Tá an scannán Mississippi Burning ar cheann de na scannáin is ansa liom.
N’fheadar cruinn díreach cad ina thaobh, ach ní féidir liom gan féachaint air san uair annamh a nochtann ar an teilifís. Is dócha toisc go mbaineann le heachtraí faoi leith a tharla lenár linn féin agus go n-éiríonn le córas dlí agus cirt Mheiriceá, ar cúis iontais é go minic.
Níor cheapas riamh áfach gur píosa tairngreachta a bheadh ann agus go dtiocfadh lucht loiscthe tithe agus aos díbeartha teaghlach chun leac ár ndorais féin. Is léir go rabhas saonta, agus nár thugas dóthain airde ar an tríocha éigin foirgneamh a dódh go talamh inár bpoblacht bheag féinig le suim bhlianta anuas, ná na daoscarshluaite a bhí ag liú mar fhaolchoin lasmuigh d’ionaid tearmainn teifeach i mbaill éagsúla. Ná níor thugas dóthain airde ach oiread go raibh léirsithe ciníocha á n-eagrú le dhá bhliain roimhe seo sna sé chontae.
Mar is léirsithe ciníocha a bhí sa loscadh ar shráideanna Bhéal Feirste, go díreach mar a bhí abhus. Deirtear gur in aghaidh ‘inimirceoirí’ iad mar níl de mhisneach ná de choráiste ná de mhacántacht acu a admháil gur in aghaidh daoine a bhfuil dath dorcha ar a gcneas acu.
RM Block
Deirtear gur in aghaidh ‘inimirceoirí’ iad mar níl de mhisneach ná de choráiste ná de mhacántacht acu a admháil gur in aghaidh daoine a bhfuil dath dorcha ar a gcneas acu
Déanaimis turgnamh machnaimh ar feadh soicindín. Cuir i gcás gur tháinig na mílte, na céadta de mhílte fiú, ón taobh eile den domhan chugainn anseo in Éirinn ag lorg dídine ar chúis éigin, nó go díreach ag lorg oibre chun eacnamaíocht na tíre a choimeád slán agus chun saothar a dhéanamh a bhfuilimidne róghalánta le déanamh anois. Abraimis gur dheineadar taisteal thar fharraigí, thar ghaineamhlaigh, thar ilchríocha contúirteacha agus gur thugadar airgead mór maith uathu chun sinn a shroichint. Abraimis as áit éigin grianmhar agus daoine gorma bochta a bhfuil a saol gan dóchas ina gcónaí ann.
Abraimis ón Astráil - ach gur daoine geala iad.
An dóigh leat, dáiríre píre, go mbeadh léirsithe ar na sráideanna ina gcoinne? An dóigh leat, lom macánta, lámh ar do chroí nó ar ball ar bith díot, dá ndéanfadh duine díobh coir ghránna (óir thig leo freisin) go dtiocfadh an Cú Cloch Clan áitiúil amach d’fhonn tithe na nAstrálach eile a dhó go talamh? An gcuirfí an milleán ar an bpobal go léir ar díobh é de dheasca aon ghnímh amháin?
Ba ghasta mar a taispeánadh gur i bpobail na ndílseoirí a thuismigh is a tharla an glanadh cinedorcha. Cromadh ar na leithscéalta láithreach. Dúradh gurb iontu ba mhó a lonnaigh eachtrannaigh toisc tithe a bheith níos saoire. Dúradh gur déanadh faillí i lucht oibre na bProtastúnach bocht agus gur fearg neamairt a bhí ann.
B’fhéidir smut éigin de ruainne de ribe na fírinne a bheith ansin. Ach fóill orainn! Nuair a bhí an chumhacht Oráisteach in airde láin, iad i gceannas gan freasúra, postanna go farabachall acu sna longchlóis, chéad rogha ar thithe, acht na gCumhachtaí Speisialta ina bpóca cúil mar chosaint, nár déanadh ruathair tine agus díbeartha ar thithe na gCaitliceach in 1922 agus 1969? Cén fáth nach n-admhófaí go hoscailte gurb idé-eolaíocht chiníoch bhiogóideach atá á dtiomáint, idé-eolaíocht atá bunaithe ar an tuiscint go bhfuil siad féin níos fearr, níos uaisle, níos sibhialta, níos mó i dteideal suí ar dheis dia na cumhachta agus na pribhléide ná na bréanlábánaigh shamhnasacha pé acu geal Gaelach nó gorm eachtrannach iad?
Thar aon dream eile, cheapfá go dtuigfeadh Sinn Féin é sin. Tá a seasamh ar an bhfrithchoilíneachas ó thuaidh, arb ionann é agus frithchiníochas. Ach ar chúis éigin tá siad dulta bog air ó dheas, iad niúidí neáidí dhá-ghob-sa-bhéal liom leat leithscéalach faoi anseo. B’fhéidir go dtabharfadh greadloscadh Bhéal Feirste ar ais chun a ndúchais iad.


















