Tá seisear iarrthóirí de chuid an eite chlé i bhfothoghchán Gaillimh Thiar tar éis comhaontú vótála a fhógairt ach tá Sinn Féin tar éis a rá nach mbeidh iarrthóir aonarach comhaontaithe ag an gcomhghuaillíocht sa todhchaí.
Chas iarrthóirí de chuid Shinn Féin, na Daonlathaigh Shóisialta, an Comhaontas Glas, Pobal Seachas Brabús, Páirtí an Lucht Oibre agus an t-iarrthóir neamhspleách Sheila Garitty le chéile Dé Céadaoin seo caite le dearbhú go bhfuil siad ag iarraidh go n-aistreoidh daoine a vótaí go hiarrthóirí eile ar an eite chlé.
Bhí an cruinniú eagraithe ag an ngrúpa gníomhaireachta ‘Tonn na Clé’ - eagraíocht atá faoi thionchar mór ag feachtas Uachtaránachta Catherine Connolly agus a bhfuil sé mar aidhm acu comhoibriú níos doimhne a chothú ar an eite chlé i nGaillimh.
De réir na ngeallghlacadóirí, tá an t-iarrthóir Noel Thomas ón bpáirtí Éire Neamhspleách mar rogha mhór na coitiantachta i nGaillimh Thiar ach tá tuairimíocht ar leith ann go bhféadfadh iarrthóir ar an eite chlé an suíochán a thógáil tar éis an chomhoibriú a bhí ar siúil idir na páirtithe a thacaigh le feachtas rathúil Uachtaránachta Catherine Connolly.
RM Block
Ag labhairt di le Scéal, dúirt an gníomhaí agus modhnóir Thonn na Clé, Michelle Ní Chléirigh, go bhfuil “an-mhuinín” uirthi go n-éireoidh leis an eite chlé sa bhfothoghchán agus gur cinneadh “pragmatach” a bhí ann glacadh leis go mbeadh seisear iarrthóirí ann ón eite seo den pholaitíocht in ionad iarrthóir aontaithe amháin.
Dúirt sí, “De bharr Catherine [Connolly] agus an tUachtarán Michael D a bhí ann roimhe, tá eagnaíocht láidir ann ar an eite chlé i nGaillimh”.
“An cheist a mbíonn an-chuid daoine ag cur ná cén fáth nach bhfuil ach iarrthóir amháin againn ar an eite chlé, mar a bhí i rith toghchán na hUachtaránachta. Tá an fothoghchán difriúil agus caithfidh meas a bheith againn ar na páirtithe agus na hiarrthóirí ar fad atá páirteach”
“Ach tá fonn orthu go mbeidh dearcadh níos fadtéarmaí ann le go mbeidh an eite chlé níos aontaithe mar thoradh ar fheachtas Catherine Connolly.”
Dúirt Ní Chléirigh freisin gur chothaigh Tonn na Clé comhoibriú idir na hiarrthóirí aonaracha ar bhonn áitiúil agus nach raibh mórán teagmhála ag an ngrúpa leis na páirtithe ar bhonn náisiúnta.
Mhínigh sí go raibh sé mar sprioc ag an ngrúpa feachtais díriú ar cheisteanna áirithe a bhí níos leithne ná an fothoghchán agus a thaispeáint go raibh an cumas ag an eite chlé in Éirinn rialtas ailtéarnach a chruthú gan Fianna Fáil nó Fine Gael.Dúirt Ní Chléirigh, “Bhíomar in ann luachanna áirithe a mholadh agus tá sé sin á dhéanamh againn leis na hiarrthóirí, seachas leis na páirtithe go díreach.”
“Níl san fhothoghchán ach rud gearrthéarmach. San iomlán, an fís fhadtéarmach atá ann ná go mbeadh rialtas ann ar an eite chlé”
Labhair Mark Lohan, atá mar iarrthóir do Shinn Féin i nGaillimh Thiar agus atá ina bhall de Thonn na Clé le Scéal freisin.
Dúirt sé go bhfuil feabhas tagtha ar an gcomhoibriú atá le haireachtáil idir na páirtithe ar an eite chlé i nGaillimh ach nach mbeadh sé ag súil leis go mbeadh díreach iarrthóir amháin ag an gcomhghuaillíocht sa todhchaí.
Dúirt sé, “Léiriúchán ar leith is ea Tonn na Clé ar an mothúchán ginearálta atá ann i nGaillimh Thiar go bhfuil rud éigin nua ag teastáil.”
“An cur síos a rinne mé air cheana do dhaoine ná, táimid tar éis a bheith i mbun feachtasaíochta le chéile ar cheisteanna áirithe cosúil le tithíocht, cearta don Phalaistín, ach i rith toghcháin bhíodh muid ag tabhairt sonc uillinne dá chéile”
“Tá níos lú den sórt ruda sin anois agus tá comhoibriú ar leith ann. Caithfidh rud éigin nua a bheith ann agus má tá rialtas ailtéarnach le bheith ann is féidir linn a thaispeáint cén chaoi é sin a chur chun chinn.”
“Ní thiocfaimid le chéile le hiarrthóir amháin a bheith againn riamh. Sílim go raibh comhrá ar leith ann faoin gceist sin am éigin agus b’fhéidir gurb as é sin a thagann cuid den sceipteachas nach n-oibreodh sé i gceart.”
“Ach ní bhraithimse air mar fhadhb, sílim go bhfuil sé togha agus sin an chaoi a bhfeidhmíonn ár ndaonlathas”“Cinnte táimid ag seasamh lenár bpáirtithe polaitíochta féin agus táimse ag seasamh leis an mbua a fháil do Shinn Féin ach tá an chomhthuiscint sin idir mé féin agus na páirtithe ar an eite chlé”
Labhair Mairéad Farrell atá mar Theachta Dála reatha i nGaillimh Thiar do Shinn Féin le Scéal freisin agus dúirt sí go raibh dea-chaidreamh le feiceáil idir na páirtithe de chuid an eite chlé i nGaillimh cé nach bhfuil sí féin bainteach go pearsanta le Tonn na Clé.
Dúirt sí, “Bíonn caidreamh sách-mhaith idir na páirtithe de chuid an eite chlé – agus bhí i gcónaí – ar chúrsaí éagsúla cosúil leis an bhfeachtas ar son na Palaistíne agus an feachtas Uachtaránachta”
“Nílim cinnte céard go díreach atá i gceist le feachtas Thonn na Clé. Díreach níl mé bainteach leis, ach sílim go bhfuil daoine ag tacú le ‘Vótáil ar Chlé, Aistriú ar Chlé’ agus sin a bhí ann i gcónaí i nGaillimh Thiar ar aon chuma”














