Tá trioblóid ag teacht! Beidh ina raic arís! Tá nach mór cheana féin. Ní haon nuacht é sin ann féin ach gur seanaighneas le feisteas nua glioscarnach agus ribíní air atá romhainn an t-am seo. Bhí sé soiléir nach rachadh an chabaireacht chun suaimhnis an dá luathacht is a fógraíodh go mbeadh foireann peile tailimh na Poblachta tarraingte ó mhála an mhí-ádha le himirt in aghaidh Iosrael i Léig UEFA na Náisiúin agus go mbeidís ag ciceáil in aghaidh a chéile chomh luath leis an bhfómhar seo.
Is é is bun le seo ná go bhfuiltear ag iarraidh teacht ar urlár éigin tuisceana ar ghrinneal na fealsúnachta a réiteodh an cheist maidir le polaitíocht agus spórt.
Níl aon réiteach ar sin, mar is treise claonadh ná réasún.
Maítear nár cheart go mbeadh aon bhaint dá laghad ag an spórt ná ag an bpolaitíocht le chéile, ach fós is braithre/neacha aon cheirde iad. Ní féidir a dheighilt ó chéile. Nach mbeadh na cluichí Oilimpeacha leamh agus gan dath sa chás is nach mbeadh meirgí thíortha na ngaiscíoch ar foluain nuair a bhainfidís an churadhmhír? Cad air a bhfuil Corn Sacair an Domhain bunaithe ach ar thíortha a bhfuil a gcuid teorainneacha tarraingthe de bharr agus de dheasca na polaitíochta? Tugaim faoi deara go bhfuil craobhacha na hÉireann san iomáint agus sa chaideolaíocht ina seasamh ar línte a tharraing maoir de chuid Rí Sheáin Shasana ar fhearainn chearta is chóra Oiriall is Uí Chinsealaigh is Uí Néill agus ar aghaidh linn agus gur de thoradh polaitíochta iad sin chomh maith céanna.
RM Block
Bhí go holc agus bhí níos measa ach nuair a shocraigh Uachtarán Carter Stáit Impiriúlacha Mheiriceá ar bhaghchat a dhéanamh ar chluichí Oilimpeacha Mhoscó sa bhliain 1980 de bharr ionradh an Aontais Shóivéadaigh ar an Afganastáin chuir se tús le baghchait nach raibh coitianta roimhe sin. Chun a cheart a thabhairt do Charter glacaim leis gur ar bhonn morálta a dhein sé sin, óir b’é ba phrionsabálta d’uachtaráin SAM riamh é, agus lena linn níor maraíodh oiread is aon saighdiúir Poncánach amháin agus iad ar a ndualgas saighdiúireachta thar lear ag cosaint na sibhialtachta agus an daonlathais, más fíor.
Ach de sin tháinig cluichí Oilimpeacha 1980 nuair a d’fhan lucht lúitéise roimh an US sa bhaile, agus gan choinne fearann chogaidh pholaitíochta ba ea an spórt as sin suas.
B’fhearr linn go léir nach mar sin a bheadh, b’fhearr linn go mbeadh an saol go léir mar a ritheann fad amach ina mboscaí beaga neamhspleácha agus gan nithe cigilteacha ag cuimilt a chéile ná in aon chor.
Cuirtear os ard sampla na hAfraice Theas sa tslí gur oibrigh dúnadh amach na tíre sin, ach dearmadtar gur go lag a thosnaigh an guth ina gcoinne. Ní raibh ann ach spórt, a dúirt lucht na liathróide ubhchrothaí. Ach níorbh ea.
Ina choinne sin thall ní raibh feachtas ar bith in aghaidh na Stát Aontaithe riamh ná i gcoinne aon cheann dá gcuid giollaí bóthair nuair a d’ionsaigh siad Vítneam, an Chambóid, an Iaráic, an Afganastáin, nó nuair a bhíodar ag déanamh mioscaise sa Liobáin, Panama, an tSile, an Libia, an tSalvadóir...is leor sin. Conas san? B’ait leat é mura mbeadh meabhair cinn éigin agat.
B’fhearr go mbeadh prionsabal ann, gan amhras. Ach tá prionsabail chomh solúbtha leaisteach leis an meabhair ar féidir léi réasúnú leithscéalach a dhéanamh ar a son, agus cé go bhfuil sé inmholta go gcoscfaí stát a bhfuil cúis láidir ina leith go bhfuil cinedhíothú á dhéanamh aige ar pháirt a ghlacadh i gcomórtais spóirt, ealaíne agus ceoil, is ar éigean go n-éistfí linn dá ndiúltóimis imirt in aghaidh Iosrael an fómhar seo chugainn.
Ach an ceart choíche?

















