Soiléiriú ag teastáil i leith an dréachtphlean tithíochta

Tá ábhar buartha curtha in iúl faoi na dréacht-treoirlínte pleanála don tithíocht sa Ghaeltacht

Tá imní ar fheachtasóirí go mbeadh srianta ar dhaoine sa Ghaeltacht a bhí ag lorg cead pleanála chun thithe aonaracha a thógáil. Grianghraf: iStock
Tá imní ar fheachtasóirí go mbeadh srianta ar dhaoine sa Ghaeltacht a bhí ag lorg cead pleanála chun thithe aonaracha a thógáil. Grianghraf: iStock

Tá eagraíochtaí Gaeilge tar éis imní a léiriú faoi dhréacht-ráiteas atá fógartha ag an rialtas maidir le treoirlínte pleanála do cheantair thuaithe agus Ghaeltachta.

Dé Céadaoin seo caite chuir an tAire Tithíochta James Browne agus an tAire Stáit don Phleanáil John Cummins meamram faoi bhráid na Comh-aireachta ina leagadh amach dréacht-treoirlínte pleanála don tithíocht i gceantair thuaithe agus Ghaeltachta.

Ag labhairt dó le Scéal, dúirt bainisteoir abhchóideachta Chonradh na Gaeilge, John Prendergast, go raibh an chuma air go laghdódh an dréachtphlean an céatadán de thithe a chuirtear i leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí tithíochta il-aonaid i gceantair Ghaeltachta áirithe.

“De réir an mholta atá ann, bheadh na cosantaí níos ísle ná mar atá i roinnt de na pleananna forbartha reatha. Cuir i gcás, Dún na nGall ag 85 faoin gcéad [de thithe atá curtha i leataobh do chainteoirí Gaeilge], Cois Fharraige agus an Cheathrú Rua ag 80 faoin gcéad, na Déise 80 faoin gcéad,” a dúirt sé.

“An moladh atá ann anois ná an uimhir a bhunú ar na figiúirí ón daonáireamh de chainteoirí Gaeilge laethúla taobh amuigh den chóras oideachais agus 10 faoin gcéad a chur leis. Bheadh an uimhir sin i bhfad níos ísle, agus ní bheadh sé bunaithe ar chleachtas sochtheangeolaíoch.”

Dúirt Prendergast freisin go raibh imní air maidir le tuairiscí go mbeadh srianta ar dhaoine sa Ghaeltacht a bhí ag lorg cead pleanála do thithe aonaracha agus go mbeadh riail ar leith ann go mbeadh orthu a bheith ina gcónaí trí chiliméadar ón suíomh nua.

Céatadán cainteoirí

Ag labhairt dó le Scéal freisin, dúirt an Teachta Dála John Connolly (FF) as Gaillimh Thiar go raibh gá le soiléiriú maidir le gnéithe áirithe den ráiteas ach go raibh sé den tuiscint go raibh an riail maidir le trí chiliméadar dírithe ar thithe saoire.

“Is é an méid a chuala mise an tAire á rá, go bhfuil sé ag fáil neart gearán faoin méid tithe saoire atá sa Ghaeltacht agus bhfuil siad ag iarraidh cosc níos láidre a chur air sin,” a dúirt sé.

“Deir sé chomh maith gur dréachtphlean é seo agus go bhfuil sé oscailte do thuairimí difriúla agus sásta glacadh le moltaí.”

Labhair an Teachta Connolly freisin faoi na rialacha atá molta maidir le céatadán na gcainteoirí Gaeilge i bhforbairtí il-aonaid sa Ghaeltacht.

“Bhí an Roinn ag iarraidh an caighdeán céanna a bheith ag chuile Ghaeltacht, mar dar leis an taighde a fuair an Roinn bhí riail dhifriúil i ngach ceann b’fhéidir, agus bhí siad ag iarraidh caighdeán náisiúnta a threorú,” ar seisean.

Sular foilsíodh an dréacht-ráiteas, bhí imní léirithe ag BÁNÚ freisin faoi thuairiscí go mbeadh ar chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht a chruthú go raibh cónaí orthu laistigh de thrí chiliméadar den suíomh ar a raibh sé beartaithe cead pleanála a lorg le haghaidh teach aonair.

Deirtear sa dréacht go mbeidh ar iarratasóirí sa Ghaeltacht a léiriú fós go bhfuil riachtanas áitiúil tithíochta acu, i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm don chuid eile den tír, faoina gcaithfidh iarratasóirí a bheith tar éis cónaí nó oibriú laistigh de 10 gciliméadar ón suíomh nua ar feadh seacht mbliana ar a laghad.

Mar sin féin, deirtear gur féidir le húdaráis phleanála “leibhéal solúbthachta” a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht nuair is féidir an leibhéal inniúlachta teanga atá riachtanach a léiriú, “i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le saorghluaiseacht cainteoirí Gaeilge idir limistéir Ghaeltachta”.

Moltar sa dréacht-ráiteas freisin coincheap nua, “Aitheantas Idir-Ghaeltachta”, a thabhairt isteach chun é a dhéanamh níos éasca do chainteoirí Gaeilge atá ina gcónaí i limistéar Gaeltachta amháin bogadh chun cónaí agus oibriú i limistéar Gaeltachta eile.

Tá an chuma ar an scéal áfach go gcuirfear an riail chonspóideach trí chiliméadar i bhfeidhm ar bhealach éigin, cé nach bhfuil sé soiléir fós an mbainfidh sí le cainteoirí Gaeilge.

Níl sé soiléir ach an oiread an mbaineann rialacha de réir “Aitheantas Idir-Ghaeltachta” le daoine atá ag bogadh idir contaetha difriúla, limistéir pleanála teanga éagsúla nó taobh amuigh de limistéir trí chiliméadar.