Tá Emmy Shigeta ag ceiliúradh trí bliana mar DJ cónaithe Fidelity i Margadh na Feirme, áit a gcasann sí ceol timpeallach leictreonach na Seapáine tráthnóna Domhnaigh. Tá ocht mbliana ann ó bhog sí ón tSeapáin de bharr spéis sa gceol Éireannach a d’eascair as tréimhse oibre i siopa ceirníní i dTóiceo. “Tá iontas orm!” arsa Emmy. “Cheap mé go bhfanfainn bliain. Níor smaoinigh mé faoi bheith i mo DJ. Rinne mé staidéar ar an scannánaíocht. Bhí mé ag obair anseo sa Lighthouse Cinema ar dtús.”
Idir an Lighthouse agus na hionaid ina gcasann sí, tá pobal suntasach tógtha aici. Lastar a súile le teann áthais agus í i mbun cur síos ar mhuintir na cathrach. Dar léi go bhfuil spásanna sóisialta “níos oscailte anseo. Is breá liom Fidelity nó Big Romance. Tagann daoine lena leanaí, tagann leannáin níos sine, agus an oiread sin madraí freisin! Uaireanta tugtar cat chuig an beár! Nó éan!” (D’aithneodh muintir Bhaile Átha Cliath 7 Rocco, éan glas áitiúil a bhíonn suite in airde ar ghualainn a úinéara).
In éineacht le Emmy, bhí an ceoltóir John Anthony McDowell.
Chas mé leis an mbeirt acu i gcaifé ar Shráid Phroinsias agus iad ag ullmhú dá gceolchoirm sa Bello Bar. Le chéile, Kiiko atá orthu, tagairt do sheanmháthair Emmy, Kioko.
RM Block
Tá scannán á thaifeadadh faoi láthair faoi aistear Emmy go dtí seo, na nascanna atá á ndaingniú aici idir Áth Cliath agus an tSeapáin…
“Tá sé spraíúil toisc nach bhfuil mórán taithí ceoil ag Em, agus táim ag casadh le fada anois,” arsa John. “Mar thoradh, nuair a bhíonn muid i mbun comhoibre, tá sé an-tapaidh, tá an-chuid spraoi leis.” Bheartaigh siad láithreach albam a thaifeadadh nuair a scríobhadh a gcéad amhrán. “Rinneadh an cinneadh, d’oibreodh muid amach an chuid eile ina dhiaidh sin.”
Tá an chodarsnacht agus spraoi sin le cloisteáil sa gcéad singil Kiiko Forever óna n-albam - comhthoradh geal bríomhar ar mháistreacht John agus nuálaíocht Emmy. “Tá sé deacair ceol spraíúil a chruthú i d’aonar. Nuair a dhéanaim ceol liom féin, bím istigh i m’intinn féin, ach is féidir linn hyping a dhéanamh ar a chéile. Toisc go bhfuil sé go léir chomh nua sin dúinn, chruthaigh muid go leor amhráin an-an-tapaigh, rud atá cool. Domsa, tá sé sin an-taitneamhach.”
Is í Emmy scríbhneoir na liricí, i Seapáinis den chuid is mó. “Is duine diúltach mé, ach nuair a éistim le ceol, is mian liom mo thaobh geal a léiriú. Mar sin scríobhaim liricí geala. Is maith liom onamataipé freisin, spraoi gan mórán brí. Is dócha go ndéanann sé sin deacair é a aistriú ach is maith liom nuair nach féidir cuid de a aistriú.”
Níl bliain caite ó eisíodh a gcéad rian, July, ach cheana féin tá albam taifeadta, seoladh ar na bacáin agus ceol nua á chruthú i gcónaí. Tá borradh ceart fúthu! “Do bhanna atá díreach ag tosú amach, is mothúchán iontach é a bheith in ann rudaí a chruthú go han-tapaidh. D’fhoghlaim mé nuair a bhí mé i mbun tograí eile: má théann tú go mall, déantar an iomarca machnaimh, eagarthóireachta, athruithe agus, níl a fhios agam, dá shine a éiríonn muid is ea is mó a cheapaim go bhfuil teorainn lenár gcuid ama, is gá duit díriú ar an rud. Léiríonn an t-albam ár gcumas i Meán Fómhair go Samhain na bliana seo caite.”
Tá cúrsaí ama ar intinn ag John go háirithe anois gur athair é den chéad uair le seachtain anuas. Ritheann sé leis an dara cupán caife a fháil, ach i gcead dó tá sé lán brí. Is deas go labhraíonn sé leis an bhfonn agus fiosracht chéanna faoin tuismitheoireacht agus a labhraíonn sé faoin gceol. “Bhí mé i mbannaí cheana inar bhraith mé go raibh an clog ag imeacht, nach bhféadfainn seo a dhéanamh go deo. Ach dá fhad a dhéanann tú é is ea is mó a thuigeann tú nach gá éirí as riamh. Táim nua ag an tuismitheoireacht, ach beidh sé nádúrtha. Ceapaim, agus an saol chomh gnóthach, go mbeidh sé seo mar spás agam i gcónaí, ar feadh cúpla uair an chloig le tuilleadh oibre a dhéanamh ar an gceol, tá súil agam.”
Tá scannán á thaifeadadh faoi láthair faoi aistear Emmy go dtí seo, na nascanna atá á ndaingniú aici idir Áth Cliath agus an tSeapáin, áit a raibh sí an mhí seo caite, ag casadh ceol de chuid hÉireanndóibh: “Is breá leo New Dad agus Just Mustard. Nuair a smaoiníonn siad ar chultúr na hÉireann, ní smaoiníonn siad ar an ól, smaoiníonn siad ar an gceol,” ar sí.
An chosúlacht is mó eatarthu seo beirt, ceapaim, ná a thoilteanaí is atá siad dul le sruth, deiseanna a thapú. Fiosracht nádúrtha saoil a spreagann iad ‘yes’ a rá agus an lóistíocht a oibriú amach ina dhiaidh sin.
“Ba bhreá linn dul chun na Seapáine, le casadh. Sin cuid den phlean.” “An bhliain seo chugainn, b’fhéidir.” “Ceann eile de na rudaí sin is féidir linn a oibriú amach.” “Beidh spraoi ann!”
Casfaidh Kiiko in Bello Bar oíche Aoine 5 Meitheamh le tacaíocht Other Creatures. Ticéid ar Eventbrite.
















