Cé nach mbeidh muintir na hÉireann ag dul go dtí na botháin vótála go dtí Dé hAoine, tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil an rás rite cheana féin. Dar leis an bpobalbhreith san Irish Times an tseachtain seo caite go raibh an bhearna idir Catherine Connolly agus Heather Humphreys chomh mór sin go raibh sé dodhéanta d’iarrthóir Fhine Gael an bhearna a dhúnadh.
Níos luaithe an tseachtain sin, chreid lucht tacaíochta Fhine Gael go raibh Humphreys ag feabhsú agus ag breith ar Connolly diaidh ar ndiaidh.
Ach a mhalairt de scéal a bhí ann i ndáiríre, dar leis na torthaí a foilsíodh. Bhí beagnach 38 faoin gcéad de sciar na tacaíochta slánaithe ag Connolly, i gcomparáid le 20 faoin gcéad ag Humphreys.
Cé go raibh níos mó ná seachtain fágtha go dtí lá na vótála, ní raibh aon amhras ach go raibh na figiúirí seo cinniúnach.
RM Block
Fiú nuair a cuireadh san áireamh go raibh a lán daoine fós idir dhá chomhairle agus nach raibh a n-intinn déanta suas acu, bhí an bhearna chomh mór sin nach ndéanfadh sé aon difríocht.
Tá an port seinnte. Tá deireadh le deis Humphreys. Tá a ceann scríbe deiridh bainte amach aici cheana féin.
Tar éis do Jim Gavin tarraingt amach as an rás, bhí daoine bainteach le cosmhuintir Fhianna Fáil fós ag rá go vótálfaidís dó, ós rud é go raibh a ainm fós ar an mbileog vótála. Nuair a ceapadh go mbeadh na hiarrthóirí gar dá chéile, bhí a lán tuairimíochta ag dul timpeall go mb’fhéidir go mbeadh an dara comhaireamh ann agus go gcabhródh aistrithe Gavin le Humphreys dul thar Catherine Connolly.
Ach ní raibh ann sin ach áiféis.
Ba í Connolly an chéad duine a dhearbhaigh go raibh sí chun seasamh don phost ag tús an tsamhraidh. Cé gur cheap daoine go ndéanfadh sí go maith, ní raibh mórán daoine ag tús an fheachtais ag tuar go mbuafadh sí an rás. Bhíodar go léir ag fanacht le go bhfeicfidís cé na fathaigh a roghnódh Fine Gael, Fianna Fáil agus Sinn Féin.
Bhí láithreacht Connolly ar na hardáin shóisialta - Facebook, Instagram, TikTok - chomh láidir sin gurbh ise an t-aon iarrthóir a bhí inaitheanta ag an aos óg.
Ach, gan coinne ar bith, thosaigh na páirtithe móra ag snámh in aghaidh easa. Bhí comórtas ag Fine Gael agus ní raibh sé de dhánacht ag aon iarrthóir eile seasamh in aghaidh Mairéad McGuinness. Ach ansin, tháinig sé aniar aduaidh ar an bpáirtí nuair a d’fhógair McGuinness go raibh sí ag seasamh siar ón rás ar chomhairle leighis.
Gan mórán moille, thiontaigh Fine Gael i dtreo iar-aire sinsearach a raibh an stádas ard céanna aici i measc a comhghleacaithe is a bhí ag an iarChoimisinéir McGuinness. Thug Simon Harris le fios gurbh ise a rogha féin mar iarrthóir ón gcéad lá. Bhí an líon tacaíochta chomh mór sin aici ón bpáirtí parlaiminte nach raibh Seán Kelly in ann a dhóthain ainmniúchán a bhailiú chun dul isteach sa chomórtas fiú. D’fhág sin gur roghnaíodh Humphreys d’aon ghuth.
Ach an raibh sí chomh tarraingteach le McGuinness mar iarrthóir? Agus nach raibh sí beagáinín meirgeach ó thaobh na hiomaíochta de, ós rud é go raibh sé beagnach bliain imithe ó chluiche na polaitíochta?
Bhí cur agus cúiteamh go leor ann laistigh d’Fhianna Fáil le linn an tsamhraidh agus Teachtaí ag clamhsán go raibh siad fágtha dall ag ceannairí an pháirtí maidir leis an straitéis iarrthóra. Sa deireadh thiar thall, tugadh le fios gurbh é Jim Gavin, iarbhainisteoir peile Bhaile Átha Cliath, an duine a bhí roghnaithe ag Micheál Martin agus ag a fhoireann shinsearach.
Ar an gcéad léamh, bhreathnaigh sé ar nós coup. Bhí an-cháil ar Gavin mar gheall ar an méid a bhí déanta aige mar shaighdiúir agus mar pheileadóir agus mar bhainisteoir peile. Ach faraor, ní raibh taithí ar bith aige ar shaol na polaitíochta. Agus cé go raibh éachtaí déanta aige, b’fhurasta a fheiceáil nach raibh bua na cumarsáide aige. Ón gcéad lá riamh ar an bhfeachtas bhí sé neirbhíseach agus stadach. Bhí a chur i láthair bocht agus leis an bhfírinne a rá níor fheabhsaigh sé pioc le linn an fheachtais.
Agus ansin thit an tubaiste mhór amach maidir leis an €3,330 nár aisíoc sé le tionónta siar in 2009. Nuair a cuireadh an scéal ar a súile d’Fhianna Fáil, dúirt Gavin leo nach raibh aon chuimhne aige ar easaontas idir é féin agus an tionónta. D’eisigh Fianna Fáil preasráiteas ag séanadh na líomhaintí. Ach nuair a chuaigh an t-iar-thionónta i dteagmháil le Fianna Fáil agus thug cruthúnas críochnúil, bhí a fhios ag pearsanra sinsir Fhianna Fáil go raibh an feachtas scriosta. Ní raibh aon teacht ar ais ann. Bhí Gavin imithe láithreach bonn.
Roimhe sin, tar éis an samhradh uilig a chaitheamh ag machnamh ar an gceist, chinntigh Sinn Féin ar thoirt an pháirtí a chur taobh thiar de Connolly. Leis sin, bhí tacaíocht aici ó na páirtithe go léir ar an eite chlé. Chomh maith leis sin, bhí luas aici. Fiú nuair a bhí Gavin agus Humphreys beirt fós sa rás bhí sí san iomaíocht, agus ag cruthú go láidir.
Ar ndóigh chabhraigh sé go mór le cúis Connolly go raibh iarrthóir Fhianna Fáil fíorlag, agus nach raibh Humphreys sách láidir le linn na chéad choicíse. Ach chun a ceart a thabhairt di, bhí a feachtas féin ag treabhadh ar aghaidh go tréan. Baineadh úsáid as an leabhar beartaíochta céanna a úsáideadh don reifreann ginmhillte in 2018. Baineadh úsáid cliste as na meáin shóisialta, as físeáin go háirid. Bhí branda faoi leith - deartha go cliste - ag an bhfeachtas. Bhí láithreacht Connolly ar na hardáin shóisialta - Facebook, Instagram, TikTok - chomh láidir sin gurbh ise an t-aon iarrthóir a bhí inaitheanta ag an aos óg.
In éindí leis sin, tá sí ar fheabhas á cur í féin in iúl. Bhí sí ar a compord sna díospóireachtaí beo - d’fhan sí méiniúil, bhí sí snasta, níor chuir aon cheist as di. Agus tá dearcthaí radacacha conspóideacha aici - ní dhearna sí aon iarracht iad a chur faoi cheilt. Ach is é an rud a bhí ann ná gur chuma sa sioc faoi na dearcthaí sin. Ní airíonn daoine na rudaí céanna faoi thoghchán uachtaránachta agus a airíonn faoi olltoghchán. A lán de na daoine a chaithfidh vóta do Connolly, ní bheidís ar aon intinn léi maidir lena dearcadh ar chúrsaí idirnáisiúnta agus ní thugaidís tacaíocht dá meon polaitíochta. Ach tugann siad neamhaird orthu sin mar go gcreideann siad go bhfuil mianach Uachtaráin mhaith inti agus go n-oireann sí níos fearr don ról ná a céile comhraic. Sórt macasamhail, nó b’fhéidir, macalla de Mhicheál D Ó hUiginn. Duine ag a bhfuil dearcthaí aduaine ach, ag an am céanna, duine ionraic.