I ndiaidh breis agus 100 moladh ó na léitheoirí agus díospóireacht fhíochmhar idir na moltóirí, tá 9 nGearrliosta do Ghradaim NÓS 2026 fógartha faoi dheireadh.
Déanann Gradaim NÓS ceiliúradh ar gach saghas ceoil i nGaeilge, idir rac-cheol, rapcheol, ceol traidisiúnta, tradtronica agus eile. Seoladh sa bhliain 2015 iad chun aitheantas a thabhairt do scoth an cheoil Ghaelaigh atá ag teacht chun cinn agus do na ceoltóirí iontacha a chumann é. Is sa Black Box i mBéal Feirste a bhronnfar Gradaim NÓS 2026 Dé Sathairn an 16 Bealtaine.
I measc na n-ainmneacha ar ghearrliosta Nuatheachtaí na Bliana 2026 tá Blue Niall, Cúán de Búrca, CUSHLA, mise an sliabh, o.n.m. agus Tempest, agus bainfidh ceann acu Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí ar an oíche. Is iad Big Boy Foolish, Dysania, Huartan, IMLÉ, Múlú & Le Chéile, Rory Sweeney agus Torby & Leen atá ainmnithe d’Amhrán na Bliana 2026.
Ag caint liom an tseachtain seo caite, dúirt eagarthóir NÓS Conor Torbóid go bhfuil “tábhacht ar leith” ag baint leis na Gradaim i mbliana mar gheall ar an oiread moltaí a tháinig isteach ón phobal agus an oiread saothar a eisíodh i mbliana fosta.
RM Block
“Tá constaicí ann ar ndóigh ach sílim go bhfuil fáil ag níos mó daoine ar na hacmhainní agus ar na háiseanna atá de dhíth orthu. An rud is tábhachtaí domsa leis na Gradaim i mbliana ná go bhfuil muid ag léiriú don phobal agus do dhaoine lasmuigh den phobal go bhfuil borradh mór faoi cheol na Gaeilge faoi láthair. Ba bhreá liom go dtiocfaidh achan cheoltóir atá ainmnithe, ceoltóirí nach bhfuil ainmnithe, agus go bhfeicfidh siad cé chomh mór agus atá ár bpobal ceoil.”
Beidh na ticéidí agus tuilleadh eolais faoi na Gradaim le fáil gan mhoill.

Sraith úrnua gharraíodóireachta ‘Réabhlóid ar Chúl an Tí’
Sraith álainn, fhísiúil í ‘Réabhlóid ar Chúl an Tí’ ina n-athraítear cúlghairdíní uirbeacha, tailte scoile, agus spásanna pobail le plandaí dúchasacha chun fiadhúlra a mhealladh ar ais.
Déantar an méid atá i gceist le háilleacht a athshamhlú sa tsraith seo, agus muid ag ullmhú do ré nua ina gcuirtear fáilte roimh an dúlra agus ina dtugtar deis do phlandaí agus d’fhiadhúlra dúchasach na hÉireann filleadh agus teacht faoi bhláth inár dteannta.
Is í Aedín Ní Thiarnaigh, saineolaí na bithéagsúlachta agus na bplandaí dúchasacha, a chuirfidh an tsraith seo i láthair le cuidiú ón dearthóir Mary Reynolds, dearthóir tírdhreacha a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aici. Tabharfaidh an bheirt faoi Chionn Fhánada i gContae Dhún na nGall sa chéad chlár agus rachaidh siad ag obair i nGairdín Choimeádaí an Tí Solais in éineacht le hEimear Ní Mhathúna agus Des Fegan.
Cuirfear tús leis an tsraith ag 20:00 Dé Domhnaigh 19 Aibreán ar TG4.

Tá Gaeilge ag Bluey!
Tá an coileán beag is aitheanta ar domhan le feiceáil anois ar RTÉ KIDSjr agus ar RTÉ Player – agus nach breá an Ghaeilge atá aige!
26 clár den chéad sraith Bluey atá aistrithe go Gaeilge go dtí seo agus tá tuilleadh geallta i mbliana. Craoladh Bluey den chéad uair san Astráil sa bhliain 2018 agus é anois ar cheann de na sraitheanna teilifíse beochana is mó ar fud na cruinne. Ba é Bluey an clár do pháistí leis an mhéid is mó sruthanna ar RTÉ Player anuraidh agus bhain sé barr na gcairteacha amach ar Cbeebies agus ar Disney+ sa Ríocht Aontaithe chomh maith.
Tá foireann scothaisteoirí taobh thiar den leagan Gaeilge – Gráinne Bleasdale atá i bpáirt Bluey, Laoise Ní Nualláin i bpáirt Bingo, Meadhbh Ní Eidhin i bpáirt Chilli agus Pól Ó Gríofa i bpáirt Bandit.
Ag caint ar Morning Ireland ar RTÉ Radio 1 an tseachtain seo caite, dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí RTÉ ar Ábhar do Pháistí agus do Dhaoine Óga, gur bealach den scoth é seo leis an Ghaeilge a chur os comhair lucht féachana óg fud fad na tíre.
“Is féidir é a úsáid sna scoileanna agus sa bhaile toisc go bhfuil cur amach ag páistí ar an bhranda. Má fheiceann tú ar na cairteacha thar gach réimse ábhair ar RTÉ Player, tá Bluey ann. Clár dochreidte atá ann agus tá muid ar bís é a thabhairt chuig RTÉ KIDSjr.”

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Georgina Kendall
Níl dabht ar bith go bhfuil saothar agus ealaín Georgina Kendall ag dul ó neart go neart ó bhunaigh sí an branda Nimiiny sa bhliain 2018. Dearann sí na héadaí galánta í féin agus oibríonn sí go dlúth le bean fuála i Sasana leis na líníochtaí a thabhairt ar an saol.
Seasann píosaí Nimiiny amach ón slua mar gheall ar na dathanna geala agus éadach rúiseáilte. Is breá liom féin na dearaí ‘Odyssey’ atá aici – barra beaga gleoite le strapaí insocraithe is féidir a chaitheamh ar go leor bealaí éagsúla. Bheadh ceann de na léinte sin ar dóigh d’fhéile ar bith atá pleanáilte agat i mbliana, nó tá siad cuibhiúil go leor a chaitheamh chun na hoibre nó ar champas na hollscoile fosta.
Bíonn éadaí Nimiiny déanta ar ordú, mar sin ní chuirtear ábhar ar bith amú agus faigheann tú píosa ar leith atá iomlán lámhdhéanta. Tógann sé thart ar 3 seachtaine don phróiseas iomlán.
Tá éadaí Nimiiny ar fáil ag nimiiny.com nó ar na meáin shóisialta @nimiiny. ‘Sundaze Check Set No.2’ (€286.95) atá sa phictiúr thíos.















