Braithfear macallaí Dhroim Crí go ceann i bhfad

Tá páirtithe ar nós an TUV ag baint leas as an achrann chun a éileamh go gcuirfí deireadh leis an Fheidhmeannas

Bhailigh na mílte daoine ar Bhóthar Gharbhachaidh ag an deireadh seachtaine mar agóid i gcoinne iarracht mórshiúl de chuid an Oird Oráistigh a reáchtáil tríd an cheantair.  Grianghraf: Mark Marlow/PA Wire
Bhailigh na mílte daoine ar Bhóthar Gharbhachaidh ag an deireadh seachtaine mar agóid i gcoinne iarracht mórshiúl de chuid an Oird Oráistigh a reáchtáil tríd an cheantair. Grianghraf: Mark Marlow/PA Wire

Agus an tsáinn ar Bhóthar Garbhachaidh fós ag dul ar aghaidh, tá imní ag méadú nach mairfidh na struchtúir pholaitíochta sa tuaisceart agus go dtiocfaidh deireadh leis an Fheidhmeannas murar féidir teacht ar réiteach.

Tá cinneadh fós le déanamh sa Chúirt Achomhairc i mBéal Feirste maidir leis an iarratas is déanaí atá déanta ag pobal Bhóthar Gharbhachaidh, ach ní dócha gur féidir le haon chinneadh cúirte na dúshláin atá cruthaithe ag an scéal seo a chur ina gceart.

Ón am a fógraíodh cinneadh Choimisiún na Mórshiúlta cead a thabhairt don iarratas ón Ord Oráisteach mórshiúl a reáchtáil ar Bhóthar Garbhachaidh i bPort an Dúnáin, bhí sé ar nós gur cuireadh an dioscúrsa polaitíochta siar chuig na nóchaidí thar oíche, agus na sean-argóintí céanna á dtabhairt amach arís ar cheisteanna a shíl daoine a bhí socraithe beagnach 30 bliain ó shin.

Tá Carla Lockhart, MP de chuid an DUP don cheantar, daingean ina tuairim go mbaineann an cheist seo le dlí agus le hord agus gur chóir don PSNI an mórshiúl a éascú bealach amháin nó eile. Chomh maith leis sin tá sise agus baill eile dá páirtí ag ardú ceisteanna maidir le ról an Chéad-Aire Michelle O’Neill sa léirsiú in éadan na paráide ar an 27 Meán Fómhair. Dúirt an Leas-Chéad Aire Emma Little Pengelly ón DUP go bhfuil “séanadh ceannasaíochta” ar bun ag O’Neill.

…tá damáiste ollmhór déanta don mhuinín atá ag daoine sa chóras polaitíochta ó thuaidh.

Bhí i bhfad níos mó siar agus aniar idir na páirtithe an tseachtain ar fad, le líomhaintí agus maslaí caite ar an dá thaobh. Tá sé soiléir cad a shíleann gach páirtí faoin stad reatha, ach rud nach bhfuil soiléir ná cad é an chéad chéim eile atá rompu mura bhfuil sé i gceist acu an córas ar fad a tharraingt anuas. Cén bealach a dtiocfadh le polaiteoirí filleadh ar ghnáthchaidreamh oibre ina dhiaidh seo ar fad?

Ar ndóigh, níor chóir scigmhagadh a dhéanamh faoi ábhar den chineál seo a bhfuil stair dheacair, thragóideach, throm atá ag baint leis, ach gan aon amhras tá daoine ann a fheiceann buntáiste sa ghéarchéim seo agus deiseanna a mianta a chur chun tosaigh.

Agus toghcháin ag teacht i mí Bealtaine na bliana seo chugainn, tá na feachtais faoi lánseol agus gach polaiteoir ag coinneáil súil amháin ar an lá vótála atá le teacht. Léirigh pobalbhreitheanna le déanaí go bhfuil vóta na bpáirtithe san Fheidhmeannas tite le tamall. Tá an DUPgo háirithe ag streachailt le bliain iontach deacair curtha isteach acu, agus iad imníoch go gcaillfear vótaí chuig an TUV agus UUP. Dar le ceannaire an SDLP Claire Hanna, tá an DUP á stiúradh ag cuid de na gnéithe is antoiscí den dílseachas, agus is cinnte go bhfuil an páirtí ag iarraidh dul i bhfeidhm orthu siúd a bheadh ag dul i dtreo an TUV.

Tá roinnt imreoirí eile atá iontach sásta leas a bhaint as an scéal seo chomh maith chun éileamh a dhéanamh go gcuirfí deireadh leis an Fheidhmeannas, go háirithe uathu siúd nár chreid sna hinstitiúidí déabhlóidithe riamh agus a bhí á gcáineadh le fada an lá. Ní haon rud nua é go bhfuil ceannaire an TUV Jim Allister nó an dílseoir agus ‘comhairleoir dlí’ Jamie Bryson ag éileamh go gcuirfí deireadh leis na hinstitiúidí déabhlóidithe mar gheall nach bhfuil muinín acu iontu, ach ní raibh riamh. Go deimhin, bheadh na glaochanna seo á ndéanamh acu cibé scéal a bheadh sa nuacht, ach agus an Feidhmeannas chomh lag agus tá sé faoi láthair, tá meáchan breise lena gcuid iarratas.

Tá buntáiste áirithe eile do chuid de na polaiteoirí más féidir an scéal seo, nó scéalta eile cosúil leis, a choinneáil i mbéal an phobail go ceann tamall eile. Muna mbaineann na díospóireachtaí acu le ceisteanna faoi mhórshiúlta, cearta cultúrtha, agus ceisteanna eile a mheas daoine a bheith socraithe 30 bliain ó shin, ní bheidh an bhéim chéanna ar ábhair eile. Má tá polaiteoirí, an pobal agus na meáin gnóthach ag labhairt faoi na ceisteanna seo, ní bheidh an t-am ann labhairt faoi ghéarchéim an chostais maireachtála, nó drochstaid Loch nEathach, nó ospidéil atá ar tí druidim nó seirbhísí a chailliúint.

Is cúis bhuíochais é go bhfuil gach rud ag titim amach ar bhealach síochánta. Níor fíoraíodh an imní is measa maidir faoin scéal go dtí seo. Chomh maith leis sin, in ainneoin na drochbhaile atá ar an chóras polaitíochta faoi láthair, níor tháinig glaoch dáiríre go fóill chun deireadh a chur leis an Fheidhmeannas ó aon duine a bhí lánpháirteach sa chumhacht roinnte go dtí seo.

Tá, dar ndóigh, seans ann go dtiocfaidh na hinstitiúidí polaitíochta fríd an ghéarchéim seo agus go mbunófar Feidhmeannas úr i mí Bealtaine. Ach, fiú dá dtarlódh sé sin, tá damáiste ollmhór déanta don mhuinín atá ag daoine sa chóras polaitíochta ó thuaidh. Tá an caidreamh idir cuid de na páirtithe polaitíochta níos measa ná mar a bhí sé le blianta fada, agus tá sé deacair a fheiceáil cén dóigh a dtógfar an iontaoibh sin arís agus gach imreoir chomh diongbháilte ina gcuid tuairimí.

Beidh tuilleadh plé sna cúirteanna an tseachtain seo maidir le mórshiúl Dhroim Crí ach fiú má éiríonn leo socrú a dhéanamh, mothófar na himpleachtaí go ceann i bhfad.

Foclóir:

a éascú = to facilitatelíomhaintí = allegations

maslaí = insults

scigmhagadh = derision

caidreamh = relations

institiúidí déabhlóidithe = devolved institutions