An chuimhne ghlé

Is iad na cluichí sacair is túisce a chonaic tú is daingne sa tsamhlaíocht

Maradona i gcomórtas Chorn an Domhain i Meicsiceo in 1986. Grianghraf: Allsport/Getty Images
Maradona i gcomórtas Chorn an Domhain i Meicsiceo in 1986. Grianghraf: Allsport/Getty Images

Nach fíor nuair a léitear dírbheathaisnéisí de ghnáth go gcaitear oiread sin treise leis na blianta tosaigh, leis an óige sular calcadh tirim, seachas na blianta ina dhiaidh sin? Féach leat An tOileánach nó Peig (más ceadmhach í a lua), nó Portrait of the Artist Joyce, agus ní fada go gcríonann na blianta ina dhiaidh sin.

Is é a amhlachas céanna é ag an duine a bhfuil spéis sa spórt aige (agus mura bhfuil, imítear anois agus itear calóga arbhair). Is iad na cluichí is túisce a chonaic tú, na himreoirí ba mhó a bhí i mbarr a réime i do naíondacht óige duit is daingne sa tsamhlaíocht.

Mar sin de maidir le Corn an Domhain sa tsacar. Ní cuimhin liom in aon chor an chéad chomórtas sa bhliain 1930 inar bhuaigh Uragua an corn, óir níl breis agus céad bliain sroichte fós agam. Go deimhin níorbh eol dom a leithéid a bheith ann agus Corn an Domhain go bhfuaireas bliainiris spóirt agus mé fós sa bhunscoil. Pictiúir dhaite ann nach raibh sna nuachtáin. Ní raibh puinn eolais agam orthu, ach ba léire cuimhin liom grianghraf de Garrincha, an t-éinín beag mar a tugadh air, ag dul timpeall ar lumparnach Ciarraíoch de Shualannach ar eití éasca. Bhí Pelé ann, leis, Mícheál Ó Conaill an tsacair, ach gan a bheith chomh maorga leis. Is cuimhin liom go raibh na sé chontaetha beaga ann, rud nár chuir puinn iontais orm ag an am, toisc nach rabhas chomh claonta is atáim anois.

Bhí an Phoblacht againn féin ann trí huaire cé gur fearr an chuimhne anois ar 2002 nuair a theip orthu toisc gur cheap Roy Keane gur thuig sé bainistíocht níos fearr ná Mick McCarthy (rud nach raibh fíor)…

Trácht ar bith ní raibh ar chorn 1962, ach go bhfaca mionchearnóg i gcúinne cheirtnuachtáin Domhnaigh gur bhuaigh an Bhrasaíl arís, an t-am seo ar an tSeicslóvaic. An domhandúchán, mar dhea. Is ina dhiaidh sin a chonac ‘Cath Santiago’ sa chomórtas céanna idir an Iodáil agus an tSile. Féach air, más dóigh leat go bhfuil an pheil shóisearach anseo garbh.

Ní raibh aon éalú ó 1966. Leor sin.

Bhí 1970 ar fhéile chomh míorúilteach is a bhí ann. Foireann gan cháim na Brasaíle ag lascadh ghaiscígh na hIodáile a chloígh na Gearmánaigh Thiar i gcluiche leathcheannais lándathannach eachtrúil, agus gurbh iad a lasc Oráistigh na hOllainne in ‘74, in ainneoin gurbh iad ab fhearr, ach nach cuma?

B’iad ab fhearr chomh maith in ‘78, ach bhí cleas ag rialtas na hAirgintíne i dtaca le Dia agus le réiteoirí, agus le sluaite ag liúrach lasmuigh d’óstán na nDúitseach agus iad ag iarraidh dul a chodladh, agus le cuaille a ghluais chun cúl a stop, ionas go mbeadh an lá leo. In ainneoin na héagóra, má bhí na hOráistigh thíos leis, cé bhí ag gearán?

Agus lámh Dé agus lámh Maradona in 1986, ach b’fhéidir gurb ionann iad ar aon nós.

Bhí ann as ina dhiaidh sin. Bhí an Phoblacht againn féin ann trí huaire cé gur fearr an chuimhne anois ar 2002 nuair a theip orthu toisc gur cheap Roy Keane gur thuig sé bainistíocht níos fearr ná Mick McCarthy (rud nach raibh fíor) agus gur cheap Mick McCarthy gur ‘crannchur’ a bhí i gciceanna pionóis seachas scil (gan a bheith fíor ach an oiread).

Nach ait mar atá blianta na hóige siar níos gléine soiléire ná aon rud a tharla le blianta beaga anuas? Is ea, is cuimhin liom Roberto Baggio, an t-imreoir ab fhearr sa chomórtas, ag cur cic éirice cinniúnach os cionn an trasnáin a chaill an lá don Iodáil in 1994, agus Zinedine Zidane ag clascairt Marco Materazzi lena chloigeann sa chluiche ceannais in 2006.

Ach leite is ea go leor eile. Beidh níos measa i mbliana le 104 chluiche, a bhformhór leamh cheana féin. Dúisítear mé nuair a bheidh an dríodar díbeartha agus é ag dul i suimiúlacht.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar