Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ullmhú sraith clár speisialta d’Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i mBéal Feirste an tseachtain seo.
Beidh cláir ar nós Barrscéalta, Adhmhaidin, agus Cóisir Cheoil á gcraoladh ó stiúideo Raidió Fáilte agus ó ionad an ICC, áit a mbeidh muintir an Oireachtais i mbun comhrá agus ceoil.
I measc na mbuaicphointí beidh seoladh Fonn, clár nua ceoil dátheangach a bheidh á léiriú ag Raidió na Gaeltachta i gcomhar le BBC Radio nan Gàidheal.
Craolfar an chéad eipeasóid den chlár nua beo ó Sheó an Oireachtas Dé Sathairn, ó 12.00 go 14.00.
RM Block

Beidh an Conallach clúiteach Dónall Mac Ruairí agus an t-amhránaí aitheanta Joy Dunlop as Albain ina láithreoirí ar an gclár agus tá ceol, craic agus spraoi gan sárú geallta.
Ar ndóigh ní hé seo an chéad uair a bheidh Raidió na Gaeltachta agus Radio nan Gàidheal ag oibriú i gcomhar lena chéile le ceol agus amhráin na nGael in Éirinn agus in Albain.
Labhair Scéal le Dónall Mac Ruairí – atá ina láithreoir ar an gclár Cóisir Cheoil ar Raidió na Gaeltachta freisin – agus chuir sé in iúil go bhfuil sé ag tnúth go mór a bheith ag craoladh beo ón Oireachtas i mbliana.
“Beidh Fonn rud beag cosúil leis an chlár ‘Sruth na Maoile’ a bhíodh á chur i láthair ag Mairi Anna Nic Ualraig agus Seán Ó hÉanaigh,” a dúirt Mac Ruairí.
“‘Sruth na Maoile 2.0’ atá siad ag tabhairt ar Fonn agus beidh 14 clár á chur i láthair agam féin agus Joy Dunlop.”
Dar le Mac Ruairí, bíonn atmaisféar ar leith le haireachtáil nuair a bhíonn cláir á gcraoladh beo ón Oireachtas – rud a chuir i gcuimhne dó an spleodar a bhain leis na cláir nuair a bhíodh an craoltóir mór le rá Rónán Mac Aodha Bhuí á gcur i láthair sular cailleadh é.
“Bhí mé i mo léiritheoir ar Rónán Beo, agus is iomaí clár spleodrach a rinne muid i Leitir Ceanainn agus i gCill Airne”, a dúirt Mac Ruairí.
“Tá rud eisceachtúil ann. Is iomaí clár atá déanta agam ach an rud atá speisialta faoi Oireachtas na Gaeilge ná go mbíonn daoine ag taisteal ó gach cearn den tír.”
“Bíonn siad ag éisteacht leis na cláir seo sa charr ach baineann siad an láthair amach, agus bíonn siad ag fágáil na malaí thuas sa seomra agus ag iarraidh teacht anuas agus blaiseadh a fháil den atmaisféir.”
“Bíonn sé galánta fosta ag amharc ar daoine ag bualadh le chéile agus b’fhéidir go bhfuil siad i ndiaidh Oireachtas nó dhó a chailleadh agus ní fheiceann siad na seanchairde sin i gceann tréimhse trí bliana”
Tráthnóna Dé hAoine, beidh an clár Pé Scéal É á chraoladh beo ó Mhol na Meán san ICC agus is cinnte go mbeidh neart spóirt agus spraoi le cloisteáil agus Comórtas na n-Amhrán Nuachumtha agus na Lúibíní á gclúdach acu.
Beidh scoth an cheoil le cloisteáil freisin ó Shibéal, Niaidh agus Róisín Ní Chasaide – grúpa deirfiúracha as Ráth Chairn atá mar chuid den bhanna LÉI.
Chomh maith leis sin, beidh an t-amhránaí aitheanta Niamh Ní Dhubhgáin as Oileán Thoraí ar an gclár.
Labhair Máire Treasa Ní Dhubhghaill – atá ina láithreoir ar Pé Scéal É – le Scéal agus thug sí le fios go bhfuil sí ar bís a bheith i mbun craoltóireachta i mBéal Feirste.
“Cuireann sé le beocht an chláir nuair a bhíonn slua ann agus bíonn tú in ann píosa spraoi a bheith agat,” a dúirt sí.
“Is breá linne a bheith ar an mbóthar agus bímid siúlach go minic. Níos luaithe sa mbliain bhímid thíos sa Daingean le haghaidh Féile Bia an Daingin.”
“Bíonn atmaisféar álainn ann i gcónaí nuair a bhíonn slua i do thimpeall agus beimid ag súil go mbeidh sé amhlaidh i mBéal Feirste, mar a bhí ann nuair a bhí muid sa Gleaneagle i gCill Airne.”
“Beimid ag cloisteáil ó dhaoine óga atá ag freastal ar imeachtaí an Oireachtais nó atá ag glacadh páirt sna comórtais agus táimid ag súil go mór leis an gcraic. Beidh scléip agus spraoi ó Oireachtas na Samhna le cloisteáil ar an gclár.”
Beidh comórtais mhóra an tsean-nóis — Sean Nós na bhFear agus Sean Nós na mBan — á gcraoladh beo freisin, chomh maith le Corn Uí Riada, príomhchomórtas an Oireachtais, a bheidh ar siúl tráthnóna Dé Sathairn.
Ina theannta, Dé Sathairn, beidh Seimineár an Oireachtais á chraoladh beo ar eagrán speisialta den chlár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, ó Halla 2A, Leibhéal 1, ICC ó 11am – 12pm.
Is é téama an tseimineáir i mbliana ná ‘An ród seo romhainn’, áit a ndéanfar plé ar 100 bliain d’fheachtais agus d’agóidí ar son na Gaeilge agus céard atá os ár gcomhair.
Beidh an tOllamh Fionntán de Brún, an t-abhcóide Cecilia Ní Choileáin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin agus an gníomhaí teanga agus taighdeoir PhD Róisín Nic Liam ar an bpainéal cainte, atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge.
Beidh fáilte mhór roimh chách dul i dteagmháil leis na láithreoirí agus páirt a ghlacadh sa spraoi i gcroílár Bhéal Feirste.














