‘Cuirim chugat an leitir bheag seo le buidheachas a thabhairt dhuit fá’n tíodhlacadh mór a bhronnais orm, eadhon, gur fhóghluim mé le teanga mo dhúthchais a sgríobhadh agus a léigheamh thré do pháipeur, An Gaodhal.”
Sliocht é seo as litir a scríobh cailín aon bhliain déag d’aois i mí na Nollag 1887 agus a foilsíodh sa nuachtán Gaeilge, An Gaodhal, i mí Feabhra 1888.
Cé gur i gCo. an Chláir a bhí scríbhneoir na litreach, Nóra Breathnach, ina cónaí nuair a chuir sí peann le pár, léirigh an méid a bhí le rá aici tábhacht an nuachtán Meiriceánach seo do phobal na Gaeilge ar fud an domhain: Ó Brooklyn go Cathair San Proinsias, agus ó Mheicsiceo go dtí an Astráil, bhí fáil ag an bpobal scaipthe ar nuachtán ina dteanga féin den chéad uair riamh.
D’fhág na milliúin daoine Éire le linn an Ghorta Mhóir (1845-1852) ach bhí cúrsaí chomh duairc sin ina dhiaidh gur lean an sreabhadh daonna gan staonadh amach sna 1870idí agus 1880idí. Ach ní féidir a rá gur cuireadh fáilte roimh imircigh Éireannacha i gcónaí. D’fhulaing na Gaeil claontacht i Meiriceá sna blianta sin agus cé go raibh dul chun cinn á dhéanamh ag sciar den phobal, tírdhreach ainfhial a bhí ann do go leor eile.
RM Block
Cureadh fáilte mar sin roimh an nuachtán míosúil seo a bhí dírithe go príomha ar phobal Éireannach Mheiriceá - mar a deir Deirdre Ní Chonghaile a chaith beagnach dhá bhliain i mbun mórthionscadal chun an foilseachán a dhigitiú, “bhí síol á chur nuair a cruthaíodh An Gaodhal”.
Imirceach Éireannach, Mícheál Ó Lócháin, a bhunaigh An Gaodhal, nuachtán a mheall léitheoirí ó gach aicme.
I gCurrach an Doire, Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh Ó Lócháin in 1836. Thóg sé an bád bán go Meiriceá in 1871, áit ar bhain sé gairm amach ag díol tithe. Níos lú ná sé mhí tar éis dó Meiriceá a bhaint amach, scríobh Ó Lócháin litir chuig an Irish World, an nuachtán is mó a raibh dáileachán air i measc na nGael, ina ndúirt sé gur cheart go mbeadh ranganna Gaeilge fud fad Mheiriceá. Deich mbliana ina dhiaidh sin bhí sé ina eagarthóir ar an gcéad nuachtán Gaeilge ar domhan.
Bhí borradh faoi ghluaiseacht na Gaeilge i Meiriceá faoin am a tháinig An Gaodhal ar an bhfód in 1881. Bunaíodh réamhtheachtach ar Chonradh na Gaeilge, an Philo-Celtic Society, i mBostún roinnt blianta roimhe sin, in 1873, agus as sin d’eascair na dosaein cumann fud fad na Stát. Bhunaigh Ó Lócháin féin cumann in Brooklyn in 1874.
“Bhí sé tiomanta,” a dúirt Ní Chonghaile.
Nuachtán dátheangach míosúil ba ea An Gaodhal a foilsíodh faoi stiúir Uí Lócháin in Brooklyn, Nua-Eabhrac, idir 1881 agus 1898.
Bhí sé dírithe ar chainteoirí Gaeilge - bhí na colúin scríofa i nGaeilge agus i mBéarla, agus iad leagtha amach taobh le taobh, sa chló Rómhánach agus sa chló Gaelach, le canúintí éagsúla in úsáid.
“Bhí caint ar a leithéid a bheith ar fáil do phobal na nGael, mar a bhí ag teangacha eile i Meiriceá,” a dúirt Ní Chonghaile.
Cé gur i gcríocha iasachta a chuireadar fúthu, bhí íota chun eolais ar na léitheoirí faoi ábhar ar bith a bhain le hÉirinn.
I measc na n-ábhar a foilsíodh bhí nuacht, béaloideas, litreacha, amhráin agus ábhar d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Mar a dúirt Ní Chonghaile, bhí siad “tugtha go mór do na ceisteanna talún, ceisteanna teanga, agus ceisteanna saoirse”. Anuas ar sin, ní raibh mórán leabhair Ghaeilge ar fáil ag an am seachas saothair eaglasta, agus chuir an nuachtán nua Gaeilge lúcháir ar an bpobal.
“Foilsíodh an chéad uimhir de An Gaodhal i mí Dheireadh Fómhair 1881. “Nuair a léann tú tríd aithníonn tú na sceitimíní bhí ar dhaoine nuachtán i nGaeilge a bheith acu,” a dúirt Ní Chonghaile.
Cé go raibh An Gaodhal ar an gcéad nuachtán Gaeilge, níorbh fhada go mbeadh foilseacháin eile ag treabhadh sa ngort céanna. “Bhí iris eile a tháinig chun cinn in Éirinn, an chéad cheann [Gaeilge] ar tugadh aitheantas dó in Éirinn, Irisleabhar na Gaedhilge, ach níor tháinig sé sin ar an bhfód go dtí b’fhéidir sé mhí ina dhiaidh sin,” a dúirt Ní Chonghaile.
Ach bhí an dá fhoilseachán an-éagsúil óna chéile. “Déarfaí go raibh Irisleabhar na Gaedhilge níos scolártha – lucht léinn, b’fhéidir, a bheadh ag scríobh,“ a dúirt Ní Chonghaile. Meascán daoine a léigh An Gaodhal agus, mar a dúirt Ní Chonghaile, “cuid acu, b’fhéidir gur dream iad a mbeadh pianó sa bhaile acu agus cuid eile a bhí ag glanadh na sráideanna”.
Bhí ar Ó Lócháin brath ar fhógraíocht agus ar shíntiúsóirí chun go gcoinneodh sé páipéar agus dúch leis an iarracht.
“Níor ghlac sé aon tuarastal ná aon airgead. Is rud é seo a dtug sé faoi go deonach ar feadh a shaoil,” a dúirt Ní Chonghaile.
Taobh istigh de bhliain bhí 1,200 síntiúsóir aige. Fuair Ó Lócháin tacaíocht ansin ó nuachtáin eile: rinne Ó Donnabháin Rossa bolscaireacht dá chuid léitheoirí féin tacú leis.
“Ar a mhéad bhí 3,000 síntiúsóir aige,” a dúirt Ní Chonghaile. “Ach nuair a smaoiníonn tú air, ní raibh ach 600 síntiúsóir ag Irisleabhar na Gaedhilge.
“Bhí Ó Lócháin ag díol tithe i rith an lae agus is cosúil go raibh an fearas clódóireachta aige ina oifig agus nuair a chríochnaigh an lá oibre gur ansiúd a bhíodh sé. Nuair nach raibh sé ansin, bhí sé ag múineadh ranganna Gaeilge.”
I measc scríbhneoirí An Gaodhal bhí an tAthair Domhnall Ó Morchadha (Sligeach/Philadelphia), Martin P. Ward (Maigh Eo) agus Capt. Thomas D. Norris (Ciarraí/Nua-Eabhrac).
I measc na léitheoirí bhí Tomás Bán Ó Concheanainn, an chéad timire a cheap Conradh na Gaeilge.
“Dúirt Tomás Bán go bhfaca sé an Ghaeilge i gcló don chéad uair riamh nuair a chonaic sé An Gaodhal ar sheastán i Meicsiceo,” a dúirt Ní Chonghaile.
In alt a foilsíodh in Feasta in 1970 dúradh gur le cabhair an nuachtáin a d’fhoghlaim Tomás Bán léamh na Gaeilge.
“Tá sé sin suntasach nuair a chuimhníonn tú gurbh é an chéad timire Gaeilge nuair a d’fhill sé ar an mbaile,” a dúirt Ní Chonghaile.
Faoi 1898, bhí gluaiseacht na Gaeilge ag bailiú nirt. “Bhí na Conraitheoirí in Éirinn ag foghlaim ón méid a bhí ag tarlú i Meiriceá,” a dúirt Ní Chonghaile. Bunaíodh craobh Mheiriceá de Chonradh na Gaeilge agus ceapadh an Lóchánach ina rúnaí cúpla mí sular cailleadh go hobann é in 1899.
Ceapadh eagarthóir gan Ghaeilge le teacht i gcomharbacht air ach níor tháinig An Gaodhal slán agus cuireadh clabhsúr leis in 1904.
Tionscadal
Sheol an tAthair Domhnall Ó Morchadha eagráin den iris chuig an scoláire Tomás Ó Máille i nGaillimh in 1924. Ní raibh trácht ar An Gaodhal arís go dtí gur thagair Máirtín Ó Cadhain dó i léacht raidió in 1969.
“Is míorúilt é gur tháinig sé ar an bhfód ar chor ar bith, agus is míorúilt eile é gur tháinig sé slán,” a dúirt Ní Chonghaile.
Ach anois tá eagrán inchuardaithe digiteach den nuachtán, mar aon leis na samhlacha OCR (aithint optúil carachtar) a cruthaíodh go speisialta don chló Gaelach le cabhair na hintleachta saorga, cruthaithe ag foireann scoláirí ó Ollscoil na Gaillimhe i gcomhpháirt le hOllscoil Nua-Eabhrac.
Ba dhúshlán mór é seo toisc nár aithin gnáthchláir ríomhaireachta an cló Gaelach. D’oibrigh foireann de thriúr (Deirdre Ní Chonghaile, Oksana Dereza, agus Nicholas Wolf) ar an tionscadal trí ardán Eorpach darb ainm Transkribus.
Seolfar toradh a gcuid oibre ar an Aoine ag ócáid in Ollscoil na Gaillimhe agus beidh deis ag an bpobal féachaint siar ar scéalta an lae, ar litreacha na léitheoirí agus ar na fógraí a foilsíodh in An Gaodhal, agus iad a léamh dóibh féin.
Ach ag filleadh ar an gcailín óg sin, Nóra Breathnach, a scríobh a litir i ní na Nollag in 1887, aithneoidh feachtasóirí phobal na Gaeilge (atá fós ag streachailt leis an stát faoin neamhchothroime i soláthar an ghaeloideachais) go rímhaith a raibh le rá aici beagnach 140 bliain ó shin.
Agus í ag cur síos go léanmhar ar a ceantar agus an easpa tacaíochta teanga a bhí ann ag an am, scríobh sí:
“...tá scoil Ghaodhailge bh-foisgeacht ceithre mhíle dhúinn, acht ní dheachaigh mise ariamh ann sin mar atá sé ró fhada uaim.”
Seolfar eagrán inchuardaithe digiteach den gcéad nuachtán Gaeilge ariamh, An Gaodhal, in Ollscoil na Gaillimhe ar 6 Feabhra. Tabhair cuairt ar: digital.library.universityofgalway.ie
Foclóir: eadhon – namely; sliocht – passage, extract; pár – paper; imirceach – emigrant; borradh - swell; canúintí - dialects; claontacht - prejudice.


















