I saol shaoithiúlacht na Gaeilge ba bheag earra a bhí níos luachmhaire ná an béaloideas. Is follas na cúiseanna a bhí leis sin, gur den Ghaeltacht go príomha é, ach fairis sin gur bheag rud eile a bhí againn mar le ‘litríocht’ na ngnáthdhaoine de i gcaitheamh na gcéadta bliain seachas é. Chrom lucht eitneolaíochta agus staidéir phobal tuaithe ar spéis a chur ann san 19ú haois, leithéidí Thomas Crofton Croker agus Jeremiah Curtin ón iasacht, agus gan amhras, Lady Gregory agus Dubhghlas de hÍde abhus. Níor tosnaíodh ar an mbéaloideas a bhailiú go córasúil, áfach, go dtí gur bunaíodh Coimisiún Béaloideasa Éireann sa bhliain 1935 agus a raibh Séamus Ó Duilearga mar phríomhchrann stiúrtha agus tiomána air.
Is mó seoid seanchais agus eolais a chuir an eagraíocht chéanna faoina cultacha éagsúla amach idir an dá linn, agus arb iad Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire agus Seanachas Amhlaoibh Uí Luínse an dá cheann is ansa liom féin, ach táimse claonta. Níl aon amhras ná gur seoid eile is ea an leabhar seo Cloch in Áit an Charnáin: Seán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis (Éabhlóid) le Pádraig Ó Tiarnaigh atá amuigh go húr le gairid.

Murab ionann agus na leabhair úd eile a dhíríonn ar an scéalaíocht agus ar an seanchas féin, is é an bailitheoir ábhar an staidéir seo. Ní bheadh na cnuasaigh mhóra bhéaloidis againn mura mbeadh gur thug dream díograiseach na bóithre fada bána agus na cosáin chaola chúnga agus na boglaigh bheaga bhreaca orthu féin ag triall ar thithe ar an iargúil (mar a cheaptar) chun a bhfuil againn a chnuasach agus a chur ar buanchoimeád. Gaisce ba ea an obair sin, obair dhuainéiseach, achrannach, chrua gan mórán buíochais seachas go raibh gnó luachmhar idir lámha acu.
Is de shuimiúlacht go raibh cáilíochtaí a dhíth ar na bailitheoirí seo nárbh iad na cáilíochtaí acadúla páipéir iad, ach a nglanmhalairt. Bhí gátarach nach mbeadh siad ‘faoi thionchar na mbailte móra agus nach mbeadh barraíocht oideachais acu’. Chaithidis teacht ón bpobal féin gan a bheith loitithe ag ‘university education and by city ways’ ionas nach mbeadh aon ‘high-faluting nonsense about them.’
RM Block
Níorbh fhéidir é sin a rá mar gheall ar Sheán Ó hEochaidh de bhunadh Theilinn in iardheisceart Thír Chonaill. Cé gur chuaigh sé ar scoil an chéad lá nuair a bhí sé trí bliana d’aois – agus eachtra faoi leith é sin nach ionann é agus gnáthchuntas na ndírbheathaisnéisí Gaeltachta – ba dhóbair dó tabhairt faoin gColáiste Ullmhúcháin d’fhonn dul le múinteoireacht bhunscoile, ach ‘bhris sé a lámh dheas an lá roimh an scrúdú.’ Nach raibh an t-ádh leis, agus linne!
Chaith sé leathchéad bliain i mbun bhailiú an tseanchais i ngach aon pharóiste agus baile fearainn a bhí faoin nGaeilge i gContae Dhún na nGall, ní foláir. Ceapadh é ‘sa bhliain 1935 ag aois 22 agus lean air ag bailiú béaloidis go dtí gur cuireadh deireadh oifigiúil le feidhmiú gairmiúil bhailitheoirí an Choimisiúin ar an 31 Márta 1970’. Lena linn sin níorbh annamh leis ‘ocht n-uaire déag sa lá idir a bheith ag bailiú ábhair agus á scríobh’ a chaitheamh i mbun oibre. Is é sin le rá, bhailítí an t-ábhar i dtosach agus chuirtí á thaifeadadh ar eideafón – gléas mór trom ciotrúnta ar cúis gháire phrimitíveach dúinn anois é – agus b’éigean é a thrascríobh ina dhiaidh sin i gcóipleabhair agus a sheoladh go dtí an Ardoifig i mBaile Átha Cliath. Fara an méid sin, bhíodh air, agus ar gach bailitheoir eile cín lae nó dialann oibre a choimeád a thráchtfadh ar na daoine a mbailítí na scéalta uathu agus eile, cúram duamhar sa bhreis nár éascaigh an saothar.
Ina choinne sin, áfach, is ar na cíona lae seo atá cuid mhaith mhór den leabhar seo bunaithe, agus is ciallmhar tuisceanach eagraithe mar a bhain Pádraig Ó Tiarnaigh leas astu. Ní hamháin go dtugann siad léargas éachtach dúinn ar an obair, ach is iad a shoilsíonn an duine agus an grá tiomanta a bhí aige dá ghairm, agus is minic iad a bheith fileata nó mar a bheadh as saothar cruthaitheach, nuair is fearr iad. Dá fheabhas iad, agus dá chlisteacht is a chuirtear chun fóinte iad, níorbh fhéidir iad ar fad a fhoilsiú óir tá ‘breis agus 3,700 leathanach dialainne’ againn uaidh, agus ‘na mílte eile nár scríobhadh (nó nár aimsíodh) riamh.’
Is de shuimiúlacht go raibh cáilíochtaí a dhíth ar na bailitheoirí seo nárbh iad na cáilíochtaí acadúla páipéir iad, ach a nglanmhalairt.
Cuid luachmhar eile de na dialanna is ea an cur síos a dhéantar ar na seanchaithe éagsúla siar síos. Tá an duine seo a shocraigh é féin, a chóirigh a hata ar a chloigeann, ansin ‘chaith sé amach cúpla smug mhaith, agus nuair a fuair sé a sceadamán réitithe go maith, chuaigh sé le hobair.’ Casadh scéalaí eile air sa ghort agus ‘b’ábhar scanraithe le bheith ag tarraingt air. Bhí an fear seo costarnocht agus féasóg coicíse nó mar sin air’ agus ‘a dhá chois comh dubh leis an tsúiche’ toisc é a bheith ina sheasamh sa chlábar.
Ach féach an cur síos seo ar dhuine a bhí réidh ullamh tabhairt faoin scéalaíocht: ‘Bhí péire de sheanspéaclóirí air a raibh doimhne mheirg orthu thíos chóir a bheith ag barr a shróine, agus léab de shnáithe olna teannta siar thaire na cheann lena gcoinneáil air. Bhí ceann de shúile na ngloiní seo buailte thíos ar a éadan, agus bhí an tsúil eile tógtha tuairim is orlach, agus shílfeá in áit é bheith ag amharc díreach ar an phréata a bhí sé ag scoilteadh, go b’é rud a bhí sé ag amharc ar na creataí le súil amháin agus ar an “talamh-íochtair” leis an cheann eile.’ Abair cruinneas, agus tabhairt faoi deara! Agus tá na dialanna breac le míreanna beaga mar sin a mhúsclaíonn obair dhuamhar an bhailithe bhéaloidis dúinn go beoga.
Tá scata pearsana suimiúla agus ‘áiride’ a chasann orainn fan na slí. Cuid acu mór agus tábhachtach ar nós an Duileargaigh nár réitigh sé leis i gcónaí, agus Heinrich Wagner an canúineolaí cáilmhear ar thug sé oiread tacaíochta dó agus a raibh dáimh mhór acu le chéile. Scéal ann féin is ea scéal na beirte Naitsithe a lonnaigh i dTeileann sna blianta roimh an gcogadh, Ludwig Muhlhausen agus Hans Hartmann agus spíontar anseo é go mion, go híogair agus le barr tuisceana. Trioblóid a chothaigh turas A.L. Lloyd, bailitheoir agus amhránaí Sasanach, toisc go raibh baint aige le hiris lofa a léirigh muintir na háite mar thruáin bhochta nach raibh acu ach an ainnise, agus tá ‘walk-on part’ ag Walt Disney é féin, ar eagla an dearmaid, cé gurbh fhearr gan an iomad airde a tharraingt ar ‘Darby O’Gill and the Little People’.
Tá slacht den scoth ar an leabhar féin, an cló soiléir, agus na sleachta dialainne agus athfriotail aibhsithe le prionta de dhath eile, gan trácht ar nach mór ceithre scór grianghraf ar maise agus ar riachtanas don saothar iad.
Tá oiread eile clúdaithe sa leabhar cuimsitheach seo arb airí ar é a lua ach nach féidir ceal spáis. Saothar léannta eolgaiseach inléite a thugann a cheart do Sheán Ó hEochaidh, do chruinniú an bhéaloidis agus ar eiseamláir é den chineál leabhair ar chóir a thaighdeadh is a scríobh mar gheall ar chuid de na bailitheoirí eile.
Foclóir: saoithiúlacht = wisdom/learning;
eitneolaíocht = ethnology
béaloideas = oral tradition/folklore
duainéiseach = laborious/distressing
costarnocht = barefooted
dírbheathaisnéis = autobiography















