Ceann de cheisteanna móra na litríochta is ea an gaol idir an sean agus an nua. Tá maíte ag an litríocht nach ngabhann aois uirthi, murab ionann agus an eolaíocht, abair. Níl aon duine le staidéar ceart a dhéanamh ar eolaíocht na seanPheirse, mar shampla, agus tá teoiricí Galen as dáta le tamall. Bheadh ionadh orm dá molfadh do dhochtúir cairdiúil áitiúil súmairí a cheangal díot d’fhonn súrac ar do chuid fola agus na lionnta agat a chur ar ais ina gceart. Ach fós féin is féidir tuiscint do dhráma le hAristóféineas, nó ‘ceacht’ a bhaint as ceann d’fhabhalscéalta Aesóip. Comhartha oideachais, cultúir agus saoithiúlachta é cur amach a bheith agat ar an Odaisé, ar an Iliad, nó ar sheanscéalta an Bhíobla féin. Bheadh cáil na haiteachta agus na hamaidí ort dá mbeifeá ag spalpadh leat mar gheall ar na heilimintí bunúsacha mar thine, chré, uisce agus aer.
Fós féin, is deacair blas a fháil ar na seanscéalta Fiannaíochta inniu, mura mbeadh siad á n-insint cois tine, an deatach i do shúile, poitín á dháileadh, an braon anuas do do chigilt, an ghaoth aniar do do leathadh agus dúidín i mbéal an scéalaí. Ní cúrsaí ábhar scéalaíochta faoi dear sin, gan amhras, ach cúrsaí stíle agus inste. Bearna arb é do dhícheall í a thabhairt isteach na an chlais idir an scéal ó bhéal agus an scéal ar leathanach.
Ach cad mar gheall ar an bhfilíocht? Is cuma conas a chlúdaítear é, conas a cheiltear é, conas a chuirtear i bhfolach é, is den chaint agus den bhéal í an fhilíocht
Ach cad mar gheall ar an bhfilíocht? Is cuma conas a chlúdaítear é, conas a cheiltear é, conas a chuirtear i bhfolach é, is den chaint agus den bhéal í an fhilíocht. Mar sin, ní gá duit aon réamheolas a bheith agat ar na meadarachtaí dúchais, ná aon chruinneas tuisceana a bheith agat timpeall ar dhálaí ceaptha is cumadóireachta aiste filíochta le Rumi d’fhonn é a bhlaiseadh, nó a bheith i do Chríostaí ceart nó scaoilte le go rachadh na sailm i bhfeidhm ort.
Tá sean, nua agus an óige choíche le fáil sa leabhar Amhráin Amhargain, An Chailleach Bhéarra, Amhra Cholm Cille/ Three Early Irish Poems in Modern Irish Versions (Leabhar Breac) le Máire Mhac an tSaoi a foilsíodh dhá bhliain ó shin. Is amhlaidh gur iarr Louis de Paor, mar eagarthóir, ar Mháire Mhac an tSaoi ‘trí cinn de na dánta is diamhaire sa tSean-Ghaeilge agus sa Meán-Ghaeilge a chóiriú le haghaidh scannáin’ a raibh sé ag obair air ag an am. D’iarr sé uirthi aistriúcháin Bhéarla a sholáthar chomh maith óir bheadh fotheidil ag dul leis an scannán, agus is é an leabhar seo toradh na hoibre.
RM Block
Tá sé furasta go leor dul i ngleic le déanamh is le brí ‘An Chailleach Bhéarra’, fág nach bhfuil na scoláirí agus lucht tuairimíochta ar aon intinn cé acu bean rialta nó bean neamhrialta ar scáth Dé éigin í atá ag labhairt sa dán. Deir Frank O’Connor gur ‘mythological female divinity’ í ‘...represented as an old woman who has outlived her friends and lovers, takes the veil and spends her remaining years among nuns.’
Ar shlí is róchuma sin, óir is dán cumhachtach riamh é mar gheall ar chailliúint bhláth na hóige:
Nuair feictear iad, mó lámha,
Is caol iad, is cnámhach –
Áitím nach fiú a n-ardach
Os chionn ógánach álainn
Nó
Brat garbh na haoise chím orm,
Mo chiall do chuaigh amú orm;
Fionnadh liath é ‘fhásann trim,
Samhail de chrotal seanchrainn.
Is léir an gá leis an aistriúchán, mar is leor véarsa mar sin a thabhairt sa tSean-Ghaeilge d’fhonn an bhearna idir an dá leagan den teanga a léiriú - ar eagla nach raibh a fhios agat cheana:
Atciú form brot brothrach n-áois
Rogaibh mo chiall mo togáois,
Liath finn ásas trém thuinn,
As amhlaidh gurbam sentoinn.
Aithneofar gur Gaeilge í seo agus go bhfuil ár nGaeilge-na i bhfolach inti. Ní hionann aistriú a dhéanamh ó theanga go teanga agus aistriúchán ó haois go haois, ach cuireann Máire leagan ar fáil nach é go díreach go síolraíonn sé ón mbunleagan, ach go bhfuil ina sheasamh comhthreomhar leis. Dhá insint dhílse Ghaeilge ar an aon ghuth amháin.
Is casta go mór iad an dá dhán eile agus is rúndiamhaire. Leagtar ar ‘Amhra Cholmcille’ gurb é an chéad dán é sa Ghaeilge ar féidir dáta cruinn a chur leis, is é sin le rá gur chum an file Dallán Forgaill é go gairid tar éis bhás an naoimh sa bhliain 597 a.d. Deir nóta anseo gur dóichí gur cumadh é sa chéad leath den 9ú haois, ach táim cinnte nach fada uainn scoláire eile go mbeidh a mhalairt de thuairim arís aige.
Caoineadh atá ann, ach comóradh ar Cholm Cille ag an am céanna. B’é a bhí ‘Do-scrúdaithe ag daoine/ Ba dhíon é don nocht/ Ba dhíon é ag bocht…’ Braitheann tú teas a phearsantachta agus paisean a mhuintire agus daingne an chreidimh in airde lán amhail is gur cumadh é i ngálaí anála. Ní dán é ar cuireadh slacht air, ar caitheadh dua á líomhadh is á shnasadh, ach earra a thagann ón anam amach. Sin é a dhéanann dán nua-aimseartha as, mar is saorvearsaíocht í seo sular cumadh an téarma vers libre.
Tá an tríú dán ‘Amhráin Amhairgin’ níos diamhaire fós, leagan de na dánta a chan an file den ainm sin agus an tír á gabháil nó á héileamh aige do Chlanna Míleadh. Tá Máire Mhac an tSaoi í féin admhálach ann go bhfuil cuid mhaith den teanga dorcha agus dospíonta, agus tá an t-eagarthóir admhálach gur minic aistriúcháin Bhéarla Mháire féin doiléir go maith. Fágann sin nach ar son brí aontaithe amháin a léifear seo ach ar son na reitrice féin, ceann de na foirmeacha filíochta is uaisle, is sine agus is cumhachtaí, agus a bhfuil gnéithe di le fáil i gcónaí san fhilíocht chomhaimseartha is fearr, bíodh is gurb annamh.
Tá eolas go forleathan ar an gcuid is táscula den saothar seo, ach tugtar dár n-aire gur ‘amhráin’ agus nach ‘amhrán’ atá ann.
Mé gaeth-mara
Mé tonn-toinne-i-dtír
Mé fuaim mhara
Mé damhfhia-seacht-mbeann
Me seabhac sa bhfaill
Mé deor-gréine
a thosnaíonn an leagan anseo agus tugtar an glam fiata anseo chun beatha chomh maith le haon cheann eile. Ach tá formhór na gcúig dhán eile a leagtar ar Amhargain den mhianach diamhair céanna. Iad den aois inar cumadh iad, an aois faoina luaitear iad, agus an aois seo féin mar nach ngabhann caitheamh ar an bhfilíocht is fearr.
Fág é sin as an áireamh más áil leat, ach ina theannta sin, mar a deir Louis de Paor ina réamhrá dó, ‘Cloch ar charn is ea é, leis, ar fhile a raibh cumas thar an ngnáth aici chun an seantraidisiún liteartha agus anáil an bhéil bheo a nascadh.’ Is féidir ‘áiméan’ a chur leis sin.
Foclóir:
fabhalscéalta = fables
eolaíocht = science
deatach = smoke
aistriúchán = translation
doiléir = obscure/indistinct
fiata = wild



















