Glacann sé misneach neamhchoitianta agus coráiste faoi leith dul in aghaidh an tsrutha. Bhí tráth nach bhfuil rófhada ó shin nuair a bhí formhór an phobail ina gCaitlicigh dhílse de réir gach tomhais phoiblí, ach ba dhána an mhaise do dhuine anois giob ciúin ar bith a rá ag cosaint na heaglaise céanna, is é sin, mura mbeadh sé ina cheap magaidh ar fad. Sa tslí chéanna, ba ghránna an bheart é an ginmhilleadh, ach tá an dealramh anois air gur cuid den saol laethúil é agus gur lag ar fad na cogair chiúine atá ina choinne, ní áirím an cheist a thógaint in aon chomhluadar measúil.
Cé go ndeir an rialtas go poiblí go bhfuil siad go láidir ar son na Palaistíne agus in aghaidh an tslada gan stad atá ar siúl in Gaza agus RTÉ gan dul i bpáirt le sorcas bliantúil seócheoil rinciúil pramsálach Chomórtas Amhránaíochta na hEurofíse, fós féin bhí glas ar a mbéal nuair a fágadh foireann sacair na Poblachta idir seacht gceann na meá agus gach adharc gabhair nuair gurbh éigean dóibh imirt in aghaidh Iosrael.
Chun a gceart a thabhairt do na himreoirí, bhí sciar maith acu in aghaidh an chluiche a imirt, ach ní raibh ach aon duine amháin a dhiúltaigh scun scan béal na gclár aon pháirt a ghlacadh sa ghruaimdhráma. Ba é sin Gavin Bazunu, cúl báire, a d’imir 22 uair cheana don Phoblacht. Ní hé go raibh aon sochar faoi leith le baint aige as an ngníomh seachas aithis agus maslaí ó dhaoine áirithe, ach b’fhéidir coinsias glan dála mar a choinnigh sé scláta glan ina chúl báire go minic. B’fhéidir gurbh uaisle fós a sheasamh má tá aon fhírinne sna líomhaintí go raibh liúnna ciníocha á séideadh le hAdam Idah le linn an chluiche toisc nár bhain sé le roghachine geal Dé.
B’fhéidir nach raibh beart Kylian Mbappé chomh dalba céanna nuair a d’fholaigh sé suaitheantas ag tabhairt tacaíochta do Ceuta ar gheansaí a chlub, Real Maidrid, an tseachtain cheana. Tar éis an tsaoil, agus is é an saol atá i gceist, tá sé ar cheann de na peileadóirí is fearr ar domhan ar fad thar amhras anonn, agus ní raibh aon ní i bhfoirm maoine nó cáile le cailliúint aige. Ina choinne sin thall, áfach, tá lucht leanta Real Maidrid chomh confach le lucht leanta ar bith agus ní mhaithfidís go furasta do dhuine ar bith a sheas i leataoibh na slí ón sluasmaoineamh.
RM Block
Is é an scéal ná gur shocraigh Real Maidrid go gcaithfeadh imreoirí na foirne mana ‘Todos Somos Caballas’ a chaitheamh, nuair is leasainm nó ainm ceana é ‘caballas’ ar mhuintir Ceuta. B’fhéidir nach cúrsaí iontais é sin nuair is eol dúinn gurbh iad an club sin rogha Franco, agus gurbh ó Ceuta a sheol an Convoy de la Victoria, an sluamhuirí agus an armáid a ghabh port ar mhórthír na Spáinne d’fhonn tús a chur leis an gcogadh cathardha nócha bliain ó shin agus Franco ar thús an chabhlaigh.
Níorbh fhada gur éirigh an liú ina choinne ar na meáin lofa shóisialta, an sloc gránna sin ina maireann táirspíd na smaointe. Thug freagra uaidh chomh huasal, chomh dínitiúil is a gheobhaidh tú an taobh seo de chlaí na muice binbe.
Dúirt sé go tomhaiste gur sheas sé go daingean le muintir Ceuta gan cheist, ach, agus is é seo an ‘ach’ nach gceadaítear, go raibh bá aige chomh maith leis na híospartaigh, leis an mbreis is céad a báthadh, is nár chóir fulaingt amháin a chur chun tosaigh ar fhulaingt eile.
“Sula rabhas im imreoir peile, ba dhuine daonna mé.”
Nath é ar chóir é a ghreanadh i gcloch lasmuigh de cheanncheathrúna an FAI.
















