Fuair Seán Mac Mathúna bás Oíche Nollag an bhliain seo caite, agus toisc an séasúr sin a bheith mar a bhíonn, is róbhaol gur chuaigh a imeacht uainn gan an iomrá a bhí ag dul dó le ceart. Ríscríbhneoir ba ea Seán a raibh greim dílis aige ar ghnéithe de shaol na hÉireann nach raibh ag an dara duine lena linn ina chuid próis. Cé gur scríobh sé ceithre cinn d’úrscéalta, gach ceann díobh éagsúil leis an gceann eile, agus cé go bhféadfadh sé a bheith turgnamhach triaileach ina mhodh inste, agus gur chuir sé drámaí de a bhí ar stáitse Amharclann na Mainistreach go héiritheach, níl aon amhras ná gur mar ghearrscéalaí cruthanta is mó a chuimhneofar air mar ealaíontóir. Níl sé i gceist go mbainfeadh sin ó na saothair eile dá chuid aon phioc ach braithim gur chucu, chun na ngearrscéalta, is túisce a thriallfaidh léitheoirí amach anseo mar is ceart.
Is maith is eol do léitheoirí na Gaeilge agus do dhaoine a d’fhreastail ar chúrsaí ar a raibh an litríocht mar shlánchuid díobh go bhfuil traidisiún láidir iomráiteach ag an ngearrscéal againn. Gabhann seo siar go dtí tús na haoise seo caite nuair a bhris an Piarsach agus Pádraic Ó Conaire ó mhúnla an scéil béaloidis agus a thuig gur léitheoirí a bheadh acu feasta, seachas lucht éisteachta. Ina dhiaidh sin ghearr mórscríbhneoirí eile, go háirithe an Cadhnach agus Séamus Ó Grianna, foirm den ealaín sin amach dóibh féin; agus i ndéanaí aimsire tá máistrí eile tagtha ar an bhfód, go háirithe slua aniar, Micheál Ó Conghaile, Joe Steve Ó Neachtain agus Pádraic Breathnach.
Ach ba é ba shuaitheantasaí faoi Sheán Mac Mathúna ná gur lean sé go dílis an múnla clasaiceach de chuid an ghearrscéil a bhí á mholadh go tréan ag na Corcaígh ghroí, Frank O’Connor agus Seán O’Faolain (beirt a scríobh leabhair nótálta faoin ealaín) agus a lean an Corcaíoch eile úd David Marcus a mhóradh agus a chur chun cinn nuair a bhí sé ina impire ar an bhfoilsitheoireacht sin san Irish Press ar feadh tamaill fhada.
Ní cúrsaí iontais go mbíonn an scoil agus an t-oideachas i gcochall go leor dá scéalta óir chaith sé smut maith dá shaol ina mhúinteoir scoile.
Ar eagla na míthuisceana, bímis soiléir ó dhabht ar bith. I ngearrscéal amháin de chuid Sheáin dar teideal ‘An Seamlas’, instear scéal mar gheall ar bhuachaill óg a bhfuil peata de ghaidhrín beag aige atá ar comhaois leis féin, agus ní nach ionadh, go bhfuil a chroí istigh ann. Tagann an lá, áfach, nuair atá seal an mhadra istigh, é sean, críonchaite, breoite agus ag tabhairt cosa an bháis, agus nach foláir é a mharú. Is dóigh leis an mbuachaill gurb é an búistéir sa seamlas a dhéanfaidh an drochghníomh ar a shon, ach tugann seisean le fios go gcaithfidh an leaid óg féin é a dhéanamh. Sin a bhfuil ann. Déantar é. Ach san aon bheart sin amháin tá cor mór de chuid an tsaoil curtha de aige, tá tagtha in inmhe, tá fásta suas, tá an neamhurchóid imithe léi, ní fada uaidh a bheith ina fhear.
RM Block
Is é sin, sa ghearrscéal traidisiúnta seo, de réir na máistrí, dírítear ar aon eachtra shuainteasach amháin a chuireann casadh i saol nó i dtuiscint an duine chun leasa nó chun aimhleasa. Móimint léargais, oscail súl, gile intinne, scaipeadh ceo, nochtadh nach raibh ann roimhe sin.
Caithfear a rá go diongbháilte agus le gunnaí móra nach é sin an t-aon mhúnla bailí den ghearrscéal atá ann agus is minic léirmheastóirí le srathar na bhfoirmlí ina phúicín ar a meabhair á áiteamh sin ar neamhchead don spioraid naomh. Tá slite eile ann leis an ngnó a dhéanamh, ach tá draíocht agus scil faoi leith fós ag baint leis an múnla traidisiúnta Conchúrach Faolánach sin nuair a chuirtear i gcrích go buacach é. Dhein Seán Mac Mathúna é gan cháim, agus go minic.

Foilsíodh dhá chnuasach bhunúla leis mar atá Ding (1983) agus Banana (1999), agus scothrogha na scéalta sin in Úlla (Cois Life) sa bhliain 2005. Ba cheart a rá chomh maith gur fhoilsigh Cois Life ocht gcinn de scéalta as an leabhar sin Úlla ar dhlúthdhiosca (tá feidhm leo mar dhlúthdhioscaí i gcónaí) arna n-aithris le Niall Tóibín. Mura bhfuil teacht agat ar an leabhar féin, faightear, nó goidtear, nó sladtar, nó sciobtar na dlúthdhioscaí seo óir déanann Niall an léamh go seascair seolta amhail is gur chuige a cumadh iad ar dtús.
Bhíodh an scéal ‘Na Quizmháistrí’ ar chúrsaí meánscoile go dtí gur shocraigh na cumhachtaí lasnairde nárbh fhiú le daltaí mórán de litríocht na Gaeilge a léamh níos mó, agus ba shampla cruthanta é den mheascán sin den fhantaisíocht agus den ghreann a bhíonn fuaite go dea-dhealbhach trína shaothar. Ach is féidir leis teagasc saoil a fháisceadh as eachtra shimplí amháin go lánréalaíoch mar atá in ‘Leaca an Tí Mhóir’ nuair nach scaoileann sé le téada an ghnáthshaoil sin tráth a mbuailtear isteach in aigne bhuachalla óig eile go bhfuil toise aicmeach go fiú sa chaidreamh is coitianta laethúil.

Ní cúrsaí iontais go mbíonn an scoil agus an t-oideachas i gcochall go leor dá scéalta óir chaith sé smut maith dá shaol ina mhúinteoir scoile. Ach taispeánann ‘Sodar Breá Bog go Cluain Uí Eachaidh’ (ceann de na scéalta is ansa liom féin) an vista leathan scanrúil ar féidir a bheith roimh an duine tar éis na scoile sin. Tá trácht íogair ann ar mheánscoil chónaithe do bhuachaillí (an cuimhin linn iad sin?) agus iad faoi ghlas mar stócaigh ag pléascadh le miangais na hóige gan radharc ar bhaineannach. Ach ní hé sin an t-uafás ach an ‘fhís’ atá ceapaithe ag a mháthair dó tar éis a chuid eachtraíochta sa scoil - é a cheangal le cailín áitiúil a bhfuil talamh ag a muintir agus ise le bheith ina múinteoir deas sábháilte. Dá gclasófaí le chéile iad bheadh an saol ar dóigh acu agus gach rud huncaí deoraí ionas go mbeadh ‘sodar breá bog go Cluain Uí Eachaidh’ acu beirt feasta nuair is é Cluain Uí Eachaidh reilig an pharóiste. Is róbheag nach ndúiseodh a leithéid de chinniúint duine le scread alltachta i gcoim na hoíche ciúine. An té a mbeadh aigne chéimseatan aige, déarfadh sé go ngluaiseann ealaín seo an údair mar – suíomh, daoine, saibhriú, eachtra, cic, léargas / suíomh, daoine, saibhriú, eachtra, cic, léargas. Ach tá sin mós tirim, murab ionann agus mar a chuirtear an bheatha scéalaíochta inár láthair.

Is leithne agus is fairsinge scéalta Mhic Mhathúna go mór ná na héachtaintí pearsanta seo, cuid acu íogair, cuid eile scanrúil. Cuimsíonn siad sciar mór de shaol na hÉireann nuair a bhí an rud go dtugaimid traidisiún air ag géilleadh do shaol eile ar fad a bhí deoranta, ní hea don tír, ach ag cothú deorantachta a chuir as do dhaoine agus isteach orthu ina n-anam istigh.
Scéal é ‘Gadaithe’ a bhaineann ar barra le bás na scéalaíochta béil ach gur plé atá ann ar mheathlú na teanga agus a bhfuil á iompar aici. Deir Eoghan Ó hAnluain ina thaobh go n-éiríonn le Mac Mathúna ‘an scéal seo a ardú os cionn na tubaiste áirithe laethúil sin go críocha eile, go dtí an ghéarthuiscint do bhris an daonnaí i gcoitinne’.
Tá scéalta eile ag Seán nach bhfuil cnuasaithe in aon cheann de na trí leabhar thuas, agus bhí sé i mbun úrscéil ar Phádraig Naofa le tamall a raibh Ego Patricius mar theideal aige air, agus a bhfacamar sleachta as a d’éiligh níos mó i bhfoilseacháin éagsúla. Tá sé i dteideal go bhfoilseofaí na scéalta eile seo, dar liom, agus go mbeadh caoi againn ar iad a léamh leis an bpléisiúr céanna is atá le baint as Úlla agus as an dlúthdhiosca Niall Tóibín ag léamh Gearrscéalta le Seán Mac Mathúna.
Foclóir:
toisc = on account of
iomrá = repute
úrscéalta = novels
turgnamhach = experimental
feasta = henceforth
léirmheastóirí = reviewers/critics
éachtaintí = glimpses












