn ar an turas mar sin.
Is sampla maith é an sloinne <i>Mac Aodha/Mac Aoidh</i> agus a gcomhionann i mBéarla den éagsúlacht a lean an t-athrú teanga sa tír seo.
Déarfaimid cúpla rud go ginearálta faoi shloinnte i dtosach báire. Tuigimid uilig go mbíonn Ó/Ua agus Mac i gceist le tromlach mór de shloinnte na Gaeilge in Éirinn. Mac is minice sa Ghàidhlig (Gaeilge na hAlban) agus is annamh a bhíonn Ó/Ua in úsáid inti. Deirtear go bhfuil míniú stairiúil air seo agus pléifear an méid sin lá éigin eile.
De ghnáth chan úsáidtear ach ceann amháin – is é sin Ó/Ua nó Mac le sloinne ach tá cuid mhaith sloinnte a mbíonn an dá cheann in úsáid leo agus is é an rud is suimiúla faoi sin an dáiliú a bhíonn ar na húsáidí céanna sna canúintí éagsúla. Agus ar ámharaí an tsaoil, tugadh na hathruithe seo lom díreach isteach i mBéarla na hÉireann nuair a tharla an t-athrú teanga sa tír seo ó Ghaeilge go Béarla. Fágann sin fianaise láidir againn go dtí an lá inniu ann ar an dáiliú a bhí tráth ar Ó/Ua agus Mac i sloinnte na tíre seo.
RM Block
Seo eiseamláirí den éagsúlacht úsáide atá ansin amuigh gan ach fíorbheagán acu a lua - beagnach i ngan fhios don tsaol Fodlach.
Ó hAodha/Mac Aodha, Ó Fearraigh/Mac Fhearraigh, Ó Floinn/Mac Fhloinn, Ó Luain/Mac An Luain, Ó Loingsigh/Mac Loingsigh, Ó Flatharta(igh)/Mac Fhlatharta(igh), Ó Dónaill/Mac Dónaill agus Ó hÍomhair/Mac Íomhair.
Tá saibhreas ag baint as an méid eolais a thig a bhaint agus a fhoghlaim as an dáiliú iontach agus an fuaimniú a leanann sloinnte mar iad sin thuas.
An chéad rud a thig a rá faoi na sloinnte a bhfuil guta ina dtús gur minic a dhéantar ‘G’ den ‘C’ sa chaint agus ar ndóigh is minic seo le fáil i mBéarla na hÉireann - mar shampla - Mac Aodha >> Mag Aodha, Mac Íomhair>> Mag Íomhair. Tabhair faoi deara McGee/Magee agus McKeever/McGeever an Bhéarla. Tá cuma air gur coitianta an t-athrú seo ó ‘c’ go ‘g’ sa leath thuaidh den tír cé gur dócha go bhfuil an t-athrú in áiteanna sa leath ó dheas den tír anois. Chomh maith leis sin cuirtear an riail chéanna i bhfeidhm ar shloinnte a thosaíonn le ‘F’ nó’Fl/Fr’ mar atá in Mac Fhloinn >> Mag Fhloinn, Mac Fhionnaile >> Mag Fhionnaile – McGlynn agus McGinley an Bhéarla.
Samplaí eile den athrú seo ó ‘c’ go ‘g’ iad seo a leanas – Mac Loingsigh>>Mag Fhloingsigh – McGlinchy an Bhéarla; Mac Lochlainn>>Mag Lochlainn – McLoughlin agus Mac Rabhartaigh>>Mag Robhartaigh – McGroarty an Bhéarla. Is minic trí leagan de shloinne(adh) le fáil sa Bhéarla mar atá – O’Flynn, McFlynn agus McGlynn.
Is sampla maith é an sloinne Mac Aodha/Mac Aoidh agus a gcomhionann i mBéarla den éagsúlacht a lean an t-athrú teanga sa tír seo. Tá na leaganacha Béarla seo a leanas againn inniu agus is ceist dúinn féin míniú a thabhairt ar na cúiseanna go dtáinig siad chun cinn: McGee, Magee, McHugh, Hughes, McKay, Mackey, Mackee, (O)Hea and Hayes agus seans go bhfuil tuilleadh ann i Meiriceá Thuaidh, i gCeanada agus san Astráil agus i dtír ar bith eile inar lonnaigh na Gaeil. Tá cuma ar an scéal gur le Cúige Uladh agus le tuaisceart na tíre i gcoitinne a bhaineann McHugh agus Hughes. Iarracht atá sa litriú Hugh ar an ainm Gaeilge a scríobh i mBéarla – i nGaeilge an tuaiscirt is fuaim cosúil le ‘ú’ a bhíonn leis. Tuairiscítear gur i dtuaisceart Laighean nó deisceart Uladh a cumadh an litriú sin dó thart ar dheireadh an 17ú céad. Is fuaim ‘é’ a bhíonn acu sa deisceart agus is sampla maith de sin an litriú Hayes. Is ‘í’ a bhí i lár tíre agus i gConnacht. Samplaí de sin Magee, Mackee. Is iarracht é an litriú Hughes agus Keyes cuma an Bhéarla a chur ar na sloinnte dar liom.
Tá stair fhada ag baint le fuaimniú AO i nGaeilge agus is cuid an-bhunúsach dár n-oidhreacht agus dar stair an éagsúlacht fuaime atá againn inniu.
Foclóir
Ar ámharaí an tsaoil = as luck would have it, by good fortune
Bleachtaireacht = detection, act of detecting’.’
Cheal ama = ‘due to lack of time’.
Dá shuimiúla = although it’s most interesting
Don tsaol Fodhlach = to all the world (Ireland)
Iris léannta = learned journal
Lom díreach = directly
Tráchtfaimid = we will discuss
















