Tá géarcháineadh déanta ag an bhFeisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú ar pholasaithe Gaeilge nua na Roinne Oideachais, ag rá go bhfuil siad “gan fís, gan uaillmhian agus ag díriú ar na rudaí míchearta”.
Déardaoin seo caite sheol an tAire Oideachais Helen McEntee TD dhá mhórpholasaí nua do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna lán-Bhéarla agus scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Cuirfidh cáineadh Ní Mhurchú iontas ar go leor mar go bhfuil a páirtí - Fianna Fáil - i gcomhrialtas le Fine Gael, an páirtí a bhfuil an tAire McEntee ina leascheannaire air.
Ag labhairt di le Scéal faoi na polasaithe nua, dúirt Ní Mhurchú nach bhfaca sí “aon cheannaireacht sa pholasaí seo”.
RM Block
“Tá mé ar buile ceart,” a dúirt sí.
“Cén fáth nach bhfuil níos mó polaiteoirí chun tosaigh ag foghlaim na Gaeilge, ag úsáid na Gaeilge - agus is cuma liom má tá siad bacach, má tá siad líofa nó lofa,” a dúirt sí.
Éilíodh córas i bhfad níos solúbtha i bhfad, i bhfad ó shin agus ní fheicim é sin ar chor ar bith sna torthaí atá os ár gcomhair anois.
“Má tá an plean seo ag díriú ar mhúinteoirí níos mó Gaeilge a labhairt agus comhrá a bheith fite fuaite i rith an lae – níl sé sin chun an fhadhb a leigheas. An rud is tábhachtaí ná go bhfeicfidh daoine óga gur teanga bheo í an Ghaeilge,” a dúirt sí.
Ag déanamh cur síos ar an nGaeilge sa chóras oideachais reatha, dúirt Ní Mhurchú go bhfuil sí “míthaitneamhach”. Dúirt sí go bhfuil an t-ábhar “dolúbtha do dhaltaí”.
“Éilíodh córas i bhfad níos solúbtha i bhfad, i bhfad ó shin agus ní fheicim é sin ar chor ar bith sna torthaí atá os ár gcomhair anois,” a dúirt sí.
Dhiúltaigh Ní Mhurchú glacadh freisin le ráitis a rinne an tAire McEntee agus a réamhtheachtaí Norma Foley a bhí ina hAire Oideachais roimpi faoin gcuraclam.
Mhaígh an dá aire nach raibh sé de chumas ag an rialtas cinntí faoi churaclam na Gaeilge a dhéanamh de bharr go bhfuil an fhreagracht seo ar eagraíocht neamhspleách - An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.
Mí Feabhra seo caite – go luath tar éis di a bheith ceaptha sa ról – dhiúltaigh an tAire McEntee a dheimhniú go gcomhlíonfadh sí na gealltanais a rinneadh faoi churaclam na Gaeilge sa Chlár Rialtais agus dúirt sí go gcaithfí na cinntí seo a dhéanamh ar bhonn neamhspleách.
Dúirt Ní Mhurchú áfach, “Ní féidir a bheith ‘neamhspleách’ - níl ann sin ach nath cainte.”
“Ní féidir brath ar an dream ‘neodrach neamhspleách’. Cén fáth nach bhfuil siad ag éisteacht níos mó lena leithéid de Chonradh na Gaeilge? Cén fáth nach bhfuil siad leis na daoine óga atá ag déanamh podchraoltaí fud fad na tíre?”
Dúirt an Feisire Eorpach freisin nach raibh tada luaite sna polasaithe nua a rachadh i bhfeidhm ar na rátaí díolúintí don Ghaeilge sa chóras oideachais.
“Conas is féidir freastal ar dhaltaí le riachtanais speisialta nó deacrachtaí foghlama? Níl faic déanta dóibh siúd sa phlean is déanaí”, a dúirt sí.
“Níl faic déanta do na daltaí atá ag teacht isteach déanach sa chóras ó thíortha eile.”
Ina theannta sin, dúirt Ní Mhurchú go raibh tagairtí don Fhráma Tagartha Comónta Eorpach “in easnamh” ón bpolasaí a seoladh - cé go bhfuil sé geallta sa Chlár Rialtais go mbeidh an curaclam don Ghaeilge bunaithe ar an gcóras seo.
Mhol Ní Mhurchú go mór an tUachtarán nuathofa Catherine Connolly as ucht na béime a chuir sí ar an teanga ina feachtas uachtaránachta agus dúirt sí go raibh neart le foghlaim ag polaiteoirí eile uaithi – an tAire Oideachais san áireamh.
“Ní thuigeann na polaiteoirí go mbíonn an réabhlóid seo ar siúl taobh amuigh de Dháil Éireann.”
“Thaispeáin Catherine Connolly meas agus labhair sí an Ghaeilge. Agus ansin chruinnigh sí an lucht tacaíochta atá go mór amuigh ansin i measc daoine óga.”
Mar chuid den pholasaí nua do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, maítear go gcuirfear tacaíochtaí áirithe ar fáil cosúil le huaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge, forbairt acmhainní, agus treoir agus deiseanna foghlama gairmiúla do mhúinteoirí.
Bunófar tascfhórsa freisin ar “Mhúnlaí Soláthair don Oideachas Lán-Ghaeilge” a thabharfaidh páirtithe leasmhara agus oifigigh na roinne le chéile chun polasaithe a dhearadh leis an earnáil a fhás agus deiseanna a leathnú do dhaltaí a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge.
Tuigtear go dtionólfar an chéad chruinniú den tascfhórsa nua seo níos déanaí an mhí seo.
I ráiteas, dúirt an Foras Pátrúnachta gur “deis chaillte” atá sa pholasaí nua.
Dúirt Cathaoirleach an Fhorais, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, “Is éard atá fógartha ag an Aire inniu ná tascfhórsa a chur ar bun chun ceist atá freagartha cheana féin a fhreagairt”.
“Is cosúil go bhfuil gach uile rud á dhéanamh seachas cinneadh a ghlacadh cur leis an soláthar lán-Ghaeilge.”
Freisin, dúirt Ardfheidhmeannach Gaeloideachas Bláthnaid Ní Ghréacháin, “I ndiaidh trí bliana d’obair forbartha agus chomhairliúcháin phoiblí ar an bPolasaí, tá cloch mhíle bainte amach, ach go leor ceisteanna le freagairt go fóill.”
“An cheist is mó atá le cur anois ná cén sainmhíniú atá ag an Roinn Oideachais agus Óige ar oideachas lán-Ghaeilge, nuair a thuigeann muid ón taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta gurb é an tumoideachas an dea-chleachtas?”
“An féidir leis an bpobal a bheith muiníneach go mbeidh tumoideachas ar ardchaighdeán ar fáil do chách, agus an gcuirfear an t-infreastruchtúr tacaíochta cuí ar fáil chuige?”
Mar chuid den phlean nua atá ann do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna lán-Bhéarla, moltar go dtabharfar deiseanna foghlama gairmiúla do mhúinteoirí, go bhforbrófar acmhainní nua, agus go dtabharfar breis deiseanna do dhaltaí an Ghaeilge a úsáid.
















