Is mó sin leabhar Gaeilge den scoth a foilsíodh a raibh caint mhór air, a bhí i mbéal an phobail, a sheas an fód ar feadh cúpla glúin, a thuill gradam clasaice is fós féin a d’imigh as agus a chuaigh i ndearmad agus i ndíchuimhne. Cuir leis sin an obair mhór a dhein scoláirí agus scríbhneoirí bhlianta tosaigh na hAthbheochana i léann na Gaeilge agus nach bhfuil aon lua, ach ar éigean, orthu anois, agus tuigtear dúinn go bhfuil bearna mhór san eolas ar féidir teacht go furasta air gan póirseáil agus trálaeireacht a dhéanamh i seanleabharlanna. Ní féidir athfhoilsiú a dhéanamh ar gach rud, ná a bhformhór a choimeád i gcló, ach thaibhseofaí duit go bhfuil saothair ann ar slánchuid dár n-oidhreacht iad agus ar chóir go mbeadh teacht orthu in eagráin úra agus i bhfeistis fhriseáilte go rialta.
Áirítear Tomás Ó Rathile ar dhuine de na scoláirí sin a dhein cion seachtair i ngort léann na Gaeilge. Beidh cuimhne ag mic léinn d’aois áirithe ar Measgra Dánta agus ar Dánta Grádha go háirithe, agus b’fhéidir ar Búrdúin Bheaga, díolamaí de scoth na litríochta ar chóir gur chuid de throscán aigne aon duine iad a mhaífeadh caidreamh a bheith aige lenár dtraidisiún. Bíodh amhlaidh le leabhar eile a bhfuil eagrán úr go díreach ar an bhfód: is é sin Dánfhocail: Irish Epigrams in Verse (Cló Ollscoile Chorcaí/Cork University Press) agus iad arna n-aistriú ag Aidan Doyle agus Ken Ó Donnchú. Is iad na haistriúcháin Bhéarla atá leo a dhéanann saothar de shaghas eile den leabhar, óir tá cuspóir teagaisc fara cuspóir taitnimh agus tuisceana aige.

Sin mar a mhíníonn na haistritheoirí ar chuir siad rompu a dhéanamh, leaganacha chomh litriúil is ab fhéidir a chur ar fáil i mBéarla an lae inniu d’fhonn an bhearna a thabhairt isteach idir teanga na ndánta seo, cuid acu ag dul siar cúig chéad bliain, agus caighdeán teanga an ghnáthléitheora agus an mhic léinn fochéime choitinn. Ina fhochair sin, tá súil acu go spreagfaidh sé na léitheoirí sin d’fhonn breis taiscéalaíochta a dhéanamh san oidhreacht liteartha trí chéile.
Cad tá sna dánta féinig, mar sin? Tá cuid den fhreagra sa teideal féin: ‘dánfhocail’. Focal é a chum an Rathileach d’fhonn ranna a bhí gonta agus gaoismhear a chur in iúl, mar atá ‘epigram’ sa Bhéarla (ón nGréigis via Laidin agus SeanFhraincis). Ní hionann iad agus ‘seanfhocal’ ná ‘buafhocal’ ach tá gaol éigin eatarthu.
RM Block
Is fearr sampla ná míle míniú:
An sionnach, cé ar uairibh
Cuireann cluain ar a bhfaiceann,
Go cead dá féin ‘s dá chríonnacht,
Minic díoltar a chraiceann.
Is é sin le rá, dá chlisteacht is atá an sionnach, nó dá mhinice is is féidir leis bob a bhualadh ar dhaoine eile, mar sin féin, tagann an lá go mbeirtear air féin. Rabhadh is foláireamh don ghleacaí milis sleamhain, don saoi le heagna agus don tíoránach in éineacht.
Dánta iad seo ar breacadh go leor acu ar imill lámhscríbhinní d’fhonn an spás bán a líonadh isteach go minic, ach cuid eile acu stoitheadh as dánta níos faide iad…
Trí chéad rann mar seo, nach mór, atá ann agus ceann ann do gach sórt duine. Bí cinnte go n-aithneoir tú féin ann i mball éigin!
Cén duine a bhfuil teaghlach aige, nó ar duine de theaghlach ar bith é, nach bhfeicfidh bunfhírinne lom na ceathrún seo?
Féach leat, ón féach leat
Dála na cloinne nách ceart:
Gach ní bhus leat is leó
Is gach ní is leó ní leat.
Ar eagla aon mhíthuisceana is é an leagan atá ag na haistritheoirí ar an dá líne dheiridh sin maidir le páistí: ‘Everything that is yours, is theirs/And nothing that is theirs, is yours’. Cé a dúirt nach mbaineann litríocht na gcéadta bliain ó shin le dálaí an lae inniu?
Dánta iad seo ar breacadh go leor acu ar imill lámhscríbhinní d’fhonn an spás bán a líonadh isteach go minic, ach cuid eile acu stoitheadh as dánta níos faide iad, agus ní foláir nó bhí beagán éigin ar bhéala daoine cheana, ach tuilleadh fós gur de shaothar an fhile nó an scríobhaí féin iad. Cumadh a bhformhór idir 1400 agus 1700, a léiríonn ann féin na deacraí teanga a leanfadh aois a gcumtha, fág go bhféadfadh roinnt bheag díobh a bheith chomh nua leis an 19ú haois.
Tá naoi gcinn déag d’ábhair éagsúla mar áis roinnte ann - leithéidí bochtaineacht, ciall, foghlaim, grá, aois, bás, an chléir, sprionlaitheacht - ionas gur dhóigh leat go bhfuil an saol ar fad mar a ritheann anseo. Agus toisc an saol a bheith achrannach, amscaí, ciotrúnta, agus nach féidir é a chuimsiú go hiomlán, cuireann Aidan Doyle agus Ken Ó Donnchú ‘Other Pieces of Advice’ mar a bheadh aguisín leo. Agus toisc nach leor sin ach oiread, cuireann siad ‘Miscellaneous’ ina dhiaidh sin. Agus toisc gan an bheatha a bheith sniugtha ar fad fós, ní foláir ‘Addenda’ a chur leis an méid sin arís.
Sna hAddenda sin, faighimid an rann:
Ár n-athair ó ‘sé Ádhamh,
‘S gur bh ’í ár máthair Éabha,
Nach bhfuil a dtáinig uatha
Comh-uasal le n-a chéile?
An bhfuil aon tseans go bhféadfaí seo a ghreamú do bhratacha na hÉireann gach aon áit ina bhfuil siad á gcrochadh mar bhagairt?
Ní féidir go raibh sé furasta Béarla glan a chur ar go leor de na ceathrúna seo. Níl aon líne dhíreach ann idir dhá theanga, níl aon tóchar ann nach bhfuil a ródhóthain de cheapa tuisle agus de bhobghaistí ann. Ar leibhéal an fhocail aonair féin shílfeá go mbeadh aistriú cruinn neamhchas go leor, ach ní amhlaidh atá. In aon rann amháin anseo aistrítear an focal ‘léice’ mar ‘wretch’ sa Bhéarla, agus níl aon chúis nach mbeifí sásta leis sin. Is ‘clown’ nó ‘lout’ atá ag an Duinníneach air, agus níl sé i bhfoclóir Uí Dhónaill ach amháin mar mhalairt nó i dteannta focail eile. Níl san fhoclóir nua Gaeilge-Gaeilge ach an oiread, rud a léiríonn go bhfuil imithe ón gcaint le tamall. Ach dá mbeifí ag iarraidh teacht ar fhocal Béarla a d’iompródh an chuid is fearr de ‘wretch’ agus tuin lagmheastúil air, bheadh rogha thar a bheith fairsing agat, leis: abraimis, brute, buffoon, eejit, lout, scumbag, slob, bollux, creep, goon, dork, eejit, agus ar aghaidh leat.
Is é sin bhí dua nár bheag ag baint leis an gcuid ba shoiléire féin de na dánfhocail seo, agus ní foláir nó chaith an bheirt scoláirí tamall maith ag suathadh agus ag meá gach abairt agus nath le barr cúraim. Murab ionann agus ár ngaiscígh d’fhilí a bhfuil iarrachtaí thall is abhus déanta acu ar aistriúcháin fhileata a dhéanamh ar dhánta Gaeilge ón ré seo agus níos déanaí, prós lom leamh intuigthe soiléir neamhchas chomh dílis agus is féidir is ea bun an tsaothair seo. Fágann sin an fhilíocht go daingean sa Ghaeilge féin idir cheol agus rithim agus bhlas. Eochair is ea an leabhar seo a osclaíonn an doras chun an taitnimh sin laistigh.
Is mór idir inné agus inniu maidir le dearadh agus le slacht foilseacháin mar seo. Ealaín ann féin an clúdach le hElie Farr ar deacair a leithéid a shamhlú le leabhar a foilsíodh ar tús sa bhliain 1921. Beidh spórt ag daoine ag iarraidh a dhéanamh amach cé hiad na daoine, na hainmhithe, na créatúir ar an gclúdach céanna agus cén bhaint atá acu leis an ábhar laistigh. Pé ní é, tá greann agus spraoi agus samhlaíocht ag baint leis, mar atá sna dánta féin.
Foclóir
Póirseáil = rummaging/searching/poking around
díolamaí = anthologies/compilations
gaoismhear = wise/sagacious
gleacaí = trickster/schemer
ceapa tuisle = stumbling blocks
lagmheastúil = disparaging/contemptuous
thaibhseofaí = it would appear/seem to one
ciotrúnta = awkward/cantankerous

















