Carraig bhinn na n-amhrán

Cuntas iontach ar shaol an amhránaí chlúitigh is ea Seosamh Ó hÉanaí: Nár Fhágha Mé Bás Choíche

Seosamh Ó hÉanaí
Seosamh Ó hÉanaí

Ní hé gach duine a bhfuil gean aige ar an stíl amhránaíochta a dtugaimid ‘sean-nós’ air. Ní thógfá sin orthu, b’fhéidir, agus a bhfuil de stíleanna agus cineálacha amhránaíochta ar fáil ó gach cearn den chruinne ach cnaipe a bhrú. Is é nach dtuigtear ná go bhfuil oiread saghsanna ‘sean-nóis’ ann agus atá sciatháin leathair i bpluais, agus níos suimiúla, ní hé gach sean-nósach dílis a bhfuil aon mheas aige ar an téarma é féin. Go deimhin, nuair a hathbhunaíodh an tOireachtas sa bhliain 1939, lean díospóireacht an téarma. Bhí daoine mór le rá as na trí mhórchanúintí – amhránaithe nótálta ina measc - go tréan agus go binbeach ina choinne mar théarma, ach fós féin glacadh leis. Is dócha gurb é is simplí le rá gurb amhránaíocht gan tionlacan í, sin an méid.

Duine de na fonnadóirí móra sin ba ea Seosamh Ó hÉanaí / Joe Éinniú / Joe Heaney ar scorn leis aon tionlacan giotáir, óir ní raibh a fhios aige an raibh sé leis an ngléas a leanúint, nó an raibh an gléas ann chun coimeád ar aon rithim leis féin. Tá an t-eolas seo, agus scéal iomlán a bheatha agus a réime, le fáil in Seosamh Ó hÉanaí: Nár Fhágha Mé Bás Choíche le Liam Mac Con Iomaire (Cló Iar-Chonnacht), cuntas cuimsitheach ar an duine agus ar a chuid amhrán. In ainneoin meas an phobail ar na hamhráin dúchais is beag atá ar fáil mar gheall ar na fonnadóirí iad féin, leabhar é seo a líonann an bhearna sin mar le haon duine amháin, ach a chuardaíonn an talamh maidir le go leor eile chomh maith.

Leabhar cuimsitheach é seo déanta le grá muirne agus le paisean don duine agus don amhránaíocht. Tá bunaithe ar thaighde fairsing i leabharlanna, i measc tuairiscí nuachtán, ar litreacha pearsanta, ar agallaimh le daoine a raibh aithne mhaith acu ar Sheosamh agus ar thaisteal fairsing a dhein an t-údar chun go leor den fhaisnéis seo a fháil.

Tá an gnáthábhar anseo a mbeifí ag coinne leis in aon bheathaisnéis mar seo. Cér díobh é, a mhuintir, a chuid scolaíochta, a chuid oibre, mar ar choinnigh sé beo, a chairde, a lucht tacaíochta, a chuid taistil féin, buanna, fadhbanna, imeachtaí, amhráin.

Togha amhránaí ba ea a athair agus bhí fonnadóirí eile den scoth in aice láimhe. “D’fhéadfá a rá go raibh mé á n-ól as an mbuidéal sa gcliabhán,” mar a dúirt sé féin. Gasúr éirimiúil a bhí ann, leis, ó fuair sé scoláireacht chun dul ar chéad chéim na múinteoireachta don choláiste ullmhúcháin, agus is ansin a tharla rud nach bhfuil aon mhíniú air ag duine ar bith. Cuireadh abhaile é! Níl sé soiléir in aon chor cén fáth ar tharla sin. Ní deireadh Seosamh mórán ina thaobh ach go mb’fhéidir go raibh sé róleisciúil, ach is léir gur ghoill sé air. Chuir sin casadh mór ar cad a bheadh i ndán dó, agus b’éigean dó “cuid mhaith dá shaol a chaitheamh ag obair le sleán, le láí agus le piocóid”.

In Éirinn, in Albain agus i Sasana a dhein sé an sclábhaíocht sin. Phós sé nuair a bhí sé in Albain, pósadh ar chlis air tapaidh go leor. Deir deirfiúr a mhná: “Joe was a terrible man for disappearing…I think it was just that he had no sense of responsibility.” Ní raibh aon achrann, de dhealramh, go díreach nár oir an saol sin dó.

Is é is suimiúla do na daoine a bhfuil an dúil mhallaithe acu ina chuid amhrán, ná cén saghas duine ba ea é mar fhonnadóir, agus cén caidreamh a bhí aige le lucht ceoil agus éigse eile. Dhealródh go raibh caidreamh corrach aige le Séamus Ennis, mar aon duine amháin. Deir Tom Munnelly: “This was a comradeship that had more sparks than the blacksmith’s forge.” In áit eile léimid: “Bhíodh Séamus agus Seosamh go síoraí ag sáraíocht lena chéile,” amhail is go raibh comórtas eatarthu. Mar sin féin, bhí ardmheas acu ar a chéile agus má bhí cor in aghaidh an chaim ann, bhí diabhlaíocht spóirt chomh maith.

Seosamh Ó hÉanaí. Nár fhágha mé bás choíche. Le Liam Mac Con Iomaire
Seosamh Ó hÉanaí. Nár fhágha mé bás choíche. Le Liam Mac Con Iomaire

Tá gach duine casta, agus tá an dá thuairim le fáil mar gheall air ó dhaoine éagsúla: “By far the mildest, especially after a few drinks” agus “he was always a thorough gentleman,” agus “He was self-effacing as well. He had no ego problem...very affable,” agus “an awful nice individual,” ach “he is remembered by many for his biting tongue,” nó “d’fhéadfadh Joe a bheith cantalach,” nó “as prickly as a thornbush”. An é go raibh sé “míshásta lena shaol, agus go raibh trua aige dó féin,” nó “nach raibh an-sona,” nó “sórt uaigneach ann féin”? D’fhéadfadh gach ceann díobh sin a bheith fíor, ach is teist í ar obair an údair gur fhéad sé gach cúinne dá phearsantacht a thaighdeadh is a thabhairt chun léire gan breithiúnas ar bith lasmuigh den fhianaise.

…is teist í ar obair an údair gur fhéad sé gach cúinne dá phearsantacht a thaighdeadh is a thabhairt chun léire gan breithiúnas ar bith lasmuigh den fhianaise.

Pé ní mar gheall ar sin, ní raibh drochfhocal le rá ag duine ar bith mar gheall ar a chumas ardáin, ar a stíl amhránaíochta, ar an stór ollmhór den saibhreas ceoil agus seanchais a bhí aige agus é sásta a thabhairt uaidh agus a mhúineadh agus a chraobhscaoileadh. Níl ach eachtra amháin anseo inar thug an lucht éisteachta gean níos mó d’amhránaí eile, agus atá saghas greannmhar ach díomách ag an am céanna. Tharla i Halla Chill Rónáin in Árainn samhradh 1969 gur mhó go mór “an tóir a bhí ag an slua ar Thomás Mac Eoin agus ar a chuid amhrán ná mar a bhí acu ar Sheosamh”. Is amhlaidh gurbh amhráin mhallghluaiste neamhéasca a bhí á rá ag Joe fad is a bhí Tomás ag bualadh amach a chuid rabhcán féin le fuinneamh. Chuaigh Joe amach ar an stáitse agus dúirt “An bhfuil sibh in ann muid a chloisteáil?” Nuair a tháinig an freagra “Tá”, ar seisean: “Well, tá faitíos orm go bhfuil mise in ann sibhse a choisteáil freisin!” Chuir sin breis chonnaidh leis an tine.

“He just disappeared into his songs,” a dúirt Peggy Seeger nuair a chuir Liam agallamh uirthi, “he would sink into them as into the arms of a lover”. Is de bharr a chumais a bronnadh na gradaim mhóra air, Gradam an Eisteddfod, nach é an ceann ón mBreatain Bheag é ach onóir cheoil dúchais a bhronn Southeast Massachusetts University go bliantúil, agus an National Heritage Award for Excellence in Folk Arts, dearlaic náisiúnta oidhreachta de chuid na Stát Aontaithe. Faraoir ghéar ghéar, níor caitheadh mar sin leis abhus, agus ar chúis náire dúinn é sin. Ina choinne sin, chaith Gael Linn go fial agus go honórach leis, Riobard Mac Góráin go háirithe, óir b’iad a d’eisigh na chéad cheirníní uaidh anseo. Bhí ardmheas ag Liam Clancy air, agus a dheartháir Tom, agus thugadar cabhair cheart dó nuair a bhí sé ina ghá. Chosain Ronnie Drew é oíche go raibh dúradáin dhrochbhéasacha ag cur ina choinne. Dúirt Luke Kelly gur bhreá leis Gaeilge cheart a fhoghlaim ionas go dtuigfeadh sé amhráin Joe.

Is mó laoch atá sa leabhar seo seachas an t-údar féin, agus aithnítear an chomaoin a chuireadar go léir air sa réamhrá. Ach braithim go raibh tábhacht faoi leith ag an gcaradas a snaidhmeadh idir Seosamh agus Máire Nic Fhinn Davitt le heolas a roinnt leis sna blianta a raibh sé anonn is anall idir Éire agus Meiriceá.

Ach féach! Nach bhfuil na hamhráin againn i gcónaí agus cead againn éisteacht leo ar ár suaimhneas, agus an leabhar seo ina dteannta mar mhaise agus mar chomhlánú orthu?

Foclóir:

binbeach = venomous/sharp-tongued

fonnadóir = singer

tionlacan = accompaniment

cuimsitheach = comprehensive

éirimiúil = intelligent

craobhscaoileadh = to disseminate

mallghluaiste = slow-moving

fuinneamh = energy

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar